Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 2 Iúil 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Plean an Aontais le bheith ina cheannaire domhanda sa chandam faoi 2030

A chip on display on the European Quantum Technologies Flagship stand

 

Tá straitéis curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach chun ceannaire domhanda sa teicneolaíocht chandamach a dhéanamh den Eoraip faoi 2030. Cuideoidh an straitéis leis an earnáil chandamach a fhorbairt, agus ceannaireacht eolaíoch na hEorpa á coinneáil ag an am céanna. Cuirfidh sé sin borradh freisin faoi iomaíochas, ceannasacht teicneolaíochta agus slándáil an Aontais.

Leis an straitéis, dírítear ar chúig réimse, is iad sin: taighde agus nuálaíocht, bonneagair chandamacha, neartú éiceachóras, teicneolaíochtaí spáis agus dé-úsáide, agus scileanna candamacha. Sainaithníodh gníomhaíochtaí sonracha chun cuspóirí na straitéise a chomhlíonadh, cuir i gcás: 

  • tionscnamh taighde agus nuálaíochta candamach na hEorpa a sheoladh
  • saoráid um dhearadh candamach agus sé líne phíolótacha de shliseanna candamacha a bhunú
  • saoráid phíolótach d’idirlíon candamach na hEorpa a sheoladh
  • líonra na mBraislí Inniúlachta Candamaí a leathnú ar fud an Aontais agus an t-acadamh Eorpach um scileanna candamacha a bhunú in 2026
  • treochlár teicneolaíochta candamaí sa spás a fhorbairt le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa agus rannchuidiú le treochlár teicneolaíoch um armáil na hEorpa

Faoi 2040, meastar go gcruthóidh an earnáil chandamach na mílte post ardoilte ar fud an Aontais agus go sáróidh sí luach domhanda €155 bhilliún. Ní hamháin sin, ach leis an dul chun cinn i dteicneolaíochtaí candamacha beifear in ann rudaí a dhéanamh nach féidir a dhéanamh sa lá atá inniu ann – ó ghalair a dhiagnóisiú ar bhealach níos tapúla go tascanna ríomhaireachta casta a dhéanamh.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar anois le Ballstáit den Aontas agus le comhphobal candamach na hEorpa chun cuspóirí na straitéise a fhíorú. Tiocfaidh togra le haghaidh gníomh candamach tar éis na straitéise, a bhfuiltear ag súil leis in 2026, lena neartófar a thuilleadh an t-éiceachóras candamach agus iarrachtaí tionsclaithe.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: straitéis seolta ag an gCoimisiún chun ceannaire candamach a dhéanamh den Eoraip faoi 2030

Ceisteanna agus freagraí

Bileog eolais

An Straitéis Eorpach Chandamach

Sonraí

Dáta foilsithe
2 Iúil 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide