Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta15 Bealtaine 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta chun an Eoraip a dhéanamh níos sláine

Computer screens displaying an illustration on cybersecurity

 

An saol atá againn sa lá atá inniu ann, is ag éirí níos dothuartha de shíor atá sé, agus cineál na mbagairtí atá ann ag athrú an t-am ar fad agus na géarchéimeanna ag éirí níos ilghnéithí. Ceithre bliana ó shin, gheall an tAontas go n-oibreodh sé ar a dhúshláin slándála inmheánacha agus sheachtracha nuair a ghlac sé Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála 2020-2025. 

Ó shin i leith, tá tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn á n-eisiúint ina bhféachtar ar cé chomh maith is atá ag éirí leis an Aontas an straitéis sin a chur chun feidhme agus an Eoraip a dhéanamh níos sláine. Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún a Seachtú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn.

Is fearr atá an tAontas in ann aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála anois ná mar a bhí in 2020, tar éis dó raon beart a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm chun na bagairtí sin atá ag teacht chun cinn a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. Léirítear é sin i dtuarascáil an lae inniu, ina ndéantar an dul chun cinn i gcúig phríomhréimse a mheas:

  • Bonneagar fisiciúil agus digiteach an Aontais a neartú: Tá bearta déanta ag an Aontas chun feabhas a chur ar chosaint an bhonneagair chriticiúil agus ar athléimneacht na n-eintiteas a oibríonn é, chun tionchar suaití ar sheirbhísí fíor-riachtanacha a sheachaint nó a mhaolú, agus d’atreisigh sé an creat dlíthiúil chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ar líne agus as líne atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.
  • An sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac: Glacadh sraith beart agus uirlisí chun tacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Is fearr is féidir leis an Aontas anois bagairtí sceimhlitheoireachta a réamh-mheas, a chosc, a chosaint agus freagairt dóibh.
  • An choireacht eagraithe a chomhrac: Tá bearta déanta ag an Aontas chun deireadh a chur le struchtúir na coireachta eagraithe agus chun dul i ngleic le bagairtí i réimsí amhail an chibearchoireacht, an gháinneáil neamhdhleathach ar dhrugaí agus ar earraí eile, smuigleáil imirceach agus an gháinneáil ar dhaoine, an choireacht chomhshaoil, an choireacht eacnamaíoch agus airgeadais agus an frithéilliú.
  • Forfheidhmiú an dlí agus an comhar breithiúnach a neartú: Ina measc sin tá rialacha nua i dtaca le heolas a mhalartú agus athbhreithniú ar chreat Prüm maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhar póilíneachta, rialacha nua maidir le Réamhaisnéis faoi Phaisinéirí agus ról níos láidre do Europol.
  • Comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta: Bíonn an tAontas níos sábháilte nuair a bhíonn a chomhpháirtithe níos sábháilte freisin. Le linn na bliana 2023 amháin, caitheadh thart ar €700 milliún chun cabhrú le hacmhainneachtaí tríú tíortha agus chun ár gcomhar leo a threisiú i dtaca leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac.

Tuilleadh eolais

Aontas Slándála na hEorpa

Eoraip níos sláine

Téacs Straitéis an Aontais Slándála 2020-2025

Preaseisiúint: Tuairiscíonn an Coimisiún ar an dul chun cinn foriomlán maidir leis an Aontas Slándála

Bileog eolais: Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh – príomhéachtaí

Físeán - Aontas Slándála: Saoránaigh, Bonneagar & an Daonlathas a Chosaint

Sonraí

Dáta foilsithe
15 Bealtaine 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide