Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An méid a dhéanaimid - líonraí cumarsáide, ábhar digiteach agus teicneolaíocht

Ráiteas misin Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta (CONNECT)

Ráiteas misin

Déanann CONNECT beartais a fhorbairt agus a chur chun feidhme le go mbeidh an Eoraip oiriúnach don aois dhigiteach.

Déanaimid infheistíocht sa taighde, sa nuálaíocht agus i gcur chun feidhme agus glacadh teicneolaíochtaí iontaofa glasa digiteacha lena gcuirtear feabhas ar an ngeilleagar agus ar shaol na ndaoine.

Trí mhaoiniú, reachtaíocht agus tionscnaimh bheartais, cuidímid chun ceannaireacht agus neamhspleáchas na hEorpa a chinntiú i dtaca le teicneolaíochtaí ríthábhachtacha digiteacha (cuir i gcás an Intleacht Shaorga, Spásanna Coiteanna Sonraí, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, 5G, micrileictreonaic, blocshlabhra agus nithe candamacha).

Oibrímid chun cuidiú leis an Eoraip a bheith ina ceannaire domhanda maidir leis an ngeilleagar sonraí agus leis an gcibearshlándáil. Cothaímid margadh inmheánach inar féidir le gach cuideachta infheistíocht a dhéanamh, a bheith iomaíoch ar théarmaí comhionanna agus teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí digiteacha a fhorbairt, a úsáid agus a chur ar an margadh, ar margadh inmheánach é ina ndéantar cearta cruthaitheoirí agus tomhaltóirí a urramú. Oibrímid chun líonraí fíor-ardluais a chur chun feidhme i gcuideachtaí agus i dtithe príobháideacha, ós rud é gur cuid lárnach den aistriú digiteach í an nascacht. Cuirimid chun cinn samhail dhuinelárnach an Aontais le haistriú digiteach nuálach cothrom inbhuanaithe a dhéanamh ar an tsochaí, samhail lena n-urramaítear ár luachanna daonlathacha, ár gcearta bunúsacha agus an éagsúlacht chultúrtha. Cuidímid chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh trí thacú le litearthacht dhigiteach agus le scileanna digiteacha shaoránaigh an Aontais.

 

Ard-Stiúrthóireachtaí   AS na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta