Forléargas
Tá taithí nach beag ag an gCoimisiún Eorpach ar mheastóireacht a dhéanamh ar a thionscadail um chomhar forbartha. Aithníonn an Coimisiún go bhfuil an mheastóireacht ar a idirghabhálacha ríthábhachtach ionas go mbeidh a ról i gcomhar forbartha níos éifeachtaí.
Sa lá atá inniu ann, éilíonn páirtithe leasmhara maidir le cabhair um fhorbairt agus an pobal i gcoitinne araon tuilleadh trédhearcachta ón Aontas Eorpach faoina chomhar le tíortha atá i mbéal forbartha, rud a fhágtar go bhfuil grinnscrúdú ar thorthaí na ngníomhaíochtaí sin á mhéadú.
Tá sé tábhachtach dá réir sin creat soiléir trédhearcach a bheith ag an gCoimisiún ionas gur féidir meastóireacht neamhspleách a dhéanamh.
Cuspóir na meastóireachta
Sa mheastóireacht tugtar breithiúnas ar thorthaí gníomhaíochtaí poiblí d’fhonn a gcomhfhoirmeacht le cuspóirí socraithe a sheiceáil. Tá dhá phríomhchuspóir ag an meastóireacht:
- foghlaim conas éifeachtacht idirghabhálacha a mhéadú: cuidíonn ceachtanna a fhoghlaimítear de bhun taithí leosan a ullmhaíonn straitéisí agus tionscadail agus a chuireann cabhair chun feidhme
- cuntasacht do pháirtithe leasmhara an chláir agus do cháiníocóirí: cuidíonn meastóireacht cuntasacht a mhéadú maidir le húsáid acmhainní agus na dtorthaí arna mbaint amach trí fheidhmíocht cabhrach a chur i gcomparáid lena cuspóirí bunaidh.
Na cineálacha meastóireachta agus dualgas
Déanann an Coimisiún Eorpach meastóireachtaí ar leibhéil éagsúla:
- Meastóireachtaí tionscadail agus cláir: Déantar na meastóireachtaí sin ar leibhéal idirghabhála. Cuireann siad tuiscint dhomhain ar fáil ar fheidhmíocht an tionscadail/an chláir agus ar na ceachtanna atá le foghlaim don todhchaí. Faoi chúram thoscaireachtaí an Aontais nó an aonaid oibríochtúil atá i gceannas ar an tionscadal/gclár atá na meastóireachtaí.
- Meastóireachtaí straitéiseacha: Sna meastóireachtaí straitéiseacha déantar measúnú ar thorthaí na mbeartas geografach, earnála/téamach, agus ionstraimí, i leith tréimhse nach gearr. Rannchuidíonn na meastóireachtaí le cuntasacht trí mheasúnú a dhéanamh ar cháilíocht chabhair um fhorbairt de chuid an Aontais ar an iomlán agus moltaí agus ceachtanna a chur ar fáil maidir le ceapadh beartas agus cláreagrú. Déanann láraonad meastóireachta na hArd-Stiúrthóireachta um Chomhar Idirnáisiúnta agus Forbairt, a choimeádann clár oibre foilsithe, iad a bhainistiú.