Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Fhoireann

Ní mór do sheirbhísigh shibhialta a oibríonn don Choimisiún Eorpach agus d'institiúidí eile an Aontais cloí le rialacha áirithe fad is atá siad ag obair leis na hinstitiúidí sin, agus ina dhiaidh sin. 

Rialacha do sheirbhísigh shibhialta an Aontais Eorpaigh

Tá baill na seirbhíse sibhialta Eorpaí faoi réir roinnt ceart agus oibleagáidí lena rialaítear a gcuid gníomhartha agus a n-iompar agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí gairmiúla.

Tá na rialacha sin sna Rialacháin Foirne agus sa Chód um Dhea-iompraíocht Riaracháin, rud atá i gceangal le Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin. Na coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann, cuimsíonn siad bronntanais agus gradaim a fhaightear, gníomhaíochtaí seachtracha le linn do na baill foirne a bheith ag obair don Aontas Eorpach, agus fostaíocht i ndiaidh dóibh scor d'obair an Aontais.

rialacha ar leith ann do na Coimisinéirí Eorpacha.

Gearáin

Is féidir le saoránaigh gearán a dhéanamh má mheasann siad gur sháraigh an Coimisiún Eorpach na prionsabail maidir le seirbhís phoiblí atá leagtha amach sa Chód um Dhea-iompraíocht Riaracháin.

Complaints procedure

Coinbhleachtaí leasa

Tá sé d'oibleagáid ar fhoireann an Aontais Eorpaigh bheith neamhspleách neamhchlaonta oibiachtúil dílis. Aon leas pearsanta nó aon leas in aon ghnólacht nó in aon eagraíocht a d'fheadfadh comhlíonadh na n-oibleagáidí sin a chur i mbaol, ní mór an leas sin a dhearbhú láithreach bonn.

Ní mór faomhadh roimh ré a fháil do ghníomhaíochtaí seachtracha a thagann faoi na rialacha seo, bíodh íocaíocht i gceist leo nó ná bíodh. Ní mór do na baill foirne an institiúid a bhfuil siad ag obair di a chur ar an eolas freisin:

  • má tá a gcéile fostaithe agus an áit a bhfuil sé/sí fostaithe; nó
  • má tá aon leas pearsanta ann a d'fhéadfadh a neamhspleáchas a chur i mbaol, nó má thagann aon choinbhleacht leasa eile i gceist agus a gcuid dualgais á ndéanamh acu.

Bronntanais a fháil

Ní féidir le baill foirne an Aontais Eorpaigh glacadh le bronntanais ó thríú páirtithe nó bheith faoi chomaoin acu gan cead a fháil roimh ré, ach amháin más lú ná €50 luach an bhronntanais agus gan luach carnach os a chionn sin i gceist.

Tar éis an post a fhágáil

Más mian le ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh a institiúid a fhágáil agus post nua a thosú laistigh de 2 bliana, ní mór dó sin a chur in iúl don Choimisiún chun réamhúdarú a fháil.

Má bhaineann an ghníomhaíocht sin leis an obair a rinne siad le linn na 3 bliana deiridh a chaith siad leis an gCoimisiún agus dá bhféadfadh an obair sin a bheith i gcoinbhleacht le leasanna dlisteanacha an Choimisiúin, d'fhéadfadh an Coimisiún é a chosc nó cead a thabhairt dó, faoi réir aon choinníoll riachtanacha.

Tá cosc i bprionsabal ar oifigigh shinsearacha, sna 12 mhí tar éis dóibh imeacht ón tseirbhís, dul i mbun brústocaireachta nó aon chineáil abhcóideachta eile i leith na hinstitiúide ina raibh siad fostaithe maidir le nithe a raibh siad freagrach astu le linn na 3 bliana deiridh ag obair san institiúid sin dóibh.

Documents

13 MEITHEAMH 2023
Occupational activities of former senior officials – annual report - 2023

 

27 IÚIL 2022
Occupational activities of former senior officials – annual report - 2022

 

9 NOLLAIG 2021
Occupational activities of former senior officials – annual report 2021

 

7 MÁRTA 2012
Guidelines on gifts and hospitality for Commission staff

 

21 NOLLAIG 2020
Occupational activities of former senior officials – annual report 2020

 

23 NOLLAIG 2019
Occupational activities of former senior officials – annual report 2019

 

21 NOLLAIG 2018
Occupational activities of former senior officials – annual report 2018

 

22 NOLLAIG 2017
Occupational activities of former senior officials – annual report 2017

 

22 NOLLAIG 2016
Occupational activities of former senior officials – annual report 2016

 

4 NOLLAIG 2015
Occupational activities of former senior officials – annual report 2015

 

8 NOLLAIG 2000
Rules of Procedure of the Commission (Commission Decision C(2000)3614), including the Code of Good Administrative Behaviour for Staff of the European Commission in their Relations with the Public (8 December 2000)

 

1 EANÁIR 2016
Staff Regulations