Le cogadh foghach na Rúise gan údar i gcoinne na hÚcráine, tá coinbhleacht ard-déine tar éis filleadh ar an mór-roinn seo againne. Sin é an fáth a bhfuil straitéis thionsclaíoch nua um an gcosaint Eorpach curtha chun cinn den chéad uair riamh. Leagtar amach inti fís shoiléir fhadtéarmach chun ullmhacht thionsclaíoch i réimse na cosanta a bhaint amach san Aontas Eorpach. Ní mór dúinn na córais agus an trealamh cosanta, agus na cainníochtaí atá de dhíth san áireamh, a bheith réidh againn nuair a bheidh gá leo. Leagtar amach sa Straitéis roinnt gníomhaíochtaí nua chun an méid sin a bhaint amach: tíortha an Aontais a spreagadh chun infheistíocht níos mó agus níos fearr a dhéanamh san Eoraip i dteannta a chéile. Cuirfear an méid sin chun cinn a bhuí le cláir nua chun ceannach agus oibriú le chéile ar bhealach níos éasca ar an leibhéal Eorpach. tionscal cosanta na hEorpa a dhéanamh níos láidre, níos freagrúla agus níos nuálaí. Déanfar bearta freisin chun tacú le taighde, borradh a chur faoin infheistíocht agus obair a dhéanamh ar shaincheisteanna feadh na slabhraí soláthair. Mar chuid de sin, osclófar Oifig um Nuálaíocht Cosanta i gCív. maoiniú chun an tionscal cosanta a ullmhú, trí Chlár Eorpach Infheistíochta nua um Chosaint ar fiú €1.5 billiún é, agus plé a dhéanamh ar riachtanais chosanta don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais dul i gcomhar le comhpháirtithe ar fud an domhain – mar shampla, beidh an Úcráin in ann páirt a ghlacadh i gcláir an Aontais um thionscal cosanta. Leagtar amach roinnt spriocanna sa Straitéis freisin. Faoi 2030, ba cheart do thíortha an Aontais an méid seo a leanas a dhéanamh: 40% ar a laghad den trealamh cosanta a cheannach trí oibriú le chéile an leathchuid ar a laghad dá mbuiséad soláthair cosanta a chaitheamh ar tháirgí a dhéantar san Eoraip ar a laghad 35% d’earraí cosanta a thrádáil idir tíortha an Aontais seachas le tíortha eile Cuideoidh an méid sin chun an tAontas a dhéanamh níos sábháilte agus níos athléimní. Ní hamháin go rachaidh sé chun tairbhe dúinn uile san Aontas, ach rachaidh sé chun tairbhe freisin do chomhghuaillithe tábhachtacha, ECAT agus an Úcráin san áireamh. Tuilleadh eolais Straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach Clár Eorpach Infheistíochta um Chosaint Preaseisiúint: An chéad straitéis thionsclaíoch um chosaint agus clár infheistíochta nua um chosaint chun ullmhacht agus slándáil na hEorpa a fheabhsú Bileog eolais maidir leis an Straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach Bileog eolais maidir leis an gClár Eorpach Infheistíochta um Chosaint Eoraip níos láidre sa domhan Sonraí Dáta foilsithe5 Márta 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide