Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

A ndéanann an Coimisiún – buiséad agus maoiniú

Príomhróil an Choimisiúin i réimse an bhuiséid agus an mhaoinithe

Is é an Coimisiún Eorpach a mholann agus a chuireann chun feidhme buiséad an Aontais. Ina theannta sin bainistíonn sé cláir mhaoiniúcháin an Aontais.

Buiséad an Aontais a mholadh

Ar an gCoimisiún Eorpach atá sé de chúram dréachtbhuiséad don Aontas Eorpach ina iomláine a ullmhú agus a mholadh. Ar threoirlínte buiséadacha don bhliain atá le teacht agus ar a bhfuil leagtha síos sa chreat airgeadais ilbhliantúil reatha a bhunaíonn sé an dréachbhuiséad.

Sa chreat airgeadais ilbhliantúil leagtar síos an t-uasmhéid airgid is ceadmhach don Aontas a chaitheamh gach bliain i réimsí polaitiúla éagsúla le linn tréimhse cúig bliana ar a laghad. Tréimhse seacht mbliana a chlúdaíonn an creat airgeadais ilbhliantúil reatha: ó 2021 go 2027. 

Gach bliain, faoin 1 Meán Fómhair, cuireann an Coimisiún an dréachtbhuiséad faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Pharlaimint na hEorpa lena fhaomhadh. I gcomhréir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil, ní foláir an buiséad a shocrú faoin 31 Nollaig gach bliain.

An dóigh a socraítear an buiséad

Buiséad an Aontais a bhainistiú

Ar an gCoimisiún Eorpach thar aon institiúid eile atá sé de chúram buiséad an Aontais a bhainistiú. I dtéarmaí praiticiúla, ámh, is faoi bhainistiú na mBallstát a bhíonn oiread le 80% de chaiteachas buiséadach an Aontais, de réir an chleachtais ar a dtugtar bainistiú comhroinnte, go háirithe i réimsí áirithe amhail talmhaíocht, fás eacnamaíoch, fostaíocht agus cabhair do réigiúin an Aontais.

Tá córas srianta agus ceartúchán i bhfeidhm chun a chinntiú go ndéantar an bainistiú comhroinnte i gceart agus i gcomhréir leis na rialacha.

Tá trí shaghas cur chun feidhme bhuiséadaigh ann, mar atá an saghas díreach (an Coimisiún, toscaireachtaí de chuid an Aontais, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a dhéanann), an saghas indíreach (tríú tíortha/tríú comhlachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a dhéanann) agus an saghas comhroinnte (Ballstáit an Aontais a dhéanann)

Cineálacha bainistíochta ar bhuiséad an Aontais

Cláir mhaoiniúcháin a chur chun feidhme

Is le cláir atá faoi chomhstiúir an Choimisiúin Eorpaigh agus údaráis náisiúnta na mBallstát a bhainistítear thart ar 80% den mhaoiniú a thugann an tAontas.

I gcás gur faoi bhainistiú díreach an Choimisiúin Eorpaigh atá an maoiniú, is trí dheontais a thabhairt agus nós imeachta tairisceana a sheoladh a dhéanann sé an bainistiú. Is é a bhainistíonn buiséid na dtionscadal a bhfuil ranna dá chuid féin ag gabháil dóibh, agus déanann sé sin sa cheannáras atá aige, i dtoscaireachtaí an Aontais agus trí bhíthin gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Aontais.

Tá cláir mhaoiniúcháin áirithe ann agus is trí bhíthin údaráis náisiúnta (bídís laistigh den Aontas nó lasmuigh de), eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí forbartha na mBallstát a chuirtear chun feidhme iad.

Beag beann ar an saghas bainistithe atá i gceist, tá nósanna imeachta trédhearcacha ann lena gcinntítear go gcaitear ar an dóigh chéanna le cách agus go bhfuil an teacht céanna ag cách ar fhaisnéis faoin maoiniú a thugann an tAontas agus faoi na próisis oibre atá aige.

Tuilleadh eolais faoin dóigh a dtugtar maoiniú ón Aontas, faoin dóigh le maoiniú a iarraidh agus faoi na coinníollacha incháilitheachta