Tá an cúigiú Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta foilsithe ag an gCoimisiún ina ndéantar faireachán ar fhorbairtí suntasacha agus ina bhféachtar ar staid an smachta reachta i ngach tír den Aontas Eorpach. Léiríonn an tuarascáil go bhfuil an tAontas i bhfad níos ullmhaithe anois chun dúshláin atá ag teacht chun cinn a bhrath, a chosc agus a chomhrac ná mar a bhí sé 5 bliana ó shin. Ciallaíonn sé sin go bhfuil daonlathais na hEorpa níos athléimní, gur ann d’iontaoibh fhrithpháirteach as an Aontas, go bhfuil an margadh aonair ag feidhmiú mar is ceart agus gur ann do thimpeallacht ghnó lena bhfothaítear iomaíochas agus fás inbhuanaithe.
Gach bliain, cuimsíonn an tuarascáil moltaí nua do thíortha an Aontais. Tá aghaidh tugtha ar 68% de na moltaí a eisíodh 2023, ina n-iomláine nó go páirteach, rud a léiríonn go bhfuil an tuarascáil ina spreagadh ceart le haghaidh athchóirithe dearfacha. Mar sin féin, tá ábhair imní chórasacha fós ann i roinnt Ballstát agus tá cúrsaí tar éis dul in olcas arís.
In eagrán na bliana seo, den chéad uair, tá caibidlí faoin Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia, d’fhonn tacú lena n-iarrachtaí athchóirithe agus a chinntiú go leanfar den obair ar an smacht reachta ar mhaithe le dul chun a dhéanamh i dtreo a mballraíochta san Aontas.
Na príomhthorthaí agus na príomh-mholtaí ó thuarascáil 2024:
- Athchóirithe i réimse an cheartais: Tionscnaíodh athchóirithe tábhachtacha chun neamhspleáchas na mbreithiúna a neartú. Mar sin féin, tá ábhair imní chórasacha fós ann maidir leis an neamhspleáchas breithiúnach agus tugadh faoi deara go bhfuil cásanna áirithe ann ina bhfuil an staid imithe in olcas. Tá gá le coimircí ó thaobh nósanna imeachtaí um cheapachán na mbreithiúna, le neamhspleáchas na seirbhíse ionchúisimh, agus le hacmhainní leordhóthanacha.
- Creataí in aghaidh an éillithe: Is cúis mhór imní i gcónaí é an t-éilliú, ach is fearr is féidir le tíortha an Aontas é a chomhrac anois – tá acmhainní méadaithe acu chun cur le hinniúlacht na seirbhísí forfheidhmithe dlí, na n-údarás ionchúisimh agus na mbreithiúna. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun creataí coisctheacha a neartú agus chun a chinntiú go ndéanfar cásanna éillithe a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach.
- Saoirse agus iolrachas na meán cumarsáide: Rinneadh bearta nithiúla chun sábháilteacht agus timpeallacht oibre na n-iriseoirí a fheabhsú agus leathnaíodh na cúraimí agus na hinniúlachtaí atá ag roinnt rialtóirí náisiúnta na meán. Tá ábhair imní fós ann maidir le rialachas neamhspleách nó cobhsaíocht airgeadais na meán seirbhíse poiblí, maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán, agus maidir leis an gceart rochtain a fháil ar dhoiciméid phoiblí agus leithdháileadh trédhearcach cothrom na fógraíochta stáit. Díríonn na moltaí ar na réimsí sin chun timpeallacht atá saor agus iolrach a chinntiú do na meáin.
- Srianta agus ceartúcháin institiúideacha: Tugadh faoi deara go bhfuil iarrachtaí déanta chun próisis reachtacha a fheabhsú. Mar sin féin, tá dúshláin fós ann, ina measc sin dúshláin a bhaineann le ró-úsáid nósanna imeachta brostaithe, le cáilíocht na reachtóireachta, agus leis na srianta atá ar an tsochaí shibhialta agus ar chosantóirí chearta an duine. Tá sé d’aidhm ag na moltaí próisis reachtacha a neartú agus tacú le feidhmiú na n-údarás neamhspleách.
Is dlúthchuid d’fhéiniúlacht an Aontais é an smacht reachta agus ní mór don smacht reachta a bheith ann chun go mbeidh urraim ann do luachanna eile. De réir an tsuirbhé Eorabharaiméadair Speisialta is déanaí, aontaíonn níos mó ná seachtar as gach deichniúr saoránach den Aontas go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas ó thaobh an smacht reachta a chaomhnú ina dtír féin. Measann beagnach naonúr as gach deichniúr saoránach den Aontas go bhfuil sé tábhachtach go n-urramóidh tíortha uile an Aontais bunluachanna an Aontais Eorpaigh.
Tuilleadh eolais
Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024 – preaseisiúint
Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024
Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024 – Moltaí
Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta 2024 – Caibidlí Tíre
An Timthriall Bliantúil maidir leis an Smacht Reachta – Bileog eolais
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 24 Iúil 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide