Mí Eorpach na Cibearshlándála 2024: #ThinkB4UClick - An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
  • Alt nuachta
  • 1 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Mí Eorpach na Cibearshlándála 2024: #ThinkB4UClick

Cybersecurity

 

Is feachtas bliantúil í Mí Eorpach na Cibearshlándála a chuireann feasacht ar chibearshlándáil agus dea-chleachtais ar líne chun cinn. Gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, bíonn na céadta gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa, comhdhálacha, ceardlanna, oiliúintí, seimineáir ghréasáin, cuir i láthair agus tuilleadh nach iad, chun oideachas a chur ar an bpobal faoi bhagairtí ar líne agus faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht dhigiteach.

Is é téama eagrán 2024 #ThinkB4UClick, agus díreoidh sé ar chosaint ar innealtóireacht shóisialta, ar treocht mhéadaitheach í lena n-úsáideann scamadóirí pearsanú, ríomhphoist fioscaireachtatairiscintí bréige chun cleas a imirt ar dhaoine gníomhaíochtaí ar leith a dhéanamh ar líne nó eolas íogair nó pearsanta a thabhairt. Is é is aidhm don fheachtas an chibearshlándáil a chur chun cinn i measc saoránach agus eagraíochtaí agus cuireann sé eolas ar fáil maidir le slándáil ar líne trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt. 

Oibríonn an tAontas i réimsí éagsúla chun cibear-athléimneacht a chur chun cinn. Is é is aidhm do Straitéis Chibearshlándála an Aontais athléimneacht in aghaidh cibearbhagairtí a chothú agus a chinntiú go mbainfidh saoránaigh agus gnólachtaí tairbhe as teicneolaíochtaí digiteacha iontaofa, agus le Gníomh an Aontais um Chibear-Dlúthpháirtíocht, tugtar chun cinn bearta nithiúla a chuirfidh ar chumas an Aontais freagairt ar bhagairtí agus ar ionsaithe.

In 2022 bhí ganntanas idir 260,000 agus 500,000 gairmí cibearshlándála ann ar fud an Aontais. I suirbhé a rinneadh le déanaí maidir le scileanna cibearshlándála, leagadh béim ar an ngá atá le feasacht a mhúscailt agus oiliúint a chur ar fáil i réimse na cibearshlándála. Chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna scileanna sin, seoladh an tAcadamh um Scileanna Cibearshlándála mar ardán ar líne, lena gcuirtear réimse cúrsaí scileanna cibearshlándála ar fáil atá inrochtana do chách ar fud na hEorpa.

Tuilleadh eolais

Mí Eorpach na Cibearshlándála

Laethanta Cibearshlándála 2024

Gníomhaíochtaí Cibearshlándála

Beartais Chibearshlándála

Eorabharaiméadar maidir le scileanna cibearshlándála

An tAcadamh um Scileanna Cibearshlándála

An tArdán maidir le Scileanna Digiteacha agus Poist Dhigiteacha

ENISA – Gníomhaireacht an Aontais um Chibearshlándáil

Sonraí

Dáta foilsithe
1 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide