Ceannaireacht pholaitiúil
Is foireann, nó ‘coláiste’, de 27 bpolaiteoir ar a dtugtar Coimisinéirí, a stiúrann obair an Choimisiúin. Le chéile, déanann siad cinntí ar chuspóirí polaitiúla agus straitéiseacha an Choimisiúin.
Ceaptar coláiste nua Coimisinéirí gach 5 bliana.
Ranna agus gníomhaireachtaí
Tá an Coimisiún roinnte ina ranna beartais, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna), agus tá siadsan freagrach as réimsí beartais éagsúla. Is iad na ASanna a dhéanann beartas, dlíthe agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a bhainistiú. Ina theannta sin, déileálann ranna seirbhíse le saincheisteanna sonracha riaracháin. Is ann do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhainistíonn na cláir a chuireann an Coimisiún ar bun.
Liosta na ASanna, na ranna seirbhíse agus na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin uile
Gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe a athshuí
Oifigí an Choimisiúin
Tá oifigí ag an gCoimisiún ar fud an domhain. Laistigh den Aontas, is iad na hoifigí ionadaíochta guth an Choimisiúin ina dtír óstach. Tá eolas ar fáil anseo faoi ghníomhaíochtaí an Aontais, agus is féidir bróisiúir, bileoga agus ábhair eile a ordú.
Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bhainistíonn na hoifigí atá lonnaithe lasmuigh den Aontas, ar a dtugtar toscaireachtaí. Cuireann siad leasanna agus beartais an Aontais chun cinn chomh maith le cláir for-rochtana éagsúla a dhéanamh
Cá bhfuil oifigí an Choimisiúin san Aontas agus ar fud an domhain?