Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tá an tsaoirse gluaiseachta ar cheann de bhunchlocha an Aontais Eorpaigh, agus is iomaí saoránach den Aontas agus náisiúnach den Ríocht Aontaithe a d’aistrigh go tír eile chun cur fúthu, chun dul ag obair nó chun staidéar a dhéanamh nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina ball den Aontas. 

Na daoine sin a d’aistrigh go tír eile a chosaint, ba é an chéad tosaíocht ó thús na caibidlíochta é.

  • Tugadh stádas cónaitheora nua sa Ríocht Aontaithe do níos mó ná 5 mhilliún saoránach den Aontas (an chuid is mó acu ón bPolainn, ón Rómáin, ón Iodáil, ón bPortaingéil, ón Spáinn agus ón mBulgáir).
  • Measann Ballstáit an Aontais faoi láthair go bhfuil níos mó ná 1,060,000 náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe ina gcónaí san Aontas (an chuid is mó acu sa Spáinn, sa Fhrainc, in Éirinn, sa Ghearmáin agus san Ísiltír).

 

Cad é go díreach atá sa Chomhaontú um Tharraingt Siar?

Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar ráthaítear do na saoránaigh sin agus do bhaill a dteaghlaigh na cearta céanna, go ginearálta, a bhí acu sular tharraing an Ríocht Aontaithe siar ón Aontas: tá saorchead acu chun cónaí, staidéar, obair agus taisteal gan bhac a dhéanamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas.

Is é an dála céanna é i gcás aon saoránach den Aontas a d’aistrigh go dtí an Ríocht Aontaithe nó aon saoránach den Ríocht Aontaithe a bhogann go Ballstát den Aontas le linn na hidirthréimhse.

 

Cé atá faoi chosaint an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar?

Faoin gComhaontú um Tharraingt tugtar cosaint do shaoránaigh an Aontais a bhfuil cónaí dlíthiúil orthu sa Ríocht Aontaithe agus do náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí orthu i gceann de na 27 mBallstát ag deireadh na hidirthréimhse.

Tugtar cosaint freisin do bhaill teaghlaigh a ndeonaítear cearta dóibh faoi dhlí an Aontais (ar nós céilí reatha agus páirtithe cláraithe, tuismitheoirí, seantuismitheoirí, leanaí, garleanaí agus duine atá i gcaidreamh marthanach acu cheana féin) a bheith in éineacht leis an mball teaghlaigh amach anseo.

Faoin gComhaontú um Tharraingt Siar tabharfar cosaint do leanaí, gan beann ar an áit a mbéarfar iad, roimh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas nó ina diaidh, gan beann ar an mbéarfar iad laistigh nó lasmuigh den stát óstach ina bhfuil an saoránach den Aontas nó an náisiúnach den Ríocht Aontaithe ina chónaí.

An t-aon eisceacht atá ann, baineann sé le leanaí a bhéarfar tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar agus maidir le tuismitheoir nach bhfuil cumhdaithe ag an gComhaontú um Tharraingt Siar agus a bhfuil caomhnóireacht aonair aige faoin dlí teaghlaigh is infheidhme. 

 

Slándáil shóisialta

 

Faoin gComhaontú um Tharraingt tugtar cosaint do na shaoránaigh sin go léir den Aontas a raibh baint acu le cás, ag deireadh na hidirthréimhse, a raibh an Ríocht Aontaithe agus Ballstát den Aontas páirteach ann san am céanna. Tugtar cosaint do bhaill a dteaghlaigh agus dá marthanóirí freisin.

 

Cearta cónaithe

 

Is iad na coinníollacha cónaithe substainteacha céanna atá i bhfeidhm faoi láthair, agus a bheidh i bhfeidhm, faoi dhlí reatha an Aontais maidir le saorghluaiseacht.

Go bunúsach, comhlíonann saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe na coinníollacha sna cásanna seo a leanas:

  • is fostaithe iad nó tá siad féinfhostaithe;
  • bíonn acmhainní leordhóthanacha agus árachas breoiteachta acu;
  • is baill teaghlaigh iad le duine eile a chomhlíonann na coinníollacha sin;
  • tá ceart buanchónaithe faighte acu cheana agus nach bhfuil faoi réir aon choinníollacha a thuilleadh dá bharr sin.

Faoin gComhaontú um Tharraingt Siar níl sé ina cheangal go gcaithfidh an duine a bheith i láthair go fisiceach sa Stát óstach tráth a thiocfaidh deireadh leis an idirthréimhse – glacfar le neamhláithreachtaí sealadacha nach ndéanann difear don cheart cónaithe agus le neamhláithreachtaí fada nach ndéanann difear don cheart buanchónaithe.

Tabharfar cosaint iomlán faoin gComhaontú um Tharraingt Siar do na daoine atá faoi chosaint an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar nach bhfuil cearta buanchónaithe faighte acu go fóill – mura bhfuil cónaí orthu sa Stát óstach le cúig bliana ar a laghad – agus beidh siad in ann leanúint de chónaí a bheith orthu sa Bhallstát óstach agus cearta buanchónaithe a fháil sa Bhallstát óstach tar éis cúig bliana a chaitheamh ina gcónaí ann.

Saoránaigh den Aontas agus náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe a tháinig isteach sa Stát óstach roimh an 1 Eanáir 2021, beidh na cearta céanna acu agus na hoibleagáidí céanna orthu faoin gComhaontú um Tharraingt agus atá acu siúd a tháinig isteach sa Bhallstát óstach roimh an 1 Feabhra 2020.

Cearta cónaithe náisiúnach den Ríocht Aontaithe sna 27 mBallstát

Chun leas a bhaint as na cearta sin b’fhéidir go mbeidh ar shaoránaigh iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe nua, de réir an chinnidh a dhéanfaidh gach tír córas bunaithe nó dearbhaitheach, mar a thugtar orthu, a roghnú.

Le fáil sa chomhad thíos tá na roghanna a rinne gach tír maidir lena córas cónaithe, agus na sprioc-amanna faoina gcaithfidh náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe agus a mbaill teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu i dtíortha ina bhfuil córas bunaitheach iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe nua, mar aon le suíomhanna gréasáin náisiúnta tábhachtacha.

6 LÚNASA 2021
Residence rights in EU countries under the Citizens' Rights part of the Withdrawal Agreement - overview of implementation

Tabhair do d'aire, le do thoil, nach ionann an fhaisnéis atá curtha ar fáil sa chomhad thuas agus tuairim oifigiúil an Choimisiúin. Is iad údaráis náisiúnta ábhartha na mBallstát atá freagrach as an bhfaisnéis agus as na tuairimí a nochtar inti, údaráis arb iad an chéad phointe teagmhála do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe iad. Tabhair do d'aire freisin, le do thoil, go mbíonn an scéal ag athrú i gcónaí, agus mar sin bíodh an fhaisnéis agus an nuacht is déanaí á seiceáil go rialta agat ar na suíomhanna gréasáin náisiúnta liostaithe. Leanfaidh an Coimisiún leis an bhfaisnéis ar an leathanach gréasáin seo a nuashonrú leis an scéal is déanaí ó na Ballstáit AE27.

Ghlac an Coimisiún Eorpach Nóta Treorach an 12 Bealtaine 2020, rud a bheidh ríthábhachtach do na húdaráis náisiúnta agus an chuid sin den Chomhaontú um Tharraingt Siar a bhaineann le Cearta na Saoránach á cur chun feidhme acu go cuí.

Sna doiciméid thíos cuirtear síos ar chearta agus ar theidlíochtaí náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe ina mBallstát óstach den Aontas faoin gComhaontú um Tharraingt Siar. Ní fhéachann siad le cur síos a thabhairt ar chearta agus ar theidlíochtaí náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe faoi na rialacha baile a ghlac an Ballstát óstach den Aontas chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a achtú.

16 MÁRTA 2022
Rules for UK nationals when entering or leaving the Schengen area
16 MÁRTA 2022
UK nationals and multiple immigration statuses

Cuirtear eolas ar fáil maidir le scéimeanna cónaithe náisiúnta, bearta cúnaimh agus príomhshuíomhanna gréasáin do gach Ballstát ar leathanach gréasáin tiomnaithe.

Scéim Lonnaíochta AE sa Ríocht Aontaithe

Sa doiciméad thíos cuirtear síos ar na cearta agus na teidlíochtaí atá ag saoránaigh an Aontais sa Ríocht Aontaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, agus ní fhéachann sé le cur síos a dhéanamh ar na cearta agus na teidlíochtaí atá ag saoránaigh an Aontais faoi rialacha baile na Ríochta Aontaithe a glacadh chun an Comhaontú um Tharraingt Siar a achtú.

 

1 IÚIL 2022
Questions and Answers – the rights of EU citizens in the United Kingdom after the end of the transition period

 

Cur chun feidhme agus faireachán: cearta na saoránach

Is féidir le saoránaigh den Aontas brath go díreach ar théacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar i gcúirteanna Briotanacha agus is féidir le náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe brath air i gcúirteanna na mBallstát. Aon fhorálacha dlí náisiúnta nach bhfuil comhsheasmhach le forálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ní mór iad a dhífheidhmiú.

Beidh cúirteanna na Ríochta Aontaithe in ann réamhcheisteanna a chur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais maidir le léirmhíniú ar an gcuid sin den Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir le saoránaigh ar feadh tréimhse ocht mbliana dar tús an 31 Nollaig 2020. I dtaca le ceisteanna a bhaineann leis an iarratas ar stádas lonnaithe na Ríochta Aontaithe, tháinig an tréimhse ocht mbliana sin i bhfeidhm an 30 Márta 2019.

Déanann an Coimisiún faireachán ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm chearta na saoránach san Aontas ag gníomhú dó i gcomhréir le Conarthaí an Aontais.

Náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a chreideann nach ndearna na húdaráis náisiúnta i mBallstát den Aontas a gcearta a urramú faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, is féidir leo réiteach a lorg ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal an Aontais.

Sa doiciméad thíos cuirtear síos ar an réiteach is féidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe, atá clúdaithe faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, a úsáid chun a gcearta a chosaint.

20 AIBREÁN 2021
Enforcement of individual rights of United Kingdom nationals under the Withdrawal Agreement

Deonaítear d’Údarás Faireacháin Neamhspleách na Ríochta Aontaithe cumhachtaí atá coibhéiseach leis na cumhachtaí atá ag an gCoimisiún chun:

  • gearáin a fháil ó shaoránaigh den Aontas agus ó bhaill dá dteaghlach agus iad a imscrúdú;
  • fiosrúcháin a dhéanamh ar a thionscnamh féin; agus
  • caingne dlí a thionscnamh os comhair chúirteanna na Ríochta Aontaithe maidir le sáruithe líomhnaithe ag údaráis riaracháin na Ríochta Aontaithe ar a n-oibleagáidí faoin gcuid sin den Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir le cearta na saoránach.

Trí bhíthin an Choiste Chomhpháirtigh a bunaíodh faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, tugann an tÚdarás agus an Coimisiún faisnéis dá chéile faoi na bearta a rinneadh chun cearta na saoránach faoin gComhaontú a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Ba cheart a áireamh go háirithe san fhaisnéis sin líon agus cineál na ngearán a láimhseáladh agus aon obair leantach maidir le caingean dlí a tionscnaíodh. 

Tuarascálacha comhpháirteacha maidir le cur i bhfeidhm cearta cónaithe

Sna tuarascálacha comhpháirteacha tugtar léargas ar an dul chun cinn atá déanta ar an gcur i bhfeidhm ó thaobh stádas nua cónaithe agus eisiúint doiciméad cónaithe lena tugtar fianaise ar an stádas sin i dtaca le saoránaigh an Aontais Eorpaigh sa Ríocht Aontaithe agus náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe i mBallstáit an Aontais.

Tuilleadh eolais

29 BEALTAINE 2020
Letter from Vice-President Maroš Šefčovič to the UK Chancellor of the Duchy of Lancaster, the Rt Hon Michael Gove, 28 May 2020
19 AIBREÁN 2021
Documentation for UK frontier workers

An nuashonrú is déanaí: 20 Aibreán 2021