![Shopping centre](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/avportal/P-060221/00-08.jpg?itok=rXOzNrKM)
D'fhoilsigh an Coimisiún réamhaisnéis nua do gheilleagar an Aontais, inar léiríodh cás níos dearfaí do thomhaltóirí. Tar éis cor chun donais ar ghníomhaíocht eacnamaíoch in 2023, leanfaidh rátaí boilscithe de bheith ag titim agus ba cheart go bhfásfadh geilleagar an Aontais de réir a chéile in 2024. Is é is cúis leis sin den chuid is mó go bhfuil tomhaltóirí ag caitheamh níos mó airgid, a bhuí le pá níos airde agus níos mó deiseanna fostaíochta.
Go nithiúil, ba cheart fás 1.0% teacht ar gheilleagar an Aontais in 2024. Ba cheart geilleagar an limistéir euro fás 0.8% a bhaint amach. In 2025, tiocfaidh méadú níos mó fós ar an OTI. Idir an dá linn, tá laghdú mór tagtha ar bhoilsciú an Aontais ó shroich sé a bhuaicphointe in 2022. Meastar go dtitfidh sé go 2.7% in 2024 agus go 2.2% in 2025.
Tá ag éirí go maith leis an margadh fostaíochta freisin. D’ainneoin an mhoillithe ar ghníomhaíocht, chruthaigh geilleagar an Aontais breis agus 2 mhilliún post in 2023. Bhí an ráta gníomhaíochta agus fostaíochta i measc daoine idir 20 agus 64 bliana d'aois níos airde ná mar a bhí riamh sa ráithe dheireanach den bhliain. I mí an Mhárta 2024, bhí an ráta dífhostaíochta san Aontas ag 6.0%, an ráta ba ísle riamh.
Tá dúshláin fós le sárú. Mar shampla, tá fás na hinfheistíochta ag moilliú ós rud é go bhfuil níos lú tithe nua á dtógáil, rud a théann i bhfeidhm ar thionscail éagsúla. Mar thoradh air sin, táthar ag súil go dtitfidh rátaí úis níos moille ná mar a rabhthas ag súil leis.
Foilsíonn an Coimisiún ceithre réamhaisnéis eacnamaíocha i rith na bliana, lena gcumhdaítear sonraí OTI agus boilscithe do na Ballstáit uile, don Aontas Eorpach agus don limistéar euro.
Tuilleadh eolais
Sonraí maidir le Réamhaisnéis Eacnamaíoch Earrach 2024
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 15 Bealtaine 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide