Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An fhadbhreathnaitheacht straitéiseach

Cad atá i gceist leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach?

Is é atá i gceist le fadbhreathnaitheacht an disciplín lena dtuartar, lena múnlaítear agus lena ndéantar iniúchadh ar an todhchaí chun cuidiú linn intleacht chomhchoiteann a thógáil agus a úsáid ar bhealach atá struchtúrtha sistéamach chun forbairtí a thuar. Leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach áfach, féachtar chun an fhadbhreathnaitheacht a neadú i bpróiseas ceaptha beartas an Aontais Eorpaigh. Tógann sé ar an intleacht chomhchoiteann ar bhealach struchtúrtha córasach le cuidiú chun bealaí aistrithe féideartha a fhorbairt, an tAontas a ullmhú chun dul i ngleic le suaití agus an todhchaí atá uainn a mhúnlú.

Is éard a dhéantar leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach:

  • Treochtaí, rioscaí, saincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus na himpleachtaí agus na deiseanna féideartha a bhaineann leo a thuar chun léargas úsáideach a fháil le haghaidh pleanáil straitéiseach, ceapadh beartas agus ullmhachta.
  • Tionchar a imirt ar cheapadh tionscnamh nua de chuid an Choimisiúin agus athbhreithniú a dhéanamh ar na beartais atá ann faoi láthair i gcomhréir leis an mbosca uirlisí athchóirithe um Rialáil Níos Fearr de chuid an Choimisiúin;

Ní tuar na todhchaí a bhíonn i gceist leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach; féachann sí ar thodhchaíochtaí difriúla féideartha, in éineacht leis na deiseanna agus na dúshláin a d'fhéadfadh a bheith ag baint léi. Sa deireadh thiar thall, cuideoidh sí linn gníomhú san am i láthair chun an todhchaí atá uainn a mhúnlú.

Na príomhpháirtithe

Is é an Leas-Uachtarán Maroš Šefčovič an chéad chomhalta riamh de Choláiste na gCoimisinéirí a bhfuil an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach faoina chúram. Baineann cuid de mhisean an Leas-Uachtaráin le treoir a thabhairt i dtaca leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a leabú i gceartlár cheapadh beartas an Aontais. An Ard-Rúnaíocht agus an tAirmheán Comhpháirteach Taighde, is iad atá i gceannas ar an sainordú a chur chun feidhme (an tAirmheán ag baint úsáid as a inniúlachtaí fadbhreathnaitheachta inmheánacha). Déanann an Líonra Fadbhreathnaitheachta Straitéisí de chuid an Choimisiúin deimhin de chomhordú beartas fadtéarmach idir na hArd-Stiúrthóireachtaí go léir. Tá an Coimisiún ag cothú dlúthchomhar agus dlúth-chomhghuaillíochtaí fadbhreathnaitheachta le hinstitiúidí eile an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs an Chórais Eorpaigh um Anailís Straitéiseach agus Beartais (ESPAS). Tá sé ag obair freisin le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus ag forbairt comhpháirtíochtaí a bhaineann leas as cumas fadbhreathnaitheachta poiblí na mBallstát tríd an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais.

Tuarascálacha maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

Ullmhaíonn an Coimisiún Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach gach bliain lena gcuirtear faisnéis ar fáil atá ina treoir do Chláir Oibre an Choimisiúin agus do na gníomhaíochtaí clársceidealaithe ilbhliantúla. Déantar an ghníomhaíocht sin trí phróiseas rannpháirteach trasearnála, faoi stiúir sheirbhísí an Choimisiúin i gcomhairliúcháin leis na Ballstáit, i bplé leis an gCóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais (ESPAS) agus le páirtithe leasmhara seachtracha. 

Tuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach: Díríonn ‘An t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach a nascadh sa chomhthéacs geopholaitiúil nua’ ar an idirghníomhú idir an dá aistriú sin de chuid na hEorpa, agus san am céanna an tírdhreach geopholaitiúil suaiteach athraitheach ina bhfuil na haistrithe sin ag tarlú a chur san áireamh. Cuireann sé i dtábhacht an príomhról atá ag teicneolaíochtaí digiteacha i gcúig earnáil straitéiseacha de chuid na hEorpa arb iad is cúis leis an méid is mó d’astaíochtaí gáis ceaptha teasa: an fuinneamh, an t-iompar, an tionscal, an tógáil agus an talmhaíocht. Tugtar cur síos ann freisin ar 10 réimse gníomhaíochta atá ríthábhachtach chun sineirgí a uasmhéadú agus chun an teannas idir an dá aistriú a laghdú i dtreo 2050.

Tuarascáil 2022 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

I dTuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, tuarascáil dar teideal ‘Inniúlacht an Aontais Eorpaigh agus an tsaoirse chun gníomhú’, cuirtear i láthair dearcadh réamhbhreathnaitheach ildisciplíneach ar threochtaí tábhachtacha a dhéanfaidh difear don Aontas idir seo agus 2050, cuir i gcás: an t-athrú aeráide agus dúshláin eile, claochluithe teicneolaíochta, an brú atá ar an daonlathas agus ar luachanna, mar aon leis na hathruithe ar an ord domhanda agus ar an déimeagrafaíocht. Freisin, mar chuid den tuarascáil sainaithníodh 10 réimse inar féidir leis an Aontas an inniúlacht agus an tsaoirse chun gníomhú atá aige a neartú.

Tuarascáil 2021 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

I dTuarascáil 2020 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, tuarascáil dar teideal ‘An bealach chun cinn á leagan amach le haghaidh Eoraip atá níos athléimní’, rinneadh plé ann ar na chéad cheachtanna struchtúrtha a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19, agus míníodh ann an chaoi is féidir leis an bhfadbhreathnaitheacht athléimneacht fhadtéarmach na hEorpa a neartú i dtráth athruithe bunúsacha gasta. Rinneadh sin trí anailís a dhéanamh ar athléimneacht an Aontais thar cheithre réimse, is iad sin: an réimse sóisialta agus eacnamaíoch, an réimse geopholaitiúil, an réimse glas agus an réimse digiteach. Leis an tuarascáil cuireadh i láthair deaiseanna athléimneachta a fheidhmíonn mar uirlisí monatóireachta do lucht déanta beartas.

Tuarascáil 2020 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach

Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Aontais

Fógraíodh i dTuarascáil 2020 an Choimisiúin maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach gur seoladh Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Eorpach. Is é cuspóir an Líonra sineirgí a fhorbairt a bhaineann leas as cumais fadbhreathnaitheachta an riaracháin phoiblí trí shaineolas faisnéise agus fadbhreathnaitheachta a thabhairt le chéile ó gach Ballstát agus ón gCoimisiún Eorpach ar mhaithe le malartuithe straitéiseacha agus comhar i dtaca le saincheisteanna réamhbhreathnaitheachta atá ábhartha do thodhchaí na hEorpa. I measc na saincheisteanna sin tá an uathriail straitéiseach oscailte, an athléimneacht agus an cumas atá againn an t-aistriú glas digiteach cóir a bhaint amach.

Tá dhá leibhéal ag an Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Eorpach. ‘Airí don Todhchaí’ a ainmníonn gach Ballstát ar chuireadh ón Leas-Uachtarán Šefčovič agus a thagann le chéile go neamhfhoirmiúil uair amháin sa bhliain ar a laghad. Is é an misean atá acu plé a dhéanamh leis an gCoimisiún ar na príomhthosaíochtaí straitéiseacha le haghaidh chlár oibre fadbhreathnaitheachta straitéisí an Choimisiúin agus aontú fúthu, sin agus an dul chun cinn a mheas, na príomh-shaincheisteanna atá ábhartha do thodhchaí na hEorpa a phlé agus obair leantach a shocrú. Cuirtear an obair sin san áireamh go nádúrtha i gclársceidealú straitéiseach an Aontais.

Tá líonra oifigeach sinsearach ann ó riaracháin náisiúnta a thacaíonn le hobair na nAirí don Todhchaí. Tagann an líonra sin le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad chun na cruinnithe aireachta a ullmhú, chun obair leantach a dhéanamh ar a gconclúidí agus chun comhoibriú a dhéanamh i ngrúpaí oibre.

Tacaíocht a thabhairt do phróiseas ceaptha beartas an Aontais

Cuidíonn an Fhadbhreathnaitheacht Straitéiseach chun an próiseas ceaptha beartas a fheabhsú, straitéisí a sheasfaidh slán i bhfad na haimsire a fhorbairt agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil gníomhaíochtaí gearrthéarmacha comhleanúnach le cuspóirí fadtéarmacha trí úsáid a bhaint as roinnt teicnicí difriúla, cuir i gcás:

landscape

Faire na fáistine: scanadh córasach agus bailiúchán imeachtaí agus treochtaí, arb é an t-aschur dreachadh ar an todhchaí nó mapáil radhairc ar chomharthaí nua an athraithe

megatrends

Anailís ar olltreochtaí: anailís agus plé ar aistrithe ar phátrúin agus ar threochtaí a bhíonn ag idirghníomhú le chéile, arb é an t-aschur scéal na todhchaí (uatha) agus plean gníomhaíochta

frames

Pleanáil cásanna: próiseas idirghníomhach atriallach, a bhfuil agallaimh, anailís agus samhaltú mar chuid de, arb é an t-aschur sraith scéalta faoi thodhchaíochtaí sochreidte, bíodh siad fabhrach nó ná bíodh, agus conas a d'fhéadfaidís tarlú

objective

Samhlú: treo inmhianaithe a shainaithint, arb é an t-aschur comhthuiscint agus cur síos sonrach ar an todhchaí inmhianaithe agus treochlár meántéarmach lena mionsonraítear na gníomhaíochtaí sonracha le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo na físe

Leis an bhfadbhreathnaitheacht straitéiseach, tabharfar treoir don Choimisiún chun na sé phríomhuaillmhian de chuid an Uachtaráin von der Leyen a bhaint amach ar na bealaí seo a leanas:

  • Gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheachta a dhéanamh ar shaincheisteanna réamhbhreathnaitheacha le bealaí a fhiosrú chun na mianta a bhfuil cur síos orthu i dtosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin a bhaint amach, anailís a dhéanamh ar phríomhthreochtaí, ar rioscaí agus ar shaincheisteanna atá ag teacht chun cinn agus topaicí a shainaithint ar ceart don Aontas Eorpach spéis ar leith a léiriú iontu. Beidh Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach i measc na ngníomhaíochtaí sin. Ó 2021 i leith, bunófar ullmhúchán na tuarascála ar thimthriallacha fadbhreathnaitheachta iomlána atá nasctha le tosaíochtaí na n-aitheasc bliantúil ar Staid an Aontais, Cláir Oibre an Choimisiúin a thagann ina ndiaidh agus an clársceidealú bliantúil  
  • Tacú le Clár Oibre an Choimisiúin mar chuid den Chlár Oibre athbhreithnithe um Rialáil Níos Fearr. Ba cheart an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a chur san áireamh mar chuid de mhórthionscnaimh bheartais, agus deimhin a dhéanamh de go dtarraingíonn beartais an Aontais ar thuiscint shoiléir ar threochtaí amach anseo mar aon le saincheisteanna atá ag teacht chun cinn, ar chásanna féideartha agus ar dhúshláin ghaolmhara agus deiseanna gaolmhara. Mar shampla, d’fhorbair an Coimisiún cásanna fadbhreathnaitheachta lena gcuirtear i láthair fo-thacar todhchaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann in 2040 chun eolas díreach a chur ar fáil i dtaca leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bhFís Fhadtéarmach le haghaidh Ceantair Thuaithe.
  • Tacú leis an smaointeoireacht fhadbhreathnaitheach i measc lucht déanta beartas agus straitéisí fadtéarmacha a spreagadh maidir le príomh-shaincheisteanna beartas trí na nuachtlitreacha tiomnaithe ‘Foresight ON’, e.g. nuachtlitreacha maidir leis an intleacht shaorga agus leis an aistriú digiteach, amhábhair, an tslándáil, an tsláinte, sineirgí idir tionscail shibhialta, chosanta agus spáis, nó críocha Eorpacha.  Seachas nuachtlitreacha, cuireann an Coimisiún tuarascálacha fadbhreathnaitheachta tiomnaithe ar fáil freisin maidir le hábhair amhail Róil ghairmiúla Feirmeoirí amach anseo faoi 2040, todhchaí an Chustaim san Aontas Eorpach agus Poist ghlasa a bheidh i bpoist na todhchaí.
  • Bonn eolais a chur faoin gClár um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála, clár lena sainaithnítear deiseanna chun ualach rialála na hEorpa a laghdú agus a chuirtear san áireamh sa mheasúnú a dhéantar le féachaint an bhfuil dlíthe reatha an Aontais fós ‘oiriúnach don todhchaí’.

Na chéad chéimeanna eile

  • Comhar a fhorbairt laistigh den Líonra Fadbhreathnaitheachta uile-Eorpach, chun acmhainneacht fhadbhreathnaitheach a thógáil in údaráis riaracháin na mBallstát ar fud an Aontais.
  • Comhdháil an Chórais Eorpaigh um Anailís Straitéiseach agus Pholaitiúil (ESPAS) 2022.
  • Clár Oibre Fadbhreathnaitheachta Straitéisí an Choimisiúin a chur i bhfeidhm don timthriall beartais seo agus eolas a chur ar fáil do thionscnaimh i gClár Oibre an Choimisiúin.
  • Ullmhúcháin i leith Thuarascáil 2023 maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach.

Teagmháil

Má tá ceist ar bith agat, téigh i dteagmháil linn ag SG-FORESIGHTatec [dot] europa [dot] eu (SG-FORESIGHT[at]ec[dot]europa[dot]eu); JRC-FORESIGHTatec [dot] europa [dot] eu (JRC-FORESIGHT[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Doiciméid

22 FEABHRA 2023
Joint note for the 3rd meeting of Ministers for the Future

 

30 MEITHEAMH 2021
Speech by Vice-President Maroš Šefčovič at the España 2050 High-Level Foresight Event

 

1 SAMHAIN 2017
Strategic Foresight Primer

 

10 MEÁN FÓMHAIR 2019
President von der Leyen’s mission letter to Maroš Šefčovič