Ról na gCoimisinéirí
Cé go bhfuil Coimisinéir amháin as gach Ballstát ann, is é an cúram atá orthu leasanna an Aontais ina iomláine a chosaint seachas an leas náisiúnta.
Laistigh den Choimisiún is iadsan na cinnteoirí. Mar shampla, déanann siad an méid seo le chéile:
- cinntí a dhéanamh maidir le straitéisí agus bearta an Choimisiúin
- dlíthe, cláir mhaoiniúcháin agus an buiséad bliantúil a mholadh chun go bpléifidh agus go nglacfaidh an Pharlaimint agus an Chomhairle iad
An chaoi a gceaptar an Coimisiún
An tUachtarán a thoghadh
Gach cúig bliana molann an Chomhairle Eorpach – ina bhfuil ceannairí stáit agus rialtais an Aontais – iarrthóir ar Uachtaránacht ar an gCoimisiún Eorpach do Pharlaimint na hEorpa.
Is ar bhonn chomhdhéanamh polaitiúil na Parlaiminte tar éis na dtoghchán Eorpacha do Pharlaimint na hEorpa a mholtar an t-iarrthóir ar an Uachtaránacht; is iondúil go roghnaítear an t-iarrthóir as measc an ghrúpa pholaitiúil is mó sa Pharlaimint.
Má thacaíonn tromlach glan de chomhaltaí na Parlaiminte leis an ainmní, toghfar é.
An fhoireann a roghnú
Glacann Comhairle an Aontais Eorpaigh, i gcomhaontú le hUachtarán toghaí an Choimisiúin, liosta de na Coimisinéirí ainmnithe bunaithe ar mholtaí ó Bhallstáit an Aontais.
Ní mór do gach ainmní i leith Coimisinéara dul os comhair an choiste pharlaimintigh ar a bhfuil freagracht as an sainchúram atá beartaithe ina leith. Vótálann comhaltaí an choiste ansin ar oiriúnacht an iarrthóra don phost. A luaithe a fhormhuinítear na 27 n-ainmní, vótálann an Pharlaimint ina hiomláine ar cé acu a fhormheasfaidh nó nach bhformheasfaidh sí an fhoireann ar fad. Tar éis don Pharlaimint vóta a chaitheamh, is í an Chomhairle Eorpach a dhéanann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus na Coimisinéirí a cheapadh.
Cuntasacht
Is í Parlaimint na hEorpa, a bhfuil sé de cheart aici ceannaireacht pholaitiúil iomlán an Choimisiúin Eorpaigh a fhaomhadh nó a bhriseadh as a post, a thugann an Coimisiún chun cuntais go daonlathach.
Is é an Coimisiún Eorpach atá freagrach freisin as buiséad an Aontais a chur i bhfeidhm. Gach bliain, roghnaíonn an Pharlaimint a beannacht a thabhairt (nó gan í a thabhairt) don Choimisiún Eorpach ar an gcaoi a ndearna sí buiséad an Aontais a bhainistiú. An t-urscaoileadh a thugtar ar an bpróiseas sin. Bunaíonn an Pharlaimint a cinneadh ar roinnt tuarascálacha ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa agus ón gCoimisiún Eorpach, tuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta bhuiséad an Aontais san áireamh.
Cinnteoireacht
Tá gach Coimisinéir ar comhchéim sa phróiseas cinnteoireachta agus tá comhfhreagracht orthu as na cinntí sin. Is le nós imeachta ó bhéal nó i scríbhinn a dhéanann an Coimisiún cinntí faoina chuid oibre le chéile.
Le haghaidh níos mó eolais faoi chinnteoireacht an Choimisiúin, féach an chaoi a ndéantar cinntí.
Tuilleadh eolais faoi phróiseas reachtóireachta an Aontais.