Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Ionstraimí airgeadais: cothromas, ráthaíochtaí agus iasachtaí

Is trí raon leathan ionstraimí airgeadais a chuirtear maoiniú ón Aontas ar fáil, ar ionstraimí iad a chuirtear chun feidhme i gcomhpháirt le hinstitiúidí poiblí agus príobháideacha. Faoi NextGenerationEU, gheobhaidh an Coimisiún iasachtaí ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais.

Cineálacha ionstraimí airgeadais

Tá roinnt cineálacha éagsúla ionstraimí airgeadais ann:

  • cothromas agus fiachas
  • ráthaíochtaí deontais agus caipiteal fiontair
  • fothú acmhainneachta agus saoráidí roinnte riosca

Mar shampla, tugann sé iasachtaí do ghnólachtaí de gach saghas le go ndéanfar infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht. Ina cheann sin, tugann sé ráthaíochtaí chun gur fusa iasachtaí a fháil ó bhainc agus ó iasachtóirí eile, nó chun gur fearr coinníollacha iasachtaí dá leithéidí. Is féidir leis an Aontas Eorpach féin páirt a ghlacadh i dtionscadal trí bheith ina úinéir ar chodanna de. Is féidir ionstraimí airgeadais a chomhtháthú le deontais freisin.

Cuirtear ionstraimí airgeadais chun feidhme i gcomhpháirt le hinstitiúidí poiblí agus príobháideacha amhail bainc, caipitlithe fiontair nó aingil ghnó. Is iad na hinstitiúidí airgeadais sin a chinneann na coinníollacha airgeadais beachta – méid, fad, rátaí úis agus táillí.

An t-iarratasóir a fhaigheann maoiniú ó ionstraimí airgeadais an Aontais, ní mór dó a cheadú don institiúid airgeadais idirmheánach a dícheall cuí a dhéanamh, seiceálacha ar an toirt agus iniúchtaí san áireamh. Mura gcomhlíontar an méid sin, cuirfear an maoiniú ar ceal nó ní cheadófar é.

Maoiniú faoi bhainistíocht chomhroinnte leis na Ballstáit

Is féidir leis an Aontas ionstraimí airgeadais a sholáthar trí idirghabhálaithe airgeadais sna Ballstáit (bainistíocht chomhroinnte) chun tacú lena chuid beartas agus clár. Is féidir le gnólachtaí nuathionscanta, micrifhiontair agus gnólachtaí níos mó tairbhe a bhaint as an gcineál maoiniúcháin sin.

Rochtain ar mhaoiniú ón Aontas Eorpach

Maoiniú faoi chomhpháirtíocht leis an mBanc Eorpach Infheistíochta

Cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) iasachtaí, ráthaíochtaí, infheistíochtaí cothromais agus seirbhísí comhairliúcháin ar fáil. Tugtar ‘brainse iasachta’ an Aontais Eorpaigh ar BEI freisin, agus oibríonn sé i ndlúthchomhar le hinstitiúidí eile an Aontais chun tacú le beartais an Aontais i mbreis agus 140 tír ar fud an domhain.

Is é an Grúpa BEI freisin atá i gceannas ar 75% den chlár InvestEU a chur chun feidhme, ar clár é a thógann ar shamhail rathúil an Phlean Infheistíochta don Eoraip (Plean Juncker). Tabharfaidh an Clár sin an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus 13 ionstraim airgeadais eile de chuid an Aontais atá ar fáil faoi láthair le chéile san aon áit amháin. Trí ráthaíochtaí a úsáid ó bhuiséad an Aontais chun infheisteoirí eile a thabhairt isteach, méadaíonn Ciste InvestEU acmhainneacht an Aontais chun tacú le hinfheistíochtaí a thuilleadh.

Is cuid den Ghrúpa BEI é an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) agus tacaíonn sé le fiontair bheaga agus mheánmhéide na hEorpa (FBManna) trí chuidiú leo rochtain a fháil ar mhaoiniú. Trí CEI, déanann FBManna a gcuid gníomhaíochtaí trí úsáid a bhaint as a n-acmhainní féin nó as na hacmhainní a chuireann an Banc Eorpach Infheistíochta, an Coimisiún Eorpach, na Ballstáit nó tríú páirtithe eile ar fáil dóibh.

Deiseanna maoiniúcháin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta

Conas rochtain a fháil ar mhaoiniú – idirghabhálaithe airgeadais BEI

Tuilleadh eolais faoin gClár InvestEU

Maoiniú faoi NextGenerationEU

Ionstraim théarnaimh shealadach is ea NextGenerationEU dar luach €806.9 billiún (i bpraghsanna reatha) agus is rud ar leith é faoi bhuiséad an Aontais 2021-2027. Faoi NextGenerationEU, déanann an Coimisiún bainistíocht dhíreach ar na cistí agus is iad na Ballstáit a chuireann chun feidhme iad. Chun na cistí is gá a thiomsú le haghaidh NextGenerationEU, gheobhaidh an Coimisiún iasachtaí ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais.

Is trí chlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a chaithfear an chuid is mó de na cistí ó NextGenerationEU. Cuirfear iasachtaí agus deontais dar luach €723.8 billiún (i bpraghsanna reatha) ar fáil do na Ballstáit maolú a dhéanamh ar thionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim an choróinvíris, sin agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach. Tá na Ballstáit ag obair ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta ionas go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar na cistí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. I ngeall ar a eisceachtúla atá sé, leanfaidh cur chun feidhme RRF nósanna imeachta sonracha. Eisíocfar na cistí go díreach chuig na Ballstáit bunaithe ar an dul chun cinn a bheidh déanta i leith chur chun feidhme an téarnaimh náisiúnta agus na bpleananna athléimneachta.

Is ceart go dtabharfaidh na pleananna aghaidh go héifeachtach ar na dúshláin a shainaithnítear sa Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí tír-shonracha a bheidh glactha ag an gComhairle. Tá eolas maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) ag na Ballstáit ar fáil le haghaidh tagartha.