Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Na meáin shóisialta: nasc a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach

Lean an Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta

Cuireann an Coimisiún Eorpach a chuid oibre i láthair ar a chuntais éagsúla ar roinnt meáin shóisialta a úsáidtear go forleathan. Iarraimid ort páirt a ghlacadh i gcomhráite ar ár gcuntais agus ár n-ábhar a chomhroinnt.

Beartas modhnóireachta i ndáil leis na meáin shóisialta

Cé gur mór againn na dearcthaí agus na tuairimí éagsúla a nochtar, ní ghlacfaimid le nótaí tráchta atá maslach iontu féin ná le nótaí tráchta ar léir iad a bheith maslach do dhaoine eile. 

Iarraimid ort caint ghríosaitheach tharcaisneach mhaslach a sheachaint. Iarraimid ort meas a bheith agat ar úsáideoirí eile agus ar na prionsabail bhunúsacha atá i gcoiteann againn. Níl aon ghlacadh againn leis an gciníochas, leis an tseineafóibe, ná le hidirdhealú atá bunaithe ar reiligiún, ar bhunadh eitneach, ar inscne ná ar ghnéaschlaonadh agus a leithéid. Ní ghlacaimid le haon ghríosú chun foréigin.

Ina theannta sin, iarraimid ort nótaí tráchta a phostáil a chloíonn le hábhar ár bpostálacha. Is féidir naisc chuig leathanaigh eile a chomhroinnt, ach iarraimid ort gan nótaí tráchta nach bhfuil ach naisc iontu a phostáil.

Ní ghlacfar le turscar. Forchoimeádaimid an ceart chun modhnóireacht a dhéanamh ar na nótaí tráchta uile nach n-urraíonn na treoirlínte seo.

Féachaimid le freagra a thabhairt ar an oiread ceisteanna is féidir, a luaithe is féidir. Mura bhfuair tú freagra ar do cheist go fóill, cuir sin in iúl dúinn ag comm-social-media-teamatec [dot] europa [dot] eu (comm-social-media-team[at]ec[dot]europa[dot]eu).

Grianghraif

Mura dtugtar a mhalairt le fios, is ag an Aontas Eorpach atá an cóipcheart ar gach aon ghrianghraf a fhoilsítear ar ár mbealaí cumarsáide. Is féidir grianghraif a ngabhann an lipéad "©An tAontas Eorpach" leo a úsáid gan srian ach an fhoinse a admháil. Ní féidir iad a úsáid chun críoch tráchtála ná go maslach.

Ceisteanna

Má tá ceisteanna agat faoin gCoimisiún Eorpach agus faoina ghníomhaíochtaí, déan teagmháil linn

Cosaint sonraí ar na meáin shóisialta

Séanadh ginearálta

Baineann an Coimisiún Eorpach úsáid as na meáin shóisialta chun a chuid oibre a chur i láthair ar na bealaí cumarsáide sin a úsáidtear go forleathan.

Trínár suíomh gréasáin, is féidir rochtain dhíreach a fháil ar chuntais an Choimisiúin Eorpaigh ar na meáin shóisialta.

Chun do phríobháideachas a chosaint, ní shocraítear fianáin leis na cnaipí atá ar ár gcuntais ar na meáin shóisialta chun nascadh leis na seirbhísí sin nuair a lódáiltear ár leathanaigh ghréasáin ar do ghléasanna, ná ní atreoraítear thú go díreach chuig na meáin shóisialta ná chuig suíomhanna gréasáin eile. Má chliceálann tú chun atreorú chuig cainéal nó suíomh gréasáin seachtrach ar na meáin shóisialta, d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh na hardáin sin ort glacadh lena sainroghanna fianán. 

Tá a bheartas féin ag gach ardán ar na meáin shóisialta maidir leis an gcaoi a bpróiseáiltear do shonraí pearsanta nuair a osclaíonn tú na suíomhanna atá acu. Mar shampla, má shocraíonn tú féachaint ar cheann dár bhfíseáin ar YouTube, iarrfar ort toiliú sainráite a thabhairt glacadh le fianáin de chuid YouTube; más ar Twitter a bhreathnaíonn tú ar ár ngníomhaíochtaí Twitter iarrfar ort toiliú sainráite a thabhairt glacadh le fianáin de chuid Twitter; is é an dála céanna é i gcás ár ngníomhaíochtaí ar LinkedIn, Facebook, Instagram agus Spotify.

Má bhíonn aon ábhar imní nó aon cheist agat faoin gcaoi a n-úsáidtear do shonraí pearsanta, ba cheart duit beartais cosanta sonraí na suíomhanna sin a léamh go cúramach sula mbainfidh tú úsáid astu.

Is chun críoch faisnéise, agus chun na gcríoch sin amháin, iad na smaointe agus na tuairimí a nochtann an Coimisiún Eorpach ar na meáin shóisialta. Ní mheasfar aon chumarsáid a dhéantar ar na meáin shóisialta a bheith ina fógra dlíthiúil ná oifigiúil thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh.

Ráiteas príobháideachais maidir le cosaint sonraí

Féach ár ráiteas cosanta sonraí i ndáil leis na meáin shóisialta.

26 BEALTAINE 2020
Privacy statement: protection of your personal data

Tionscnaimh an Choimisiúin ar na meáin shóisialta

Is minic a sheolaimid tionscnaimh chun teagmháil a dhéanamh le daoine ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain.

#AskThePresident

Ask President von der Leyen

Is deis ar leith é #AskThePresident do cheist a chur ar an Uachtarán Ursula von der Leyen. Ba cheart ceisteanna ar líne a chur isteach i bhformáid físeáin (30 soicind ar a mhéad) trí Facebook, Instagram, Twitter nó le ríomhphost. Roghnófar ceisteanna de réir cháilíocht an fhíseáin agus de réir ábharthacht na ceiste le haghaidh seisiún ceisteanna agus freagraí leis an Uachtarán a dhéanfar a thaifeadadh.

Ní mór do rannpháirtithe atá faoi bhun 18 mbliana d'aois cead tuismitheora a fháil i scríbhinn agus é a chur isteach in éineacht leis an bhfíseán.

#AskThePresident – téarmaí agus coinníollacha

2 FEABHRA 2022
Téarmaí agus coinníollacha