Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta19 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 3 nóiméad

Treoir bheartais curtha ar fáil ag an gCoimisiún do thíortha an Aontais chun borradh a chur faoin iomaíochas

An operator works at the battery workshop of the Stellantis cars factory in Hordain, northern France

 

Tá treoir bheartais curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach do thíortha an Aontais faoi phacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach 2024 chun geilleagar láidir a sheasfaidh an aimsir a thógáil.  Is cleachtadh bliantúil é an Seimeastar Eorpach a chuidíonn chun dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta is práinní i dtíortha an Aontais a shainaithint, sin agus freagairtí beartais a chuireann ar gcumas a n-acmhainneacht a bhaint amach – ar mhaithe linn go léir. An t-earrach seo, díreofar ar iomaíochas fadtéarmach, rathúnas fadtéarmach agus ceannaireacht fhadtéarmach an Aontais agus thíortha an Aontais ar an ardán domhanda. 

Déanfar cur i bhfeidhm phleananna téarnaimh agus athléimneachta thíortha an Aontais agus chláir an bheartais chomhtháthaithe a mheas i bPacáiste an Earraigh. Áireofar ann freisin treoir maidir le beartas fioscach a chuideoidh le hinbhuanaitheacht fiachais thíortha an Aontais a neartú agus le fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn ar fud an Aontais. 

I gcás gach tíre, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil ina ndéanann sé anailís ar fhorbairtí eacnamaíocha agus sóisialta ar fud thíortha an Aontais. Bunaithe ar na hanailísí sin, d’ullmhaigh an Coimisiún moltaí tírshonracha maidir leis an gcaoi is fearr chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha a leagtar amach sna tuarascálacha tíre agus chun borradh a chur faoi iomaíochas agus rathúnas thíortha an Aontais. I gcás 12 thír de chuid an Aontais, d’ullmhaigh an Coimisiún tuarascáil ar leith freisin chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann siad critéar easnaimh an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. 

De réir Phacáiste an Earraigh, leanann formhór thíortha an Aontais de dhul chun cinn maith a dhéanamh maidir lena bpleananna téarnaimh agus athléimneachta agus a gcláir beartais chomhtháthaithe a chur i gcrích. Sna moltaí tírshonracha, iarrtar ar roinnt tíortha de chuid an Aontais dlús a chur le cur i bhfeidhm a bpleananna agus a gclár trí ghníomhaíochtaí sonracha breise a dhéanamh. 

Mar chuid den phacáiste, d’eisigh an Coimisiún Treoirlínte do bheartais fostaíochta thíortha an Aontais freisin, lena mbunaítear tosaíochtaí coiteanna do bheartais náisiúnta fostaíochta agus shóisialta chun iad a dhéanamh níos cothroime agus níos cuimsithí, go háirithe i réimsí an oideachais, na hoiliúna, na dteicneolaíochtaí nua agus na hintleachta saorga.  

Bhí ról ríthábhachtach ag an Seimeastar Eorpach ó thaobh tacú le freagairtí láidre comhordaithe sna beartais eacnamaíocha le cúig bliana anuas, ós rud é go raibh sraith dúshlán os comhair an Aontais. D’éirigh leis an Aontas athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta a léiriú i bhfianaise suaití móra, paindéim COVID-19, cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an borradh faoi phraghsanna fuinnimh agus na harduithe boilscithe gaolmhara go léir ina measc. 

Tuilleadh eolais 

An Seimeastar Eorpach  

An Seimeastar Eorpach i do thírse  

Geilleagar a fhóireann do dhaoine  

Preaseisiúint: Le Pacáiste Earraigh an tSeimeastair Eorpaigh, cuirtear treoir bheartais ar fáil chun iomaíochas agus athléimneacht an Aontais a fheabhsú, agus chun airgeadas poiblí fónta a choinneáil ar bun 

Ceisteanna agus freagraí maidir le Pacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach 2024 

Réamhaisnéis Eacnamaíoch an Earraigh 2024 

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta  

NextGenerationEU 

 

 

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide