
I dtírdhreach casta an lae inniu ó thaobh an tsaoil dhigitigh agus na meán de, ní mór do shaoránaigh a bheith níos athléimní i gcoinne na bréagaisnéise. D’fhéadfadh litearthacht meán cumarsáide a bheith cuidiúil, trí smaointeoireacht chriticiúil a fheabhsú agus cabhrú le saoránaigh nascleanúint níos fearr a dhéanamh ar eolas, go háirithe ar líne, agus an bhréagaisnéis a shainaithint agus cur ina coinne. Idir an 24 agus an 31 Deireadh Fómhair, déanaimid an tSeachtain Dhomhanda Litearthachta sna Meáin agus san Fhaisnéis a cheiliúradh, ócáid chun aird a dhíriú ar a thábhachtaí atá sé litearthacht meán agus faisnéise a chur chun cinn do chách.
Tacaíonn an tAontas le tíortha an Aontais agus leis an tsochaí shibhialta maidir le bearta a dhéanamh lena bhforbraítear scileanna litearthachta meán agus éascaíonn an Coimisiún comhroinnt dea-chleachtas. Forbraíodh treoirlínte agus sraitheanna straitéisí freisin do mhúinteoirí chun cabhrú leo an litearthacht dhigiteach a chinntiú tríd an oideachas.
I gcomhthéacs na dtoghchán Eorpach in 2024, d’eisigh an Coimisiún roinnt táirgí múscailte feasachta freisin lena n-úsáid go forleathan agus go leanúnach ag saoránaigh agus gairmithe, agus reáchtáil sé feachtas uile-Aontais, in éineacht le Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc.
Tugann an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) seiceálaithe fíricí, an lucht acadúil agus páirtithe leasmhara ábhartha eile le chéile freisin. Le tacaíocht ón gCoimisiún, cuidíonn EDMO le dea-chleachtais a shainaithint i réimse na litearthachta meán cumarsáide, le malartú eolais a chur chun cinn agus le feachtais feasachta a reáchtáil.
Bagairt thromchúiseach ar an daonlathas agus ar ár sochaithe is ea iad an bhréagaisnéis, an mhífhaisnéis, agus ionramháil agus cur isteach eachtrach ar fhaisnéis. Aontaíonn 86% de mhuintir na hEorpa leis an méid sin, agus dar leo gur fadhb mhór don daonlathas é scaipeadh gasta na bréagaisnéise, de réir suirbhé de chuid an Aontais. Dá bhrí sin, beidh sé den ríthábhacht go leanúnach athléimneacht na sochaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise trí litearthacht meán cumarsáide chun cabhrú le saoránaigh idir óg agus aosta nascleanúint a dhéanamh ar thimpeallacht na nuachta nua-aimseartha agus cinntí eolasacha a dhéanamh.
Tuilleadh eolais
Athléimneacht na sochaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise
Cumarsáid straitéiseach agus an bhréagaisnéis a chomhrac
Tú féin a chosaint ar an mbréagaisnéis – leideanna praiticiúla agus ábhar praiticiúil
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 23 Deireadh Fómhair 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide