Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Comhoibrigh mar Aoi ar an ardán digiteach M365

Conas comhoibriú le foireann an Choimisiúin Eorpaigh trí úsáid shlán a bhaint as na seirbhísí digiteacha M365 atá ar fáil. 

Cé dó an leathanach seo?

Má bhíonn tú ag comhoibriú leis an gCoimisiún Eorpach is dócha go mbainfidh tú úsáid as an ardán digiteach M365. Tá treoracha anseo thíos faoi conas is féidir leat rochtain a fháil air.

Iarradh orm comhoibriú le foireann an Choimisiúin Eorpaigh. An chéad chéim eile?

Tá sé iarrtha ag ball d’fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh ort comhoibriú leis ar ardán digiteach M365 an Choimisiúin. Sa chás sin, ba cheart go mbeadh cuireadh faighte agat ar ríomhphost. Mura bhfeiceann tú i do bhosca isteach é, breathnaigh sa turscar nó sa dramhphost freisin.

Oscail an ríomhphost agus cliceáil ar ‘Oscail Teams’ nó ‘Glac leis an gCuireadh’. Tabharfaidh an próiseas treoir duit faoi conas do chuntas a fhíordheimhniú agus rochtain a fháil.

Logáil isteach

Chun an t-ardán M365 a rochtain, is gá duit logáil isteach agus tú féin a fhíordheimhniú mar aoi.

Ní bheidh tú in ann comhoibriú le foireann an Choimisiúin ar Teams nó dul isteach i gcruinniú ar Teams go dtí go mbeidh tú fíordheimhnithe ar an ardán M365.

Beidh an bealach a síneoidh tú isteach ag brath ar do sheoladh ríomhphoist agus ar an gcineál cuntais atá agat.

Na cineálacha éagsúla cuntas

Tá dhá chás ann:

  1. Más ag úsáid seirbhísí Microsoft (Office 365 nó Azure AD) atá tú, is féidir leat logáil isteach tríd an ngnáthmhodh fíordheimhniúcháin atá ag d’eagraíocht bhaile.

  2. Mura bhfuil cuntas agat le Microsoft, is féidir leat an fíordheimhniú a dhéanamh le pasfhocal aon uaire, sin nó cuntas Microsoft a chruthú agus an fíordheimhniú a dhéanamh le pasfhocal.

Logáil isteach le cuntas Microsoft:

Nóta: Má tá seoladh ríomhphoist agat a chríochnaíonn le Outlook, Hotmail nó Office, is féidir leat logáil isteach ar an ardán M365 agus in Teams le do chuntas ríomhphoist agus do phasfhocal. Is cuntais Microsoft iad go léir.

  • Tar éis duit cliceáil ar an gcnaipe corcra sa ríomhphost a fuair tú, iarrfar ort an seoladh ríomhphoist agus an pasfhocal a bhaineann le do chuntas Microsoft a chur isteach.
  • Má úsáideann tú Oifig 365 i d’eagraíocht, iarrfar ort an fíordheimhniú a dhéanamh mar is gnách – leis sin beidh tú in ann aistriú chuig ardán an Choimisiúin nuair is gá.
  • Tar éis duit an fíordheimhniú a dhéanamh, treorófar thú chuig ardán M365 an Choimisiúin

Aistriú idir na hardáin:

  • Tar éis duit a bheith curtha le hardán M365 an Choimisiúin, beidh tú in ann athrú chuige trí chliceáil ar do phictiúr próifíle agus ansin an Coimisiún Eorpach a roghnú.
    • Mura bhfeiceann tú ardán an Choimisiúin ar liosta na n-ardán atá ar fáil ar aip ghréasáin Teams, glan fianáin an bhrabhsálaí le do thoil.
    • Mura bhfeiceann tú ardán an Choimisiúin ar liosta na n-ardán atá ar fáil ar aip dheisce Teams, seans go mbeidh ort fanacht tamall. D’fhéadfadh sé go dtógfadh sé suas le cúpla lá chun an fíordheimhniú a phróiseáil. Má tá práinn leis, smaoinigh ar úsáid a bhaint as aip ghréasáin Teams nó taisce aip dheisce Teams a ghlanadh.

 Logáil isteach gan cuntas Microsoft:

  • Mura bhfuil cuntas Microsoft agat, coinnigh an cuireadh a fuair tú trí ríomhphost le go mbeidh tú in ann ceangal leis an bhfoireann arís sa todhchaí. Bealach tapa a bheidh ann duit chun an fíordheimhniú a dhéanamh arís go héasca.
  • Má chailleann tú an ríomhphost, iarr ar do theagmhálaí sa Choimisiún thú a bhaint den fhoireann agus cuireadh nua a sheoladh chugat.

Logáil isteach le pasfhocal aon uaire:

  • Ar an mbosca dialóige ‘Logáil isteach’, cliceáil ar ‘Seol cód’.

  • Agus sin déanta agat gheobhaidh tú cód chun cuntas a fhíordheimhniú. ‘Pasfhocal aon uaire’ a thugtar ar an gcineál fíordheimhnithe sin. Déan an cód a chóipeáil.

  • Cuir an cód a chóipeáil tú isteach sa bhosca dialóige fíordheimhniúcháin agus cliceáil ar ‘Logáil isteach’.

  • Athbhreithnigh an cead agus cliceáil ar ‘Glac leis’.

Comhoibriú vs. Cumarsáid

Is féidir cumarsáid a dhéanamh (teachtaireachtaí meandracha, closghlaonna agus físghlaonna) le foireann an Choimisiúin má tá Oifig 365 á úsáid ag d’eagraíocht bhaile, agus más féidir cumarsáid a dhéanamh faoin gcumraíocht rochtana seachtraí atá ann. Is leor rochtain sheachtrach a úsáid chun páirt a ghlacadh i gcruinnithe. Mar sin féin, beidh cuntas aoi ar ardán M365 an Choimisiúin ag teastáil i gcónaí chun comhoibriú a dhéanamh (i bhfoireann nó chun postálacha a chomhroinnt agus chun bheith mar chomhúdair ar dhoiciméid).

Nóta do riarthóirí TF: Eagraíochtaí a úsáideann Office 365 agus ar mian leo cumarsáid a dhéanamh le foireann an Choimisiúin, tugtar cuireadh dóibh an tionónta ec.europa.eu a chur leis an liosta ceada i socruithe cónaidhme do thionónta agus aon socruithe eile a oiriúnú chun an rochtain sheachtrach a chumasú.

Tairseach na nAíonna

Nuair a bheidh gach céim comhlíonta agat agus tú logáilte isteach ar ardán M365 an Choimisiúin, beidh tú in ann rochtain a fháil ar Thairseach na nAíonna. Is ann a bheidh tú in ann do chuntas aoi a bhainistiú. Chun a chinntiú gur logáil tú isteach i gceart, déan iarracht Tairseach na nAíonna a rochtain. Má thagann teachtaireacht earráide aníos, déan deimhin de gur lean tú na céimeanna go léir a luaitear sa rannán ‘Logáil isteach’.