Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

eTranslation

Córas Meaisínaistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh

Aistriúchán ar líne

Is seirbhís cheannródaíoch meaisínaistriúcháin néaraigh é eTranslation atá á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach. Seoladh go hoifigiúil é an 15 Samhain 2017, agus tháinig sé in ionad MT@EC, an córas staidrimh a bhí ann roimhe sin.

Tá an leathanach gréasáin saor in aisce le húsáid agus tá sé ar fáil d’institiúidí an Aontais, údaráis riaracháin phoiblí, ollscoileanna, saoraistritheoirí an Aontais, fiontair bheaga agus mheánmhéide, eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha agus tionscadail atá á maoiniú ag an gClár don Eoraip Dhigiteach, atá lonnaithe i dtír san Aontas, san Íoslainn, san Iorua, i Lichtinstéin nó san Úcráin. Is gá clárú (féach Rochtain thíos). Cuireann eTranslation API seirbhíse gréasáin ar fáil freisin le haghaidh naisc meaisín le meaisín ó pháirtithe incháilithe.

Gnéithe Táirge

  • Ardslándáil – fanann na sonraí go léir a phróiseálann an córas laistigh de bhallaí dóiteáin an Choimisiúin agus ní féidir le daoine seachtracha iad a fheiceáil
  • Aistríonn sé ó aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais agus go dtí aon cheann acu, chomh maith leis an Araibis, an Ioruais, an Íoslainnis, an Rúisis, an tSeapáinis, an tSínis, an Tuircis agus an Úcráinis
  • Tá roinnt stíleanna aistriúcháin ar fáil (mar atá ‘fearainn’) sna réimsí seo a leanas: Teanga Fhoirmiúil an Aontais Eorpaigh, Téacs Ginearálta, Airgeadas, agus roinnt eile
  • Tacaíonn sé le gach formáid comhad oifige coiteann, .pdf san áireamh
  • Is féidir leis comhaid .tmx nó .xliff a chur ar fáil d’aistritheoirí gairmiúla

Caighdeán amh

Is aistriúcháin uathoibríocha amha a chuireann eTranslation ar fáil. Úsáidtear é chun bunéirim an téacs a fháil nó mar phointe tosaigh le haghaidh aistriúchán ar chaighdeán daonna. Má tá aistriúchán de dhíth ort atá an-chruinn agus ar ardchaighdeán, ní mór d’aistritheoir gairmiúil oilte an téacs a athbhreithniú.

Rochtain

Is féidir le baill foirne atá ag obair d’institiúidí nó gníomhaireachtaí an Aontais eTranslation a rochtain go díreach lena ndintiúir EU Login, agus ní gá dóibh clárú dá bhrí sin.

Úsáideoirí incháilithe eile i dtíortha san Aontas, agus san Iorua, san Íoslainn, i Lichtinstéin nó san Úcráin, is féidir leo clárú anseo.

Déanfar rochtain aonair a dhíghníomhachtú go huathoibríoch tar éis 12 mhí mura n-úsáidtear iad.

Ráiteas príobháideachais

Má chláraíonn tú chun an feidhmchlár seo a úsáid, is amhlaidh atá tú ag toiliú leis an úsáid a bhaineann eTranslation as sonraí pearsanta mar atá léirithe inár Ráiteas Príobháideachais.

Is féidir an Fógra Cosanta Sonraí oifigiúil a fháil anseo

Conas é a úsáid

Tar éis duit logáil isteach in eTranslation, roghnaigh an cineál aistriúcháin is mian leat:

  • Doiciméid a aistriú – doiciméad amháin nó níos mó a uaslódáil ina n-aonar nó d’aon bhuille;
  • Téacs a aistriú – clóscríobh nó cóipeáil agus greamaigh do bhlúirín téacs.

I roghchlár simplí anuas, roghnaigh an cineál teanga (‘fearann’) is fearr a fhreagraíonn do d’aistriúchán chun an toradh is fearr is féidir a fháil.

Cabhair / teagmháil

  • Leathanach cabhrach – féach leat go mion conas a oibríonn an tseirbhís (is ag úsáideoirí cláraithe amháin atá rochtain)
  • Déan teagmháil linn: DGT-ETRANSLATION-ADVISORYatec [dot] europa [dot] eu (DGT-ETRANSLATION-ADVISORY[at]ec[dot]europa[dot]eu)

Naisc ghaolmhara

Foilseacháin Ghinearálta3 Aibreán 2023
eTranslation-Flyer