20 bliain de bhallraíocht san Aontas Eorpach
Fiche bliain ó shin, d’éirigh ár dteaghlach Eorpach ní ba mhó. An 1 Bealtaine 2004, rinneadh saoránaigh den Aontas Eorpach de shaoránaigh na Cipire, na hEastóine, na Laitvia, na Liotuáine, Mhálta, na Polainne, na Seicia, na Slóivéine, na Slóvaice agus na hUngáire. Thar oíche, rinneadh eintiteas polaitiúil, eacnamaíoch agus cultúrtha níos mó den Aontas, ó Thaillinn go Liospóin, ó Vaileite go Stócólm, ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Niocóis. Tar éis aontachas na Bulgáire, na Rómáine agus na Cróite cúpla bliain ina dhiaidh sin, tá ár nAontas níos láidre fós.
Is díol suntais é luas an athraithe ar fud an Aontais Eorpaigh le fiche bliain anuas. Tá saoirse gluaiseachta ag 450 milliún Eorpach ar fud an Aontais agus é níos mó ná roimhe. Tá cearta agus saoirsí níos láidre ag na saoránaigh. Treisíodh an daonlathas agus an smacht reachta, in ainneoin gur cuireadh féachaint orthu in amanna. Tá méadú tagtha ar na deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí araon.
Conas a d’athraigh sé sin an tAontas?
Leis an méadú mór a tháinig ar an Aontas in 2004, tá sé anois ar cheann de na margaí aonair is mó ar domhan. Tháinig fás agus rathúnas orainn. Le 20 bliain anuas, tógadh bonneagair agus naisc nua-aimseartha ar scála ilchríochach ar fud na 27 mBallstát, a bhuí le hinfheistíochtaí agus cistí ón Aontas. Bhain sochaí na hEorpa tairbhe as tuilleadh nuálaíochtaí, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha, saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine, caighdeáin níos airde agus deiseanna níos fearr.
Chruthaigh an méadú níos mó deiseanna do shaoránaigh ó gach Ballstát ar staidéar agus obair a dhéanamh ar fud an Aontais Eorpaigh. Ó bhí 2004 ann, tá an deis ar dhul ag foghlaim agus ag teagasc thar lear tapaithe ag 2.7 milliún duine sna 10 mBallstát nua. Ag an am céanna, a bhuí leis an gclár Erasmus+, rinne os cionn 600,000 duine óg ó thíortha eile san Aontas staidéar in ollscoileanna na mBallstát nua.
As na 10 mBallstát a tháinig isteach in 2004, tá 9 gcinn ina mball iomlán de limistéar Schengen, an limistéar saorthaistil is mó ar domhan, rud lena ráthaítear taisteal slán éasca. Táthar ag leanúint den obair chun an Chipir a imeascadh a thuilleadh i limistéar Schengen, agus a cúinsí speisialta á gcur san áireamh ag an am céanna.
Ag an am céanna, tá na Ballstáit ag obair i gcomhar le chéile ar bhealach níos éifeachtaí chun an choireacht trasteorann a chur faoi chois le rialacha comhchoiteanna, comhar oibríochtúil agus tacaíocht ón Aontas. Chuidigh an méid sin le gáinneáil ar dhrugaí, sciúradh airgid agus coiriúlacht ar líne a chomhrac, mar shampla.
Le 20 bliain anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an Aontas Eorpach freisin maidir le cearta sóisialta, cosaint sláinte agus comhshaoil, bainistiú dramhaíola, cearta tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí, agus nithe eile nach iad, rud a chuidíonn le feabhas a chur ar cháilíocht saoil na ndaoine ar an iomlán.Ní hamháin gur bhain na 10 dtír a tháinig isteach in 2004 tairbhe as na caighdeáin níos airde sin, ach chuidigh siad freisin chun iad a mhúnlú. Sa lá atá inniu ann, tá an dúlra á chaomhnú ar bhealach níos fearr, tá an t-aer níos glaine sna cathracha, agus tá an príobháideachas á chosaint ar fud an Aontais.
Fíricí agus figiúirí
- Ó bhí 2004 ann, tá páirt glactha ag os cionn 2.7 milliún duine óg ó na 10 mBallstát i gclár Erasmus+.
- Ó tháinig na 10 mBallstát isteach san Aontas, tá méadú déanta acu ar athchúrsáil a ndramhaíola cathrach. Ó 2004 go dtí 2022, thuairiscigh an tSlóvaic, an Liotuáin, an tSlóivéin agus an Laitvia, i measc tíortha eile, méaduithe níos mo ná 40 pointe céatadáin ar a rátaí athchúrsála.
- Le 20 bliain anuas, tá an t-ionchas saoil i mBallstáit mhéadú 2004 tar éis méadú ó 75 bliana go 79 mbliana ar an meán, rud atá níos giorra do mheán AE-27, mar atá 81 bhliain.
- Dóibh siúd a tháinig isteach san Aontas Eorpach 20 bliain ó shin, tá méadú tagtha ar an tsástacht saoil ó 68% in 2004 go 89% in 2024, de réir an Eorabharaiméadair Chaighdeánaigh is déanaí.
Le 20 bliain anuas, in ainneoin go raibh cúlú eacnamaíoch domhanda ann, tá fás 27% tagtha ar gheilleagar an Aontais Eorpaigh. Tá fás eacnamaíoch suntasach tagtha ar na tíortha a tháinig isteach san Aontas seo againne in 2004. Tháinig méadú níos mó ná a dhá oiread ar gheilleagar na Polainne agus geilleagar Mhálta, mar shampla. Tháinig méadú 80% ar an tSlóvaic. Tá geilleagair na mBallstát nua uile ag cóineasú go seasta leis an meán AE-27.
Tháinig fás agus rathúnas freisin ar na tíortha a bhí ina mBallstáit cheana féin tráth an mhéadaithe in 2004. Tá méadú faoi dhó tagtha ar easpórtálacha na Spáinne chuig na 10 dtír le 20 bliain anuas. Ó shin i leith, tá méadú 77% tagtha ar thrádáil earraí na hIodáile leis na tíortha sin. Is mór an fás atá tagtha ar na ceangail trádála idir an Liotuáin agus an tSualainn chomh maith. Laistigh d’achar níos lú ná 20 bliain, tá méadú os cionn 40% tagtha ar an sreabhadh inmheánach earraí laistigh den Aontas.
Agus tá daoine tar éis an fás sin a fheiceáil ina saol. Tháinig méadú faoi dhó ar an bhfíorphá ó 2004 go 2023 sna 10 mBallstát. Agus tá leibhéil na bochtaineachta laghdaithe faoina leath. As na 26 mhilliún post nua a cruthaíodh ar fud an Aontais le 20 bliain anuas, is sna 10 mBallstát nua a cruthaíodh 6 mhilliún acu.
Fíricí agus figiúirí
- Tháinig fás eacnamaíoch inbhuanaithe ar gheilleagair na 10 mBallstát a tháinig isteach san Aontas in 2004: Tháinig meánráta fáis bliantúil Ollioncaim Náisiúnta (OIN) os cionn 8% ar an Eastóin, agus d’fhás an Pholainn, an tSlóvaic, Málta agus an Laitvia níos mó ná 7% ar an meán.
- Tháinig méadú ar mheán-OTI per capita na 10 mBallstát ó 59% den mheán AE-27 in 2004 go 81% in 2022.
- Tá laghdú suntasach tagtha ar leibhéil na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta sna Ballstáit sin, ó 37% in 2005 go 17% in 2020. Tháinig laghdú ar líon na leanaí atá i mbaol bochtaineachta ó 41% go 17% sa tréimhse chéanna.
- Tá méadú beagnach 20 pointe céatadáin tagtha ar sciar na ndaoine idir 25 agus 34 bliana d’aois a bhfuil oideachas treasach acu sna 10 mBallstát ó tháinig siad isteach san Aontas.
- Tá an euro glactha ag seacht gcinn de na 10 mBallstát sin. Is í an tSlóivéin an chéad tír acu a ghlac é in 2007, agus ghlac an Liotuáin é in 2015. Chuir sin ar a gcumas do níos mó gnólachtaí agus saoránach tairbhe iomlán a bhaint as an margadh aonair gan rioscaí rátaí malairte a bheith ann.
Ó ghnó leictreonaice na Polainne go dtí earnáil déantúsaíochta carr na Gearmáine, tá fás tagtha ar earnáil na tionsclaíochta mar gheall ar na barainneachtaí scála a ghabhann leis an margadh aonair méadaithe. Tá rochtain níos fearr faighte ag earnáil tionsclaíochta na hEorpa ar phríomhionchuir amhail amhábhair chriticiúla. Anois is féidir le cuideachtaí copar a fhoinsiú go héasca sa Chipir, cóbalt sa tSeicia, tearc-chré sa Liotuáin agus nicil sa tSlóvaic.
Agus ballraíocht níos leithne san Aontas ann, cruthaíodh deiseanna freisin ar tháirgí agraibhia a dhíol i margadh níos mó, rud a thugann rogha níos fearr de tháirgí ardcháilíochta do shaoránaigh. Chuir na 10 mBallstát nua le héagsúlacht talmhaíochta an Aontais, le traidisiúin feirmeoireachta, barraí, beostoc agus táirgí ardcháilíochta éagsúla. Tá méadú faoi thrí tagtha ar luach na táirgeachta talmhaíochta sna tíortha sin le 20 bliain anuas, os cionn €68 mbilliún.
Fíricí agus figiúirí
- Chuaigh rochtain ar mhargadh aonair níos mó chun tairbhe d’earnálacha tionsclaíochta na hEorpa. Idir 2004 agus 2022, dhúbail an tSlóvaic a táirgeacht miotal bunúsach, agus mhéadaigh an tSeicia a táirgeacht táirgí páipéir níos mó ná a dhá oiread.
- Tríd an gComhbheartas Talmhaíochta, chuidigh an tAontas Eorpach le nuachóiriú na dtionscal talmhaíochta agus bia sna 10 mBallstát.
- Tá níos mó bia agus táirgí ar ardchaighdeán ó gach cearn den Aontas ar fáil do mhuintir na hEorpa. Ó fhíon Gozo go cabáiste coipthe na Slóvaice, cuireadh breis agus 280 táirge ó na 10 dtír le liosta an Aontais de tháirgí a bhfuil ainmniúchán tionscnaimh faoi chosaint acu.
Le 20 bliain anuas, tá infheistíocht shuntasach déanta ag an Aontas i mbonneagair chun áit chónaithe agus oibre níos fearr a dhéanamh den Eoraip – idir mhórbhealaí agus píblínte, iompar poiblí, nascacht, lárionaid sonraí agus bhonneagair thrasteorann.
Tá idirbhealaí iompair na hEorpa leathnaithe agus feabhsaithe, agus nascann siad gach cuid den mhór-roinn. Mar shampla, tá líonra leathnaithe de thraenacha leictrithe ag an tSlóivéin anois, agus chuir infheistíochtaí an Aontais le forbairt línte meitreo san Ungáir freisin. Tá go leor tionscadal eile ar na bacáin – nascfaidh Rail Baltica, mar shampla, na stáit Bhaltacha leis an gcuid eile den Eoraip, agus feabhsóidh sé na naisc idir an Fhionlainn agus tíortha eile san Aontas.
Chuidigh an margadh fuinnimh comhtháite linn – tá eangacha leictreachais idirnasctha idir Málta agus an Iodáil agus naisc gháis a nascann an Danmhairg agus an Pholainn, i measc nithe eile – chun géarchéimeanna a sheasamh, mar shampla nuair a chuir an Rúis stop le seachadtaí gáis. D’oibrigh tíortha an Aontais le chéile chun soláthairtí fuinnimh níos sláine agus níos inbhuanaithe a fhoinsiú, chun an t-aistriú i dtreo fuinneamh glan a spreagadh agus chun ár spleáchas ar bhreoslaí iontaise ón Rúis a laghdú.
Le hinfheistíochtaí suntasacha ón Aontas, cuireadh borradh faoi chumhdach líonraí leathanbhanda ardluais agus rochtain ar an idirlíon ar fud an Aontais. Tá ceannairí digiteacha, amhail an Eastóin, ag cuidiú le ceannródaíocht a dhéanamh ar ríomhsheirbhísí rialtais. I ngach cuid den Eoraip tá rochtain faighte ag na milliúin daoine ar an líonra 5G. Ina theannta sin, tá saoránaigh uile an Aontais níos fearr as ó cuireadh deireadh le táillí fánaíochta, mar gur féidir leo costais bhreise a sheachaint ar ghlaonna nó ar théacsanna a dhéantar agus iad ag taisteal i 27 mBallstát. Agus tá infheistíocht an Aontais ag cuidiú le nascacht agus solúbthacht líonra a fheabhsú a thuilleadh – mar shampla, tríd an mbealach snáthoptaice nua a nascann an tSualainn agus an Fhionlainn leis na tíortha Baltacha.
Sa lá atá inniu ann, táimid ag déanamh dul chun cinn le NextGenerationEU. Is fiú níos mó ná €800 billiún é agus tá na céadta tionscadal á maoiniú leis, ó fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta go traenacha leictreacha, ó sheirbhísí digiteacha den scoth go hionaid leighis ar thús cadhnaíochta, rud a chruthaíonn poist ardcháilíochta i ngach ceann de na 27 mBallstát.
Agus de réir mar a leanann an timpeallacht straitéiseach thart orainn de bheith ag athrú agus de réir mar is gá don Eoraip dlús a chur leis an gcosaint, tá na Ballstáit uile ag glacadh páirt san iarracht – ó thaighde cosanta na hEastóine go forbairt aerárthaí na Sualainne agus táirgeadh armlóin na Polainne.
Fíricí agus figiúirí
- Le tacaíocht ó mhaoiniú bheartas comhtháthaithe an Aontais agus ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, tá líonra iompair na hEorpa athraithe ó bhonn agus méadaithe. Tá méadú faoi thrí tagtha ar fhad na mótarbhealaí sa Pholainn, san Ungáir agus sa tSlóvaic le 20 bliain anuas. Ó bhí 2004 ann, tá méadú 200 km tagtha ar ghréasán iarnróid na Liotuáine.
- Le 20 bliain anuas, d’éirigh leis an Aontas éifeachtúlacht fuinnimh a gheilleagair a fheabhsú. Ar an iomlán, laghdaigh an tAontas déine fuinnimh a gheilleagair beagnach 33%. D’éirigh ní b’fhearr fós leis na 10 mBallstát; laghdaigh siad déine fuinnimh a ngeilleagar níos mó ná 40%.
Le 20 bliain anuas rinneadh an iomad fionnachtana taighde agus nuálaíochtaí cruthaitheacha san Aontas Eorpach, ó thaobh galair a chosc agus ailse a chóireáil, mar shampla. Tháinig go leor acu sin chun cinn sna 10 mBallstát nua, sin nó is toradh iad ar chomhar idir taighdeoirí ó na Ballstáit sheanbhunaithe agus ó na Bhallstáit nua, le tacaíocht airgeadais ón Aontas.
Rinne eolaithe ón Ungáir agus ón bhFrainc dul chun cinn i dtaobh taighde ar an damhna, agus bronnadh Duais Nobel na Fisice orthu as a gcuid oibre. Mar shampla, ón Laitvia go dtí an Spáinn tá comhar níos dlúithe ar siúl ag an lucht léinn chun cur leis an eolas atá againn ar ghéanóim.
Fíricí agus figiúirí
- Tá an tSeicia, an Ungáir, an Iodáil, an Ghearmáin agus tíortha eile ag obair i gcomhar le chéile chun an bonneagar léasair ardchumhachta is mó agus is forbartha ar domhan a thógáil.
Thug na 27 mBallstát cúnamh ríthábhachtach dá chéile in am an ghátair, tráth a bhí siad buailte ag tubaistí ar nós tuilte, dóiteáin foraoise, creathanna talún agus éigeandálaí leighis.
Tá tacaíocht curtha ar fáil ag gach tír san Aontas ar fud na mór-roinne agus níos faide i gcéin trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta le 20 bliain anuas. Tá an iliomad samplaí ann. Chuir cúig Bhallstát cúnamh ar fáil go beo don Ungáir tar éis na dtulcaí in 2010. Le linn shamhradh 2022 tháinig comhraiceoirí dóiteáin ón Ostair i gcabhair ar an tSlóivéin nuair a bhí falscaithe tubaisteacha ann sa tír. Anuraidh tháinig speisialtóirí éigeandála ón tSlóvaic i gcabhair ar an nGréig agus í ag dul i ngleic le falscaithe ollmhóra.
Ón gcéad lá de chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tá Ballstáit an Aontais ag obair le chéile chun tacaíocht a thabhairt do mhuintir na hÚcráine. Chuidigh moil lóistíochta sa Pholainn, sa tSlóvaic agus sa Rómáin chun cabhair a chur ar fáil ó gach cearn den Aontas. Tá cosaint shealadach tugtha ag an Aontas do bhreis agus 4.1 milliún dídeanaí ón Úcráin, agus tá beagnach 1.7 milliún acu á n-óstáil ag na Ballstáit a tháinig isteach san Aontas in 2004.
Fíricí agus figiúirí
- Tá Ballstáit an Aontais ag obair le chéile chun fóirithint éigeandála a chur ar fáil do thíortha eile agus dá chéile, agus iad ag tabhairt freagra ar bhreis agus 700 iarraidh ar chúnamh a rinneadh trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta ó 2004 i leith.
- Le stoc-chairn earraí leighis rescEU atá lonnaithe san Ungáir, sa Pholainn, sa Liotuáin agus sa tSlóivéin, chomh maith le heitleáin comhraic dóiteáin atá réamhshuite sa Chipir agus héileacaptair comhraic dóiteáin atá réamhshuite sa tSeicia, cuireadh ar a chumas don Aontas tacaíocht a chur ar fáil go tapa do gach ceann de na 27 mBallstát.
- Is sa Pholainn atá mol aslonnaithe leighis an Aontais á óstáil d’othair ón Úcráin a bhfuil cóireáil phráinneach de dhíth orthu. Go dtí seo, aistríodh breis agus 3,200 duine chun cúram sláinte speisialaithe a fháil in ospidéil ar fud na hEorpa.
- Tá an Chipir ar thús cadhnaíochta sa chonair mhuirí agus í ag cur cabhair dhaonnúil ar fáil do mhuintir na Palaistíne.
Le 20 bliain anuas tá guth na hEorpa ar an leibhéal domhanda ag éirí níos láidre – bíodh sin chun an domhan a spreagadh le beart a dhéanamh maidir leis an athrú aeráide, chun an phaindéim a chomhrac, nó chun an daonlathas a chur chun cinn.
Le teacht isteach na 10 mBallstát nua, cuireadh leis an gcumhacht eacnamaíoch atá againn ar fud an domhain. Mar gheall ar mhargadh aonair níos mó, is comhpháirtí trádála níos tarraingtí fós é an tAontas Eorpach, rud a chuireann ar ár gcumas deiseanna nua a chruthú thar lear. Ó bhí 2004 ann, tá méadú €3 thrilliún tagtha ar luach na trádála idirnáisiúnta atá ar siúl againn ar fud an domhain – sa chaoi gur bhain sí €5 thrilliún amach in 2023.
I ngeall go bhfuil Aontas níos mó againn, cuireadh le ról na hEorpa mar dheontóir daonnúil ar thús cadhnaíochta chomh maith. Is oibrithe cabhrach ó gach cearn den Aontas – eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid na Polainne, comhpháirtithe daonnúla de chuid na Seicia agus oibrithe cabhrach de chuid na Cipire san áireamh, i measc eagraíochtaí eile – a thugann tacaíocht dhaonnúil Eorpach, bíodh sin san Úcráin, in Gaza nó sa tSúdáin.
Leis an méadú, cuireadh an rathúnas chun cinn, neartaíodh an daonlathas, agus cinntíodh cobhsaíocht ar fud an Aontais. Agus 27 mBallstát ann, is láidre an gníomhaí geopholaitiúil é an tAontas Eorpach anois.
Scéalta ratha
D’éirigh go hiontach leis an méadú. Chuidigh sé leis na Ballstáit an lámh in uachtar a fháil ar dhúshláin Eorpacha agus ar dhúshláin dhomhanda. Cé gur chuir an ghéarchéim airgeadais, paindéim COVID-19, fogha na Rúise faoin Úcráin agus, an fhadhb is déanaí, an cogadh sa Mheánoirthear féachaint ar aontacht an Aontais in amanna, d’éirigh lenár nAontas méadaithe freagairt a oibriú amach agus beart a dhéanamh i gcónaí.
Sa lá atá inniu ann, tá an tAontas níos láidre de bharr na 10 mBallstát a tháinig isteach fiche bliain ó shin. Agus tá gach tír níos fearr as, a bhuí le ballraíocht san Aontas.
Teistiméireachtaí ó shaoránaigh as tíortha a tháinig isteach san Aontas Eorpach 20 bliain ó shin in 2004.
‘An 1 Bealtaine 2004, sin lá nach bhféadfá dearmad a dhéanamh air. Ní hamháin gur toradh ar phróiseas a bhí ann, ach ba é sin an lá a athaontaíodh dhá chuid den Eoraip. Mar ba ghnách le mo mhuintir féin a rá – is féidir leis an Eoraip análú lena dhá scamhóg arís.’
Acmhainní
Na sonraí a úsáideadh san fheachtas ‘20 bliain le chéile’, is ar staitisticí Eurostat atá siad bunaithe, agus ar fhoinsí oifigiúla eolais eile, agus tá siad faoi réir nuashonruithe. Is ón Eorabharaiméadar a glacadh na suirbhéanna dá dtagraítear.