Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú

Ba cheart don aistriú digiteach fónamh do chách, tús áite a thabhairt don duine agus deiseanna nua a chruthú do ghnólachtaí. Anuas air sin, tá ról tábhachtach ag réitigh dhigiteacha chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus an t-aistriú glas a bhaint amach.

Réitigh dhigiteacha a thugann tús áite don duine

Déanfar an méid seo a leanas leis na réitigh dhigiteacha sin:

  • cruthófar deiseanna nua do ghnólachtaí
  • spreagfar forbairt na teicneolaíochta iontaofa
  • cothófar sochaí oscailte dhaonlathach
  • éascófar geilleagar bríomhar inbhuanaithe
  • agus cuideofar leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus leis an aistriú glas a bhaint amach

Trí cholún chun tacú lenár gcur chuige

Is ar thrí phríomhcholún a bhunófar cur chuige na hEorpa chun a chinntiú go dtapóidh an Eoraip an deis agus go gcuirfidh sí ar a gcumas dá saoránaigh, dá gnólachtaí agus dá rialtais smacht a bheith acu ar an aistriú digiteach.

Teicneolaíocht a fhónann don phobal

technology_that_works_for_the_people.png

Le straitéis dhigiteach an Aontais, déanfar na rudaí seo a leanas:

  • infheistiú i scileanna digiteacha gach Eorpaigh
  • daoine a chosaint ar chibearbhagairtí (an haiceáil, bogearraí éirice, goid céannachta)
  • deimhin a dhéanamh de go bhforbrófar an Intleacht Shaorga ar bhealaí a n-urramóidh cearta daoine agus ar bhealaí a fhágfaidh go mbeidh iontaoibh ag daoine aisti
  • dlús a chur leis an leathanbhanda sárthapa a sholáthar go céimneach i dtithe, i scoileanna agus in ospidéil ar fud an Aontais
  • inniúlacht sár-ríomhaireachta na hEorpa a mhéadú chun réitigh nuálacha le haghaidh an leighis, an iompair agus an chomhshaoil a fhorbairt

Geilleagar digiteach atá cothrom iomaíoch

2nd_pillar.jpg

Le straitéis dhigiteach an Aontais, déanfar na rudaí seo a leanas:

  • é a chur ar a chumas do phobal bríomhar de ghnólachtaí nuathionscanta agus de ghnólachtaí beaga atá nuálach agus a mbeidh fás mear fúthu teacht ar mhaoiniú agus méadú a dhéanamh
  • freagracht na n-ardán ar líne a threisiú trí Ghníomh um Sheirbhísí Digiteacha a mholadh
    agus rialacha maidir le seirbhísí ar líne a shoiléiriú
  • deimhin de go mbeidh rialacha an Aontais oiriúnach don gheilleagar digiteach
  • iomaíocht chóir a chinntiú do gach cuideachta san Eoraip
  • an teacht atá ar shonraí ardcháilíochta a mhéadú agus deimhin a dhéanamh de ag an am céanna go gcosnaítear sonraí pearsanta agus sonraí íogaire

Sochaí oscailte dhaonlathach inbhuanaithe

3rd_pillar.jpg

Le straitéis dhigiteach an Aontais, déanfar na rudaí seo a leanas:

  • leas a bhaint as an teicneolaíocht chun cuidiú leis an Eoraip a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050
  • astaíochtaí carbóin na hearnála digití a laghdú
  • níos mó smachta a thabhairt do shaoránaigh trí chosaint níos fearr ar a gcuid sonraí a thabhairt dóibh
  • Spás Eorpach Sonraí Sláinte’ a chruthú chun taighde, diagnóis agus cóireáil spriocdhírithe a spreagadh
  • bréagaisnéis ar líne a chomhrac agus éagsúlacht ábhair, ar féidir iontaoibh a chur ann, a chothú sna meáin

An Eoraip - ceannaire domhanda

Is éard a dhéanfaidh an tAontas Eorpach

  • féachaint le bheith ina eiseamláir dhomhanda don gheilleagar digiteach
  • tacaíocht a thabhairt do gheilleagair atá i mbéal forbartha leis an digitiú
  • caighdeáin dhigiteacha a fhorbairt agus iad a chur chun cinn go hidirnáisiúnta

Na buntáistí a bhaineann le straitéis dhigiteach an Aontais

Rachaidh straitéis dhigiteach an Aontais chun tairbhe do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do chomhshaol na hEorpa.

Citizens at an exhibition

Saoránaigh na hEorpa

trí dheimhin a dhéanamh de go gcuirtear feabhas ar shaol laethúil gach saoránaigh a bhuí leis an teicneolaíocht

group of people working for a online clothing company

Gnólachtaí

trína gcumhachtú chun gur féidir leo gnólachtaí a bhunú agus a mhéadú ar théarmaí córa, agus chun gur féidir leo dul i mbun nuálaíochta agus in iomaíocht le chéile ar théarmaí córa freisin

a man in a pumpkin field

An comhshaol

trí bheith neodrach ó thaobh na haeráide de a bhuí le teicneolaíochtaí digiteacha

Doiciméid

 

19 FEABHRA 2020
Communication: Shaping Europe’s digital future
English
(1.35 MB - PDF)
Íoslódáil

 

19 FEABHRA 2020
Factsheet: Shaping Europe’s Digital Future
English
(5.95 KB - HTML)
Íoslódáil

An scéala is déanaí