Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An straitéis um thomhaltóirí

Fís straitéiseach an Choimisiúin Eorpaigh maidir le beartas tomhaltóirí is ea an clár Eorpach do thomhaltóirí.

An Clár Nua do Thomhaltóirí

An 13 Samhain 2020 ghlac an Coimisiún Eorpach an Clár Nua do Thomhaltóirí, ar creat straitéiseach nuashonraithe foriomlán é i dtaca le beartas tomhaltóirí an Aontais. Tá sé d’aidhm ag an gclár an tAontas Eorpach a chumasú chun gur fearr is féidir leis na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • dul i ngleic leis na dúshláin nua i dtaca le cearta tomhaltóirí agus na deiseanna cumasaithe tomhaltóirí a thagann as an aistriú glas agus as an aistriú digiteach, as paindéim COVID agus as na pleananna téarnaimh tar éis COVID.
  • tomhaltóirí leochaileacha a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí i gcúinsí nua eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 agus ar na hiarmhairtí dóchúla a bheidh ann ina diaidh
  • aghaidh a thabhairt ar thábhacht mhéadaitheach an chomhair idirnáisiúnta agus an fhorfheidhmithe éifeachtaigh chun cearta tomhaltóirí a chinntiú i ré an domhandaithe.

Chun tacú leis an tionscnamh sin, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán oscailte poiblí ar fud an Aontais le linn na tréimhse Meitheamh-Deireadh Fómhair 2020. A bhuí leis an gcomhairliúchán poiblí, fuarthas léargas luachmhar chun an Clár Nua do Thomhaltóirí, a ghlac an Coimisiún Eorpach an 13 Samhain 2020, a chur ar bun agus is féidir féachaint ar thorthaí an chomhairliúcháin sa tuarascáil achoimre.

In 2012 ghlac an Coimisiún Eorpach an clár Eorpach do thomhaltóirí.

Doiciméid

 

13 SAMHAIN 2020
New Consumer Agenda - Factsheet