Ceanncheathrú
Tá ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin an Choimisiúin lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.
Tionóltar cruinnithe seachtainiúla na gCoimisinéirí sa cheanncheathrú sa Bhruiséil nó i Strasbourg.
Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin
Cuairt a thabhairt ar cheanncheathrú an Choimisiúin
I do thírse
i dtíortha an Aontais Eorpaigh
Gníomhaíonn na hoifigí ionadaíochta ar fud an Aontais mar ghuth an Choimisiúin agus déanann siad faireachán ar thuairimí an phobail ina dtír aíochta.
Cuireann siad eolas faoin Aontas ar fáil agus eagraíonn siad imeachtaí a bhaineann leis an Aontas. Socraíonn roinnt acu cuairteanna do scoileanna agus cuireann siad ionaid ar fáil –Spásanna Poiblí na hEorpa (EPS)– le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
Déanann an Coimisiún na hionaid seo a leanas a chistiú freisin:
Lasmuigh den Aontas Eorpach
Tá 139 n-oifig ag an Aontas lasmuigh den Aontas, ar a dtugtar toscaireachtaí. Is í an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a bhainistíonn na hoifigí sin. Tá sé de chúram orthu beartais eachtracha an Aontais a thíolacadh, a mhíniú agus a chur i gcrích. Déanann siad beartais a anailísiú agus a thuairisciú agus déanann siad caibidlíocht thar ceann an Aontais.
Aimsigh an oifig de chuid an Aontais is gaire duit lasmuigh den Aontas.