Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Eagrú an Choimisiúin Eorpaigh

Tá an Coimisiún Eorpach roinnte ina ardstiúrthóireachtaí agus is iad a fhorbraíonn beartais i réimsí sonracha. Tá Coimisinéir i gceannas ar gach ardstiúrthóireacht. Tríd is tríd, is faoi cheannaireacht an Uachtaráin a oibríonn an Coimisiún. 

Ceannaireacht pholaitiúil

Faoi cheannaireacht a Uachtaráin, déanann grúpa de 27 gCoimisinéir, ar a dtugtar ‘an Coláiste’, obair an Choimisiúin a stiúradh. Le chéile, déanann siad cinntí ar chuspóirí polaitiúla agus straitéiseacha an Choimisiúin.

Ceaptar coláiste nua Coimisinéirí gach 5 bliana.

Ard-Stiúrthóireachtaí agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Tá an Coimisiún roinnte ina ranna beartais, ar a dtugtar Ard-Stiúrthóireachtaí (ASanna), agus tá siadsan freagrach as réimsí beartais éagsúla. Is iad na ASanna a dhéanann beartas, dlíthe agus cláir mhaoiniúcháin an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a bhainistiú. Ina theannta sin, déileálann ranna seirbhíse le saincheisteanna sonracha riaracháin. Is ann do ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin a bhainistíonn na cláir a chuireann an Coimisiún ar bun.

Liosta na nArd-Stiúrthóireachtaí agus na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin

Baill foirne an Choimisiúin

Tá traidisiún ag státseirbhís an Choimisiúin a théann siar níos mó ná 60 bliain. Faoi láthair, thart ar 32,000 fostaí atá ag an gCoimisiún, idir fhostaithe buana agus fhostaithe ar conradh. Orthu sin tá oifigigh bheartais, taighdeoirí, dlíodóirí agus aistritheoirí. 

Déanann an Coimisiún gach iarracht a bheith ina eagraíocht nua-aimseartha sholúbtha atá bunaithe ar luachanna agus a chinntíonn go dtugann na baill foirne torthaí iontacha do dhaoine ar fud an Aontais. 

Faigh tuilleadh eolais faoi…

Oifigí an Choimisiúin ar fud an domhain

  • Oifigí Ionadaíochta: laistigh den Aontas, feidhmíonn na hoifigí sin mar ghuth an Choimisiúin ina dtír óstach
  • Toscaireachtaí an Aontais Eorpaigh: is oifigí lasmuigh den Aontas iad sin atá á mbainistiú ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. Cuireann siad leasanna agus beartais an Aontais chun cinn chomh maith le cláir for-rochtana éagsúla a dhéanamh