An Clár Trédhearcachta
Is bunachar sonraí é an clár trédhearcachta ina liostaítear eagraíochtaí a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar reachtóireacht agus ar chur chun feidhme beartas in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sonraítear sa chlár na leasanna atá á gcur chun cinn, iadsan atá ag iarraidh na leasanna sin a chur chun cinn agus na buiséid a chaitear chun na gcríoch sin. Ar an dóigh sin, fágann an clár gur féidir grinnscrúdú poiblí a dhéanamh – tugtar deis do shaoránaigh agus do ghrúpaí leasa eile gníomhaíochtaí stocairí a leanúint.
Is féidir an clár trédhearcachta a chuardach nó eagraíocht a chlárú.
Bíonn gach páirtí a chláraíonn faoi cheangal ag Cód Iompair comhchoiteann.
Cruinnithe le hionadaithe leasa
Mar chuid de thiomantas an Choimisiúin don trédhearcacht, foilsíonn Coimisinéirí, baill a n-oifigí (cabinets) agus na hArd-Stiúrthóirí eolas maidir le cruinnithe arna reáchtáil le heagraíochtaí nó le daoine aonair féinfhostaithe.
Ní féidir cruinnithe a bhaineann le déanamh agus cur chun feidhme beartas san Aontas Eorpach a reáchtáil mura bhfuil na hionadaithe leasa cláraithe i gclár trédhearcachta an Aontais.
Tá na mionsonraí le fáil sna cinntí ón gCoimisiún i mí na Samhna 2014: