Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Plean téarnaimh don Eoraip

Réamhrá

An pacáiste spreagtha is mó riamh

I dteannta a chéile, is iad buiséad fadtéarmach an Aontais in éineacht le NextGenerationEU (NGEU), an ionstraim shealadach a dearadh chun dlús a chur leis an téarnamh, an pacáiste spreagtha is mó dá maoiníodh riamh san Eoraip. Tá €2.018 trilliún san iomlán i bpraghsanna reatha* ag cuidiú chun an Eoraip a atógáil tar éis COVID-19. Eoraip níos glaise, níos digití agus níos athléimní a bheidh ann.

Tá na cistí á n-úsáid chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin is tábhachtaí atá roimh an Eoraip agus chun tacú leo siúd atá i ngátar. I ndiaidh ionsaí na Rúise ar an Úcráin, rinneadh buiséad an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh éigeandála agus tacaíocht a sholáthar san Úcráin agus i dtíortha an Aontais Eorpaigh, sin agus chun iarmhairtí daonnúla an chogaidh a laghdú.

€1.8 trilliún i bpraghsanna 2018

Fíorais agus figiúirí ó CAI 2021-2027 agus NextGenerationEU

Príomhghnéithe an phacáiste

Tá breis agus 50% den bhuiséad fadtéarmach agus NextGenerationEU ag tacú leis an nuachóiriú, mar shampla tríd an méid seo a leanas:

microscope

taighde agus nuálaíocht, tríd an gclár Fís Eorpach

investment icon

aistrithe córa aeráide agus digiteacha, tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus an clár don Eoraip Dhigiteach

vaccine

ullmhacht, téarnamh agus athléimneacht, tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rescEU agus clár sláinte nua, EU4Health

Chomh maith leis sin, tugtar aird sa phacáiste ar na nithe seo a leanas:

farm icon

nuachóiriú a dhéanamh ar bheartais thraidisiúnta amhail comhtháthú agus an comhbheartas talmhaíochta, chun an méid a chuireann siad le tosaíochtaí an Aontais a uasmhéadú

globe icon

an t-athrú aeráide a chomhrac, le 30% de chistí an Aontais, an sciar is airde riamh de bhuiséad an Aontais

2 womens icon

cosaint na bithéagsúlachta agus comhionannas inscne

Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus leithdháiltí iomlána NextGenerationEU in aghaidh an cheannteidil

Ceannteideal CAI NextGenerationEU
1. An margadh aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha €149.5 billiún €11.5 billiún
2. An comhtháthú, an athléimneacht agus luachanna €426.7 billiún €776.5 billiún
3. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol €401 bhilliún €18.9 billiún
4. An imirce agus bainistiú na dteorainneacha €25.7 billiún -
5. An tslándáil agus an chosaint €14.9 billiún -
6. An chomharsanacht agus an Domhan €110.6 billiún -
7. Riarachán poiblí Eorpach €82.5 billiún -
CAI IOMLÁN €1,210.9 billiún €806.9 billiún

Tá ná méideanna sin ar fad i €, i bpraghsanna reatha. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Is é an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) croílár NextGenerationEU – ionstraim lena gcuirtear deontais agus iasachtaí ar fáil chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí i mBallstáit an Aontais ar luach iomlán €723.8 billiún. Chun cistí a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ní mór do na Ballstáit Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a ullmhú ina leagfar amach an chaoi a ndéanfaidh siad na cistí a infheistiú. Thairis sin, ní mór dóibh na garspriocanna agus na spriocanna ábhartha a chomhlíonadh, agus sula bhféadfar aon eisíocaíochtaí faoin RRF a leithdháileadh, déanann an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh sásúil gach garsprice agus gach sprice.

Chun féachaint ar phleananna Bhallstáit éagsúla an Aontais agus na heisíocaíochtaí a rinneadh go dtí seo a rianú, féach an Scórchlár idirghníomhach Téarnaimh agus Athléimneachta.

Tá an chuid eile de na cistí ó NextGenerationEU á n-eisíoc le Ballstáit an Aontais trí roinnt clár de chuid an Aontais: Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (REACT-EU), Fís Eorpach, InvestEU, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe nó an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC).

Tar éis ionsaí na Rúise ar an Úcráin, d’fhéadfadh Ballstáit an Aontais cuid de na cistí sin a úsáid chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndídeanaithe a thagann chuig a gcríocha.

Miondealú NextGenerationEU

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)

€723.8 billiún

an méid de ar iasachtaí é €385.8 billiún
an méid de ar deontais é €338 mbilliún

 

Clár

Cistiú
ReactEU €50.6 billiún
Fís Eorpach €5.4 billiún
InvestEU €6.1 billiún
Forbairt Tuaithe €8.1 billiún
An Ciste um Aistriú Cóir €10.9 billiún
RescEU €2 bhilliún
IOMLÁN €806.9 billiún

Tá ná méideanna sin ar fad i €, i bpraghsanna reatha. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Leithdháiltí náisiúnta

Ní bhaineann buiséad an Aontais le tíortha a bheith ag ligean chucu agus uathu, agus níor bhain riamh. Baineann na Ballstáit uile tairbhe as a bheith mar chuid den mhargadh aonair, iad ag tabhairt aghaidh le chéile ar na dúshláin choiteanna. Cistí an Aontais, mar shampla faoi na cistí comhtháthaithe nó Fís Eorpach, téann siad chuig gach cearn den Aontas.

Fuair na Ballstáit méideanna réamhshannta i roinnt réimsí beartais. Féadfaidh tú féachaint orthu anseo.

Buiséad fadtéarmach an Aontais agus NextGenerationEU a mhaoiniú

Iasachtaí a fháil chun an téarnamh a mhaoiniú

Chun NextGenerationEU a mhaoiniú, tá an Coimisiún Eorpach, thar ceann an Aontais Eorpaigh, ag fáil iasachtaí ar na margaí ar rátaí níos fabhraí ná mar a gheobhadh an chuid is mó de Ballstát agus déanann sé an t-airgead sin a athdháileadh.

Sula raibh ann do NextGenerationEU, d’eisigh an Coimisiún Eorpach bannaí cheana féin, mar shampla chun iasachtaí le Ballstáit an Aontais agus le tríú tíortha a mhaoiniú, suas le €100 billiún do chlár SURE san áireamh chun tacú le poist agus chun daoine a choimeád ina bpost le linn phaindéim COVID-19.

Déanfaidh an tAontas Eorpach suas le thart ar €800 billiún i bpraghsanna reatha a thiomsú go dtí 2026 le haghaidh NextGenerationEU trí straitéis maoinithe éagsúlaithe.

An tAontas Eorpach ina iasachtaí

Treochlár soiléir i dtreo foinsí nua ioncaim le cabhrú chun iasachtaí a aisíoc

Sa chomhaontú idirinstitiúideach ó mhí na Nollag 2021, chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún oibriú i dtreo acmhainní dílse nua leordhóthanacha a thabhairt isteach chun aisíocaíochtaí NextGenerationEU a chumhdach.

Ar an gcaoi sin, i mí na Nollag 2021 mhol an Coimisiún trí fhoinse nua ioncaim do bhuiséad an Aontais, ar foinsí iad a chuideoidh chun an chuid deontas de NextGenerationEU a aisíoc. Rannchuideodh an togra sin freisin leis an gCiste Aeráide Sóisialta a mhaoiniú, arb é is aidhm dó a chinntiú nach bhfágfaí aon duine ar lár san aistriú chuig geilleagar dícharbónaithe.

An 20 Meitheamh 2023 chuir an Coimisiún a thogra i gcrích maidir leis an gcéad ghlúin eile d’acmhainní dílse. Sa phacáiste deiridh áirítear acmhainn dhílis staidrimh shealadach nua bunaithe ar bhrabúis chuideachta. Tar éis an chomhaontaithe pholaitiúil maidir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’, lena bhféachtar lena chinntiú go rannchuideoidh beartais an Aontais le haeráidneodracht ár mór-roinne, rinne an Coimisiún freisin coigeartú ar na tograí maidir le hacmhainní dílse bunaithe ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (CTA) agus ar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha (SCCT) i gcomparáid leis na tograí bunaidh ó mhí na Nollag 2021.

Emissions trading

acmhainn dhílis an Chórais Trádála Astaíochtaí

Carbon border adjustment mechanism

acmhainn dhílis an tSásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha

reallocated profits

Acmhainn dhílis staidrimh shealadach bunaithe ar bhrabúis chuideachta.

Ina theannta sin, an acmhainn dhílis atá bunaithe ar sciar na mbrabús iarmharach ó chuideachtaí ilnáisiúnta a ath-leithdháilfear ar Bhallstáit an Aontais faoi chomhaontú ECFE/G20 maidir le hath-leithdháileadh ceart cánach (‘Colún a hAon’), coinnítear í. Tá an Coimisiún ag obair le Parlaimint na hEorpa agus le Ballstáit an Aontais sa Chomhairle chun na foinsí nua ioncaim a fhormheas go pras.

Foinsí ioncaim de chuid bhuiséad 2021-2027 an Aontais

Na chéad acmhainní dílse eile de chuid an Aontais Eorpaigh

Na tairbhithe

Féadfaidh duine ar bith tairbhiú de bhuiséad an Aontais. Glaonna ar thairiscintí atá oscailte nó a bheidh ann amach anseo, eolas cúlra faoi phróisis agus cláir mhaoiniúcháin, agus iarratas a dhéanamh ar líne.

Eolas faoin bpróiseas tairisceana agus faoi dheiseanna ar ghnó a dhéanamh leis an gCoimisiún Eorpach.

Cúlra

Chuir an Coimisiún i láthair a thogra don chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais an 2 Bealtaine 2018.

An 27 Bealtaine 2020 mar fhreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris a bhí ar scála nach bhfacthas riamh roimhe, mhol an Coimisiún Eorpach an ionstraim shealadach théarnaimh NextGenerationEU, chomh maith le hatreisithe spriocdhírithe ar bhuiséad fadtéarmach 2021-2027 an Aontais.

An 21 Iúil 2020 agus níos lú ná dhá mhí ina dhiaidh sin, tháinig ceannairí Bhallstáit an Aontais ar chomhaontú stairiúil maidir leis an bpacáiste.

Ghlac an Chomhairle go críochnaitheach é an 17 Nollaig 2020.

An próiseas caibidlíochta

Doiciméid

11 FEABHRA 2021
Adopted MFF legal acts
17 NOLLAIG 2020
EU budget - European Commission welcomes the adoption of the EU's long-term budget for 2021-2027
22 NOLLAIG 2020
Questions and answers on the adoption of the EU's long-term budget for 2021-2027
11 SAMHAIN 2020
EU’s next long-term budget & NextgenerationEU - Key facts and figures
11 SAMHAIN 2020
Questions and Answers on the agreement on the €1.8 trillion package to help build greener, more digital and more resilient Europe
10 SAMHAIN 2020
EU budget: European Commission welcomes agreement on €1.8 trillion package to help build greener, more digital and more resilient Europe
27 BEALTAINE 2020
Communication: Europe’s moment: Repair and Prepare for the Next Generation
27 BEALTAINE 2020
Communication: The EU budget powering the recovery plan for Europe
27 BEALTAINE 2020
Commission Staff Working Document: Identifying Europe's recovery need
27 BEALTAINE 2020
Adjusted Commission Work Programme 2020
27 BEALTAINE 2020
Adjusted Commission Work Programme 2020 - Annexes
27 BEALTAINE 2020
MFF Legislation