Bruiséil na Beilge
Parlaimint na hEorpa
Is sa Bhruiséil atá príomhoifigí chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa, agus is ansin atá Parlaimint na hEorpa agus an Parlamentarium
An Chomhairle Eorpach agus Comhairle an Aontais Eorpaigh
Féach leat ionad na gcuairteoirí chun foghlaim faoi obair na Comhairle agus faoin Aontas Eorpach ina iomláine. Socraigh cuairt aonair nó cuairt ghrúpa, nó iarr cur i láthair ar ábhar ar leith.
Tabhair cuairt ar an gComhairle Eorpach agus ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Coiste Eorpach na Réigiún
Cuirtear cuairteanna faisnéise ar bun ina dtugtar buneolas faoin ról atá ag na réigiúin i múnlú reachtaíocht an Aontais.
Tabhair cuairt ar Choiste Eorpach na Réigiún
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Faigh amach faoin ról atá aige i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh.
Tabhair cuairt ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Strasbourg, an Fhrainc
Parlaimint na hEorpa
Is in Strasbourg a bhíonn an chuid is mó de sheisiúin iomlánacha na Parlaiminte, áit a bhfuil an Seomra Tionóil (seomra díospóireachta atá ar dhéanamh crú capaill) agus parlamentarium Simone Veil.
Tabhair cuairt ar Sheomra Tionóil Pharlaimint na hEorpa
Lucsamburg
Parlaimint na hEorpa
Is i Lucsamburg atá codanna den chóras riaracháin, agus is ansin atá an chéad seomra tionóil saincheaptha de chuid Pharlaimint na hEorpa.
Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Freastal ar éisteacht phoiblí sa Chúirt Bhreithiúnais nó sa Chúirt Ghinearálta nó téigh ag féachaint ar na foirgnimh agus na saothair ealaíne in éindí le treoraí.
Tabhair cuairt ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE)
Le linn na gcuairteanna, tugann oifigeach de chuid na Cúirte cur i láthair faoi ról agus feidhmiú na hinstitiúide, agus déantar plé ina dhiaidh sin.
Tabhair cuairt ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa
Frankfurt, an Ghearmáin
An Banc Ceannais Eorpach
Cuirtear sainturais threoraithe ar bun faoi stair an fhoirgnimh, faoina bhailiúchán ealaíne agus faoi ailtireacht an fhoirgnimh.
Tabhair cuairt ar an mBanc Ceannais Eorpach