Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Oiliúint gairmithe ceartais agus cleachtais oiliúna

Oiliúint i ndlí an Aontais a thabhairt do ghairmithe ceartais chun go gcuirfear an dlí i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud an Aontais agus go mbeidh muinín idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann.

Cuspóirí

Uirlis ríthábhachtach is ea gairmithe ceartais a oiliúint faoi dhlí an Aontais Eorpaigh chun a chinntiú go gcuirfear dlí an Aontais i bhfeidhm go ceart éifeachtach, chun muinín a chothú idir gairmithe ceartais in imeachtaí trasteorann agus chun tacú le cur chun feidhme luachanna agus phrionsabail an Aontais, amhail an smacht reachta.

Tar éis an dul chun cinn mór a rinneadh ó glacadh an straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach le haghaidh 2011-2020, chuir an Coimisiún Eorpach pacáiste nua cuimsitheach ar bun i leith oiliúint bhreithiúnach. San áireamh sa phacáiste chun an ceartas a nuachóiriú a glacadh an 2 Nollaig 2020 tá straitéis nua Eorpach um oiliúint bhreithiúnach le haghaidh 2021-2024, an 9ú tuarascáil bhliantúil (2020) maidir le hoiliúint bhreithiúnach Eorpach na hArd-Stiúrthóireachta um Cheartas agus Tomhaltóirí, agus seoladh an Ardáin Oiliúna Eorpaigh ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas.

An straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach le haghaidh 2021-2024

Is é is sprioc don straitéis nua agus do na huirlisí a ghabhann léi tacaíocht a thabhairt do níos mó córais cheartais agus gairmithe ceartais fós, iad a ullmhú do dhúshláin an 21ú haois agus do na hathruithe a bhíonn ag teacht de shíor ar dhlí an Aontais.

Sa straitéis nua tá spriocanna oiliúna uaillmhianacha nua agus tosaíochtaí nua leagtha amach:

  • Leagtha amach sa straitéis nua tá cuspóirí oibríochtúla nua atá saincheaptha do riachtanais gairmeacha ceartais éagsúla.
  • Tá sí dírithe ar spriocghrúpa oiliúna níos leithne agus raon geografach nua chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua i gcomhréir le riachtanais gairmithe ceartais.
  • Leis an oiliúint bhreithiúnach, ba cheart cur leis an méid atáthar a dhéanamh cheana féin chun cultúr an smachta reachta choitianta a chur chun cinn, bunchearta a chosaint, digitiú an cheartais a dhéanamh ar scála níos mó, gan fanacht i muinín oiliúint dlí a thabhairt, ach cur leis sin agus tacú le forbairt scileanna gairmiúla, agus, san am céanna, a chinntiú go gcuirfear tairiscintí oiliúna ar fáil go luath de réir mar a thiocfaidh riachtanais oiliúna chun cinn.
  • Tá tús áite tugtha d'oiliúint na mbreithiúna agus na n-ionchúisitheoirí, ach baineann an straitéis leis na gairmithe ceartais uile: baill foirne chúirte, dlíodóirí, nótairí, báillí, idirghabhálaithe, ateangairí agus aistritheoirí dlí, saineolaithe cúirte, agus i gcásanna áirithe, baill foirne phríosúin agus oifigigh phromhaidh. Go háirithe, tá oiliúint na mball foirne cúirte agus na ndlíodóirí ligthe chun deiridh agus ba cheart aghaidh a thabhairt uirthi. Is spriocghrúpa oiliúna nua iad baill foirne na bpríosún agus na hoifigigh phromhaidh nár cumhdaíodh faoin straitéis dheireanach.
  • Tá an straitéis dírithe ar ghairmithe ceartais de chuid an Aontais, ach tacaíonn sí freisin leis an seans atá ag na Balcáin Thiar a bheith ina mbaill den Aontas agus le tíortha eile lasmuigh den Aontas, go háirithe san Afraic agus i Meiriceá Laidineach i ndáil leis an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta a dhaingniú.
  • Tacóidh an Coimisiún Eorpach le tionscadail oiliúna trasteorann ardcháilíochta maidir le dlí an Aontais ar tionscadail iad a mhaoinítear as na cistí éagsúla de chuid an Aontais atá ar fáil, ar nós na gclár a bheidh ann maidir le Ceartas agus Saoránacht, Comhionannas agus Cearta agus Luachanna.

Comhdháil ardleibhéil an Aontais: ‘Oiliúint Bhreithiúnach: Na scileanna cearta chun glacadh le digitiú an cheartais’, an 26-28 Aibreán 2023

Tugtar aghaidh sa chomhdháil orthu siúd atá i gceannas ar oiliúint do bhreithiúna, ionchúisitheoirí, foireann na cúirte agus oifig an ionchúisitheora phoiblí, dlíodóirí, nótairí, báillí, baill foirne na bpríosún agus foireann promhaidh i mBallstáit an Aontais, sna tíortha is iarrthóirí agus sna tíortha is iarrthóirí ionchasacha. Díríonn sé go mion ar dhigitiú an cheartais, ceann de na tosaíochtaí a leagtar amach sa straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach 2021-2024.

Le linn 26 cheardlann speisialaithe agus sa seisiún iomlánach, pléitear sa chomhdháil conas ‘acmhainn dhigiteach’ na ngairmithe ceartais a uas-sciliú, agus foghlaimítear faoin tionchar a bhíonn ag an digitiú ar ábhar na hoiliúna agus ar an modheolaíocht oiliúna féin.  Is deis mhaith atá ann tuairimí a mhalartú maidir leis na riachtanais oiliúna nithiúla agus na dea-chleachtais.

Nasc chuig suíomh gréasáin na comhdhála: https://judicialtrainingdigitalisation.eu/

Comhdháil ardleibhéil an Aontais maidir le hoiliúint bhreithiúnach i dtaca leis an oiliúint tosaigh agus an urraim don smacht reachta, 22-23 Feabhra 2022

Mar chéim an-tábhachtach eile i gcur chun feidhme na straitéise Eorpaí um oiliúint bhreithiúnach do 2021-2024, thionóil Uachtaránacht na Fraince ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, École Nationale de la Magistrature (ENM) agus an Coimisiún Eorpach comhdháil hibrideach ardleibhéil dhá lá in Bordeaux an 22-23 Feabhra. Bhí an chomhdháil, dar teideal ‘Oiliúint Tosaigh Gairmithe Ceartais atá ag Freastal ar an Smacht Reachta’, dírithe ar oiliúint tosaigh bhreithiúnach agus ar an urraim don smacht reachta laistigh den Aontas Eorpach, go háirithe do ghiúistísí agus do dhlíodóirí. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhdháil, faoin bplé bríomhar a bhí ann sna seisiúin iomlánacha agus i roinnt mhaith meithleacha, agus faoi na gníomhaíochtaí nithiúla leantacha a tugadh chun críche le linn na comhdhála, caith súil ar thuarascáil na comhdhála:

7 MEITHEAMH 2022
Report of the conference on initial training and the respect for the rule of law 22/23 February 2022

Comhdháil dhigiteach ardleibhéil maidir le hoiliúint bhreithiúnach san Eoraip, 6-7 Bealtaine 2021

Mar chloch mhíle mhór i scaipeadh agus i gcur chun feidhme na straitéise nua Eorpaí um oiliúint bhreithiúnach do 2021-2024, thionóil Uachtaránacht na Portaingéile ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Centro de Estudos Judiciários (CEJ) na Portaingéile agus an Coimisiún Eorpach comhdháil dhigiteach ardleibhéil dar teideal ‘Córais Ceartais an Aontais a Nuachóiriú trí bhorradh a chur faoi oiliúint gairmithe ceartais’ an 6 agus an 7 Bealtaine 2021. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhdháil, faoin bplé agus faoi na díospóireachtaí torthúla, caith súil ar thuarascáil na comhdhála:

21 MEÁN FÓMHAIR 2021
Report of the digital conference on European judicial training 6/7 May 2021

An measúnú ar an straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach le haghaidh 2011-2020

Sa mheasúnú ar an straitéis Eorpach um oiliúint bhreithiúnach le haghaidh 2011-2020 a glacadh in 2019, léiríodh gur baineadh amach na cuspóirí go héifeachtach den chuid is mó. Chuir an straitéis leis an méadú ar líon na ngníomhaíochtaí oiliúna, ach, chomh maith leis sin, cuireadh cineálacha nua gníomhaíochta chun cinn léi, ar nós cláir mhalartaithe. Maidir le príomhchuspóir Theachtaireacht 2011, is é sin gur cheart don leathchuid (800,000) de ghairmithe ceartais an Aontais freastal ar oiliúint faoi dhlí an Aontais idir 2011 agus 2020, baineadh amach é cheana féin in 2017, dhá bhliain roimh an sprioc-am. Chuir an straitéis leis an bhfeabhsú ar an oiliúint faoi dhlí an Aontais i gcás roinnt catagóirí gairmithe ceartais, go háirithe breithiúna agus ionchúisitheoirí. Lena chois sin, leis an straitéis cuireadh le hacmhainneachtaí líonraí ar nós an Ghréasáin Eorpaigh um Oiliúint Bhreithiúnach agus daingníodh líonraí agus soláthraithe oiliúna atá ar leibhéal an Aontais.

Deiseanna oiliúna ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas

An gairmí ceartais thú? An spéis leat oiliúint a fháil faoi dhlí an Aontais? Tabhair cuairt ar an Ardán Oiliúna Eorpach nua atá ar an Tairseach. Is uirlis chuardaigh é an tArdán Oiliúna Eorpach lenar féidir le gairmithe ceartais teacht ar chúrsaí oiliúna faoi dhlí an Aontais a bheidh ar siúl san Aontas agus ar ábhar oiliúna chun féinoiliúint a dhéanamh. Cuireann an Coimisiún leis an ardán trí ábhair oiliúna a chur leis atá cothrom le dáta agus réidh le húsáid nó lámhleabhair a rinneadh a bhuí le tacaíocht airgeadais ón Aontas go háirithe. Tá soláthraithe oiliúna aitheanta a oibríonn ar leibhéal an Aontais páirteach i seoladh na chéad chéime den Ardán Oiliúna Eorpach: an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, Acadamh an Dlí Eorpaigh, an Institiúid Eorpach um Riarachán Poiblí agus an Institiúid Ollscoile Eorpach.

An beartas Eorpach um oiliúint bhreithiúnach agus na tuarascálacha bliantúla

Tabhair cuairt ar na leathanaigh maidir leis an oiliúint bhreithiúnach san Eoraip ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas chun tuilleadh eolais a fháil faoin mbeartas Eorpach um oiliúint bhreithiúnach agus na gníomhaithe a bhaineann leis.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi leibhéal rannpháirtíochta na ngairmithe ceartais san oiliúint bhreithiúnach faoi dhlí an Aontais, féach ar na tuarascálacha staidrimh ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas. Sna tuarascálacha staidrimh bliantúla déantar tomhas ar rannpháirtíocht gairmithe ceartais san oiliúint bhreithiúnach faoi dhlí an Aontais san Aontas agus cuidíonn siad chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn mór atá déanta.

Dea-chleachtais oiliúna

Maidir le soláthraithe oiliúna agus oiliúnóirí, gheobhaidh siad bileoga eolais ina bhfuil cur síos ar dhea-chleachtais i leith oiliúint a chur ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí ar an Tairseach Eorpach don ríomh-Cheartas. Cumhdaíonn na cleachtais sin raon mór ábhar, ón measúnú ar riachtanais oiliúna go dtí seachadadh agus measúnú na hoiliúna.

Tacaíocht airgeadais

Is le deontais a thacaítear le gníomhaíochtaí oiliúna. Tá tuilleadh eolas faoi thacaíocht airgeadais ón Aontas le fáil anseo:

Doiciméid

 

23 SAMHAIN 2020
EU Strategy on the Training of Justice Professionals for 2021 – 2024

 

20 NOLLAIG 2022
2022 Report on justice professional’s training on EU law (2021 data)

 

16 MEITHEAMH 2021
2021 Study on the training needs of court staff on EU law in the EU

 

16 MEITHEAMH 2021
2021 Study on the training needs of court staff on EU law in the EU - annexes

 

25 DEIREADH FÓMHAIR 2019
European Commission Staff Working Document on the Evaluation of the 2011 European judicial training strategy SWD(2019) 381

 

25 DEIREADH FÓMHAIR 2019
European Commission Staff Working Document on the Evaluation of the 2011 European judicial training strategy SWD(2019) 381 – Executive summary

 

16 BEALTAINE 2019
Analysis of the replies to the 2018 public consultation on training of justice professionals on EU law

 

16 BEALTAINE 2019
Analysis of the replies to the 2018 targeted consultation on training of justice professionals on EU law

 

 

22 IÚIL 2019
Deloitte. Evaluation of the 2011 European judicial training strategy. Final Report. May 2019

 

24 LÚNASA 2017
European Commission Communication "Building trust in EU-wide justice: a new dimension to European judicial training" COM(2011) 551 Final