Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cad a dhéanann vacsaíní?

Cabhraíonn vacsaíniú le cosaint imdhíonachta duine an lámh in uachtar a fháil ar ghalar coitianta a d’fhéadfadh sé a tholgadh. Má tá vacsaín faighte ag duine, is é is dóigh i bhformhór na gcásanna nach dtolgfaidh sé an galar.

I gcásanna áirithe d’fhéadfadh duine an galar a thógáil fós tar éis a vacsaínithe, ach bheadh na siomptóim níos éadroime agus is tapúla a thiocfadh sé chuige féin.

Seo cuid de na galair a dtugann vacsaín cosaint ina n-aghaidh

  • heipitítis B
  • an papalómaivíreas daonna (HPV)
  • an fliú
  • an bhruitíneach, an plucamas agus rubella
  • an póilió
  • teiteanas
  • eitinn

Feabhas do chách

An té a bhfuil vacsaín faighte aige, is lú seans go dtógfaidh daoine eile galar tógálach uaidh. Dá bhrí sin, cabhraíonn an vacsaíniú chun cosaint a thabhairt do dhaoine nach féidir vacsaín a fháil iad féin. Ina measc sin tá

  • leanaí
  • páistí
  • daoine scothaosta
  • daoine ar lag a gcóras imdhíonachta, othair ailse mar shampla

Is é leas na ngrúpaí sin vacsaín a bheith faighte ag daoine eile, mar cuireann an vacsaín cosc le scaipeadh an ghalair i measc an phobail.

Líon mór daoine a bheith á vacsaíniú, sin é atá ag teastáil ionas go mbeidh imdhíonacht ag an bpobal. Nuair atá vacsaíniú déanta ar líon mór daoine, coisctear na slabhraí ionfhabhtuithe ó dhuine go chéile. De réir mar a deir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú mar shampla, ní mór vacsaín a thabhairt do 95% de na daoine le leathadh na bruitíní a chosc i measc an phobail.  

Laghdú an ualaigh atá ar na daoine

A sláinte a fhágáil ag oiread daoine agus is féidir, sin mar is cúnamh an vacsaíniú le lorg na heasláinte a laghdú go sóisialta agus ó thaobh na síceolaíochta de, agus is laghdú ualaigh é dá réir do na hospidéil agus na córais cúraim sláinte. Fágann siad gur féidir cuid de na hacmhainní a chur i gcoinne galair eile, an ailse nó meath intinne Alzheimer, cuir i gcás.

Conas a oibríonn vacsaíní COVID-19?

Is é a dhéanann vacsaíní córas imdhíonachta an duine a ullmhú (cosaintí nádúrtha na colainne) ionas gur féidir leis galar ar leith a aithint agus an duine a chosaint air dá réir.

An imdhíonacht a chothú

Formhór an taighde ar vacsaíní COVID-19, baineann sé le freagairtí a ghiniúint ar phróitéin iomlán nó ar chuid de phróitéin atá uathúil don víreas is cúis le COVID-19. Nuair a fhaigheann duine an vacsaín spreagfar freagairt imdhíonachta. I gcás an chuid is mó de vacsaíní COVID-19, tá dhá dháileog ag teastáil chun imdhíonacht a chothú.

Má dhéanann an víreas an duine a ionfhabhtú ina dhiaidh sin, aithneoidh an córas imdhíonachta an víreas. Beidh an córas ullamh ansin leis an víreas a ionsaí.

Vacsaíní atá ceannaithe ag an gCoimisiún Eorpach

Vacsaíní aigéadacha núicléasacha (mRNA)

  • BioNTech/Pfizer
  • Moderna

Sa chineál seo vacsaíne tá cuid de na ‘treoracha’ ón víreas is cúis le COVID-19. Cuireann sin ar a gcumas do chealla na colainne féin próitéin a dhéanamh atá uathúil don víreas.

Aithníonn córas imdhíonachta an duine nár cheart an phróitéin uathúil sin a bheith sa cholainn agus, mar fhreagairt, táirgeann sé cosaintí nádúrtha i gcoinne ionfhabhtú COVID-19.

Míniú ar theicneolaíocht mRNA

Vacsaíní dar bunús próitéin

  • Sanofi/GSK
  • Novavax
  • HIPRA Human Health

Sa chineál seo vacsaíne tá blúirí de phróitéin atá uathúil don víreas.

Is leor na blúirí sin le go mbeidh córas imdhíonachta an duine in ann a aithint nár cheart an phróitéin uathúil sin a bheith sa cholainn agus, mar fhreagairt, táirgeann sé cosaintí nádúrtha i gcoinne ionfhabhtú COVID-19.

Vacsaíní veicteora víreasaigh

  • AstraZeneca
  • Johnson & Johnson

Sa chineál seo vacsaíne úsáidtear víreas difriúil nach bhfuil dochar ann chun na ‘treoracha’ ón víreas is cúis le COVID-19 a sheachadadh.

Cuireann sin ar a gcumas do chealla na colainne féin an phróitéin a dhéanamh atá uathúil do víreas COVID-19.

Aithníonn córas imdhíonachta an duine nár cheart an phróitéin uathúil sin a bheith sa cholainn agus, mar fhreagairt, táirgeann sé cosaintí nádúrtha i gcoinne ionfhabhtú COVID-19.

Vacsaín víris dhíghníomhaithe

  • Valneva

Is cuideachta bhiteicneolaíochta Eorpach é Valneva a bhfuil vacsaín víris dhíghníomhaithe á forbairt aici, vacsaín atá comhdhéanta den víreas beo a bhfuil díghníomhachtú ceimiceach déanta air.

Teicneolaíocht thraidisiúnta vacsaíne is ea í atá in úsáid le 60-70 bliain anuas agus a bhfuil modhanna seanbhunaithe agus ardleibhéal sábháilteachta ag baint léi.

An chuid is mó de vacsaíní i gcoinne an fhliú agus go leor vacsaíní do pháistí, baineann siad úsáid as an teicneolaíocht chéanna.

Tuilleadh eolais faoi vacsaíniú COVID-19

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gclár vacsaínithe atá ag do thír féin, féach sceidealóir vacsaíní ECDC agus tabhair cuairt ar na suíomhanna gréasáin oifigiúla faoin vacsaíniú atá ag tíortha an Aontais Eorpaigh agus an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch.

Scéalta vacsaíne, scéalta sochair

Doiciméid

 

10 NOLLAIG 2020
Factsheet: How do COVID-19 vaccines work?

 

10 NOLLAIG 2020
Factsheet: The health benefits of vaccination