Ról na gCoimisinéirí
Cé go bhfuil Coimisinéir amháin as gach Ballstát ann, tá de chúram orthu leas an Aontais ina iomláine a chosaint – seachas an leas náisiúnta.
Laistigh den Choimisiún is cinnteoirí iad go léir. Mar shampla, déanann siad an méid seo le chéile:
-
cinntí a dhéanamh ar straitéisí agus ar thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin
-
dlíthe, cláir chistiúcháin agus an buiséad bliantúil a mholadh chun go bpléifear agus go nglacfar iad ag an bParlaimint agus an gComhairle
An chaoi a gceaptar an Coimisiún
An tUachtarán a roghnú
Gach cúig bliana déanann an Chomhairle Eorpach – ina bhfuil ceannairí stáit agus rialtais an Aontais – iarrthóir ar uachtaránacht an Choimisiúin a mholadh do Pharlaimint na hEorpa.
Moltar an t-iarrthóir ar an uachtaránacht ar bhonn chomhdhéanamh polaitiúil na parlaiminte tar éis na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa; is iondúil go roghnaítear é as measc an ghrúpa pholaitiúil is mó sa Pharlaimint.
Má thacaíonn tromlach glan de chomhaltaí na Parlaiminte leis an iarrthóir, toghtar é.
An fhoireann a roghnú
Roghnaíonn an t-uachtarán tofa Leas-Uachtaráin agus Coimisinéirí féideartha ar bhonn moltaí ó na Ballstáit. Ní mór do cheannaire stáit nó rialtais uile an Aontais Eorpaigh liosta na ndaoine ainmnithe a fhaomhadh, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle Eorpaí.
Ní foláir do gach ainmní dul os comhair an choiste parlaiminte a bhaineann leis an gcúram áirithe a moladh an t-ainmní sin ina leith. Vótálann baill an choiste ansin ar oiriúnacht an iarrthóra don phost. A thúisce a bhíonn glactha leis na 27 n-ainmní, vótálann an Pharlaimint ina hiomláine an fhoireann iomlán a ghlacadh nó a dhiúltú. Tar éis don Pharlaimint vóta a chaitheamh, déanann Comhairle na hEorpa na Coimisinéirí a cheapadh.
Cuntasacht
Is í Parlaimint na hEorpa, a bhfuil sé de cheart aici ceannaireacht pholaitiúil iomlán an Choimisiúin a fhaomhadh nó a bhriseadh as a bpost, a thugann an Coimisiún Eorpach chun cuntais go daonlathach. Ní mór don Choimisiún tuarascálacha a thíolacadh chuig an bParlaimint, lena n-áirítear tuarascáil sintéise bhliantúil agus tuarascáil ar chur chun feidhme an bhuiséid.
Cinnteoireacht
Tá tuilleadh eolais faoi phróiseas comhchoiteann na gCoimisinéirí anseo: achoimre ar na Rialacha Nós Imeachta.
Tá gach Coimisinéir ar comhchéim sa phróiseas cinnteoireachta agus tá comhfhreagracht orthu as na cinntí. Is le nós imeachta ó bhéal nó i scríbhinn a dhéanann an Coimisiún cinntí faoina chuid oibre.
Tuilleadh eolais faoi phróiseas reachtóireachta an Aontais.