An ceart a bheith dílis duit féin
![diverse group of people](/sites/default/files/styles/embed_large/public/2023-12/Diverse%20group%20of%20people.png?itok=_C18rcXg)
I gcás roinnt daoine agus pobal san Eoraip, is cuid dá saol laethúil é an t-idirdhealú ar bhonn gnéis, bunadh ciníoch nó eitneach, míchumais, aoise nó gnéaschlaonta.
Tá sé d’inniúlacht ag an Aontas Eorpach an t-idirdhealú ar na forais sin a chomhrac. Tá sé ag déanamh amhlaidh trí reachtaíocht a chur chun tosaigh a bhfuil sé d’aidhm aici daoine a chosaint ar idirdhealú agus trí réimse leathan gníomhaíochtaí a dhéanamh chun an t-ionchuimsiú agus an éagsúlacht a chur chun cinn.
Conas a bhraitheann na hEorpaigh an t-idirdhealú
Sa suirbhé Eorabharaiméadair is déanaí a foilsíodh in 2023, léiríodh go measann os cionn leath de na freagróirí go bhfuil an t-idirdhealú ann go forleathan ina dtír féin. Sa bhreis air sin, dúirt 21% de na freagróirí gur bhraith siad go ndearnadh idirdhealú nó ciapadh orthu le bliain anuas.
An céatadán de na hEorpaigh a mheasann go bhfuil an t-idirdhealú ann go forleathan ina dtír féin ar na forais seo a leanas:
![poster protest for the Roma community](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-12/roma.png?itok=DxFS_369)
![mixed race couple walking in a bridge](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-12/mixed-race%20couple.png?itok=6CibSqqx)
![a mother and a son](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-12/ethnic%20origin.png?itok=q4V66FoF)
![a lesbian couple walking in the park](https://commission.europa.eu/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2023-12/sexual%20orientation.png?itok=DjmIlH5o)
An méid atá á dhéanamh ag an gCoimisiún
Tá an Coimisiún ag gníomhú i roinnt réimsí chun dul i ngleic leis an idirdhealú, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tacaíocht a thabhairt do shaineolaithe agus d’eagraíochtaí chun an t-idirdhealú ar an láthair a chomhrac
- gníomhaíochtaí a dhéanamh chun feasacht a mhúscailt agus chun an comhionannas agus an t-ionchuimsiú a chur chun cinn
- maoiniú a thabhairt do ghníomhaíochtaí agus do thionscadail atá dírithe ar an bhfrith-idirdhealú lena gcuirtear chun cinn an neamh-idirdhealú, an comhionannas, an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú
- comhordú a dhéanamh in éineacht le tíortha an Aontais ar dhréachtú agus ar chur chun feidhme obair Ardán an Aontais Eorpaigh le haghaidh Cairteacha um an Éagsúlacht
An comhionannas agus an éagsúlacht a chur chun cinn
Gach bliain, seolann an Coimisiún réimse tionscnamh arb é is aidhm dóibh údaráis áitiúla, saoránaigh agus eagraíochtaí a thabhairt le chéile chun an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú a chur chun cinn agus chun feasacht a mhúscailt maidir leis na tairbhí a bhaineann leis an éagsúlacht agus an t-ionchuimsiú. Féach ar chuid de na gníomhaíochtaí is déanaí:
Cairteacha um an Éagsúlacht
Tá an Coimisiún Eorpach ag obair go dlúth le fada an lá le cuideachtaí, idir phríobháideach agus phoiblí, chun an éagsúlacht a chothú san ionad oibre. Déanann sé amhlaidh trí Ardán an Aontais Eorpaigh le haghaidh Cairteacha um an Éagsúlacht.
Tá na mílte eagraíocht ar fud an Aontais ina sínitheoirí cheana féin ar cheann de na 26 Chairt Náisiúnta um an Éagsúlacht agus tairbhíonn siad dá saineolas agus dá dtacaíocht agus beartais éagsúlachta á gcur chun feidhme acu.
Is ar an leibhéal náisiúnta a bhainistítear na Cairteacha um an Éagsúlacht agus tá Cairt amháin ann in aghaidh gach tíre. Le chéile, tá breis agus 15,400 sínitheoir acu (eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, ceardchumainn, údaráis áitiúla) a chumhdaíonn thart ar 17 milliún fostaí.
Chun bheith ina sínitheoirí, shínigh na heagraíochtaí doiciméad (cairt um an éagsúlacht), inar leagadh amach a dtiomantas don éagsúlacht agus do chomhdheiseanna a chur chun cinn ina n-ionad oibre.
Feasacht a mhúscailt
Níl ach aon trian de shaoránaigh an Aontais ar an eolas go bhfuil siad cosanta go dlíthiúil ar idirdhealú de chineál ar bith. Chun feasacht a mhúscailt ar fud an Aontais, tá an Coimisiún ag tacú le heagraíochtaí a chuireann daoine ar an eolas faoina gcosaintí ar idirdhealú ar bhonn bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiúin nó creidimh, míchumais, aoise, inscne nó gnéaschlaonta, i measc nithe eile.
Ar na tionscnaimh múscailte feasachta tá:
- Páipéar saincheiste nua: ag dul i ngleic le claontacht agus idirdhealú san oideachas agus san oiliúint agus tríothu
- Oiliúint maidir le Comhionannas Inscne a reáchtálann an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne
Tacaíonn an Coimisiún freisin le líonra comhlachtaí comhionannais a chuireann cúnamh ar fáil do dhaoine a ndearnadh idirdhealú orthu.
Maoiniú
Tacaíonn an tAontas le heagraíochtaí atá ag obair ar son an chomhionannais tríd an gclár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna (CERV) i measc eagraíochtaí eile. Tá an clár dírithe ar cheithre phríomhréimse:
- an comhionannas agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn
- rannpháirtíocht agus rannpháirteachas na saoránach a chur chun cinn
- an foréigean a chomhrac, an foréigean inscnebhunaithe san áireamh
- luachanna an Aontais a chosaint agus a chaomhnú
Tuilleadh eolais maidir le tionscadail mhaoinithe
![Anti-racism illustrations](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-044147/00-01.jpg?itok=HBeoAYTj)
Samhail a chruthú d’údaráis phoiblí chun coireanna fuatha a chomhrac
![Demography in the EU, ages 20-30 - Portugal](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-051724/00-02.jpg?itok=QERXje_P)
An t-ionchuimsiú sóisialta agus comhdheiseanna do dhaoine óga a chur chun cinn
![Young people in Milan](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/avportal/P-045507/00-07.jpg?itok=RiTqCqf_)
Ambasadóirí Óige ar son Cosc ar an bhForéigean Inscnebhunaithe
Do chearta in aghaidh an idirdhealaithe
San Aontas Eorpach, tá cosc ar an idirdhealú ar fhoras ar bith, mar a shonraítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
Tá réimse dlíthe agus treoracha ann chun tú a chosaint ar idirdhealú ar fhorais éagsúla, lena n-áirítear:
- Cine nó bunadh eitneach
- Reiligiún, creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh
- Cóir chomhionann d’fhir agus do mhná ó thaobh fostaíochta agus gairme de agus ó thaobh rochtain ar earraí agus seirbhísí nó soláthar earraí agus seirbhísí de
- Togra le haghaidh cóir chomhionann idir daoine gan beann ar reiligiún, creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh
Tá sé de cheangal ar na Ballstáit Cairt an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh agus dlí an Aontais á chur i bhfeidhm acu. Is iondúil freisin go dtugtar cosaint do chearta bunúsacha le bunreacht do thíre féin. Má bhraitheann tú go bhfuil sárú á dhéanamh ar do chearta comhionannais, féach conas is féidir leat gearán a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta.