Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ateangaireacht chomhdhála - cineálacha agus téarmaíocht

Ateangaireacht agus aistriúchán

Is minic a shíltear gurb ionann ateangaireacht agus aistriúchán. An difríocht ná go mbíonn ateangairí ag obair leis an bhfocal labhartha agus bíonn aistritheoirí ag plé le téacsanna scríofa.

Na cineálacha ateangaireachta

Bíonn ateangairí comhdhála ag obair ar bhealaí éagsúla, agus úsáideann ateangairí an Choimisiúin iad go léir:

Comhleanúnach
Ateangaireacht a dhéanamh nuair a bhíonn an cainteoir réidh; go hiondúil bíonn nótaí ag an ateangaire.

Comhuaineach
Ateangaireacht le linn don duine a bheith ag caint, agus trealamh faoi leith in úsáid ag an ateangaire (mar shampla, botháin, cluasáin, micreafón).

Cogarnach nó Chuchotage
Bíonn an t-ateangaire ina shuí nó ina sheasamh leis na rannpháirtithe agus déanann sé ateangaireacht chomhuaineach díreach isteach ina gcluasa.

Téarmaíocht

  • teanga ghníomhach: an teanga ina ndéanann an t-ateangaire ateangaireacht
  • teanga éighníomhach: an teanga óna ndéanann an t-ateangaire ateangaireacht 
  • córas laghdaithe: nuair a chuirtear ateangaireacht ar fáil ach ó líon teangacha níos lú ná an líon iomlán teangacha oifigiúla
  • córas siméadrach: is féidir le toscairí labhairt agus éisteacht le hateangaireacht ó na teangacha céanna
  • córas neamhshiméadrach: d’fhéadfadh na rannpháirtithe labhairt i dteangacha éagsúla ach ní chuirtear ateangaireacht ar fáil ach amháin go líon áirithe de na teangacha sin.
  • Teanga Chomharthaíochta: Oibríonn ateangairí comharthaíochta idir teanga labhartha agus teanga chomharthaíochta nó idir dhá theanga chomharthaíochta.
  • ​retour: Ag obair ó do mháthairtheanga go dara teanga ghníomhach.
  • cheval: Ateangaire a bhíonn ag obair in dhá bhothán sa chruinniú céanna.
  • athsheachadadh: Uaireanta tugtar “ateangaireacht indíreach” air. Bíonn na hateangairí ag obair ó theanga nach bhfuil ar a dtoil acu trí nasc-theanga.
    Sampla: ateangaireacht a dhéanamh ón bhFionlainnis go Slóvaicis trí ateangaireacht a rinneadh go Fraincis ar dtús