Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Cabhair ón Aontas do thíortha atá leochaileach agus ina bhfuil coimhlint

Forléargas

Sa lá atá inniu ann, tá 1.5 bhilliún duine i stáit atá leochaileach agus atá buailte ag coimhlintí. Is minice na laethanta seo go mbíonn na daonraí is boicthe ar domhain ag maireachtáil i dtíortha leochaileacha, agus is iad na tíortha sin is mó atá ag titim siar maidir le Spriocanna Forbartha na Mílaoise a bhaint amach.

I stáit leochaileacha atá buailte ag coimhlint, bíonn na struchtúir stáit lag nó ag loiceadh, agus bíonn an conradh sóisialta briste cionn is nach féidir nó nach toil leis an stát a bhunfheidhmeanna a chomhlíonadh, .i.

  • forlámhas an dlí a dhaingniú
  • cearta daonna agus saoirsí bunúsacha a chosaint
  • slándáil agus sábháilteacht na ndaoine a chinntiú
  • bochtaineacht a laghdú
  • seirbhísí poiblí agus bainistiú acmhainní a chur ar fáil
  • rochtain dhlisteanach ar chumhacht pholaitiúil ar bhealach cothrom agus follasach a chinntiú

D’fhéadfadh athrú teacht ar chúrsaí domhanda, áfach. Roinnt tíortha a bhí leochaileach san am atá thart, tá siad anois ina stáit fhreagracha ag a bhfuil tionchar de chuid an chomhphobail idirnáisiúnta agus geilleagair dhinimiciúla acu. 

Thit tíortha eile níos doimhne siar áfach i dtéarmaí bochtaineachta, coimhlinte agus míshlándála. D’fhéadfadh an-chuid ama bheith i gceist leis an aistriú ó leochaileacht, mar d’fhéadfadh tréimhse fhada - thart ar 20-40 bhliain a bheith riachtanach le haghaidh bunchlaochluithe rialachais.

Dúshláin maidir le cabhair a chur i gcrích

Caitheadh thart ar €2.7bn in 2012 ar ranníocaíochtaí cabhrach déthaobhaí an Aontais Eorpaigh chuig stáit leochaileacha a bhfuil tionchar ag coimhlint orthu. B’ionann an méid sin agus breis agus leath de luach chabhair um fhorbairt an Aontais Eorpaigh (gan cabhair dhaonnúil san áireamh) sa bhliain sin.

Ní beag an dúshlán cláir um chomhar a chur chun feidhme agus cabhair a chur ar fáil i gcásanna leochailteachta agus géarchéime. Mar sin féin, is mian leis an Aontas Eorpach cúnamh a thabhairt go pras solúbtha éifeachtach, ag cinntiú go mbainfear an toradh is fearr amach le hacmhainní an Aontais.