Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

Leasanna an Aontais Eorpaigh a chosaint agus iomaíocht chothrom agus comhar leanúnach i réimsí leasa choitinn a chinntiú

Tugadh An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe i gcrích agus leagtar amach ann socruithe fabhracha i réimsí éagsúla, cuir i gcás trádáil earraí agus seirbhísí, an trádáil dhigiteach, maoin intleachtúil, soláthar poiblí, eitlíocht agus iompar de bhóthar, fuinneamh, iascach, comhordú na slándála sóisialta, forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, comhar téamach agus rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais. Tá forálacha lena gcinntítear go mbeidh cothrom iomaíochta ann agus urraim do chearta bunúsacha mar bhonn taca leis.

Cé nach mbeidh sé ar aon dul leis an leibhéal comhtháthaithe eacnamaíoch a bhí ann nuair a bhí an Ríocht Aontaithe ina Ballstát den Aontas ar bhealach ar bith, téann an Comhaontú Trádála agus Comhair níos faide ná comhaontuithe saorthrádála traidisiúnta agus cuireann sé ar fáil bonn daingean chun ár gcairdeas agus ár gcomhar, atá ann le fada an lá, a chaomhnú.

Síníodh an Comhaontú Trádála agus Comhair an 30 Nollaig 2020, cuireadh chun feidhme é go sealadach ón 1 Eanáir 2021 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

30 AIBREÁN 2021
An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (gach teanga)

Tá na rudaí seo a leanas mar chuid den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe:

Ní clúdaítear an beartas eachtrach, an tslándáil sheachtrach ná an comhar cosanta leis an gComhaontú toisc nár mhian leis an Ríocht Aontaithe an cheist sin a chaibidliú. Ó Eanáir 2021, mar sin, níl aon chreat i bhfeidhm idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach chun freagairtí comhpháirteacha ar dhúshláin bheartais eachtraigh a fhorbairt agus a chomhordú, mar shampla smachtbhannaí a fhorchur ar náisiúnaigh nó ar gheilleagair tríú tíortha.

Sa bhreis air sin, ní chumhdaíonn an Comhaontú Trádála agus Comhair aon chinneadh maidir le coibhéisí i seirbhísí airgeadais, leordhóthanacht chóras cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe, nó measúnú ar chóras sláintíochta agus fíteashláintíochta na Ríochta Aontaithe chun an Ríocht Aontaithe a liostáil mar thríú tír a bhfuil cead aici táirgí bia a easpórtáil chuig an Aontas Eorpach. Dar ndóigh, is cinntí aontaobhacha de chuid an Aontais iad sin agus níl siad faoi réir caibidlíochta.

Comhaontú Saorthrádála

Comhpháirtíocht nua eacnamaíoch agus shóisialta leis an Ríocht Aontaithe

Ní trádáil earraí agus seirbhísí amháin a chlúdaítear leis an gcomhaontú, ach raon leathan réimsí eile a bhaineann le leas an Aontais, amhail infheistíocht, iomaíocht, státchabhair, trédhearcacht cánach, aeriompar agus an iompar de bhóthar, fuinneamh agus inbhuanaitheacht, iascach, cosaint sonraí, agus comhordú na slándála sóisialta.

  • Déantar foráil sa chomhaontú maidir le taraifí nialais agus cuótaí nialais ar na hearraí ar fad a chomhlíonann na rialacha iomchuí tionscnaimh.
  • Thug an dá pháirtí gealltanas láidir maidir le cothrom iomaíochta a chinntiú trí ardleibhéil chosanta a choinneáil i réimsí amhail cosaint an chomhshaoil, an troid i gcoinne an athraithe aeráide agus na praghsála carbóin, cearta sóisialta agus saothair, trédhearcacht cánach agus státchabhair, agus forfheidhmiú éifeachtach a chur i bhfeidhm sa bhaile, mar aon le sásra ceangailteach réiteach díospóidí agus an deis a bheith ag an dá pháirtí bearta leighis a ghlacadh.
  • Tháinig an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ar chreat nua maidir le comhbhainistiú ar stoic éisc in uiscí an Aontais agus na Ríochta Aontaithe. Féadfaidh an Ríocht Aontaithe gníomhaíochtaí iascaireachta na Breataine a fhorbairt tuilleadh agus cosnófar san am céanna gníomhaíochtaí agus slite beatha pobal iascaireachta Eorpach, agus caomhnófar na hacmhainní nádúrtha.
  • Maidir le hiompar, déantar foráil sa chomhaontú maidir le nascacht leanúnach inbhuanaithe aeir, bóthair, iarnróid agus mhuirí, cé gur lú an rochtain ar an margadh ná mar a bhíonn le fáil ón Margadh Aonair. Áirítear ann forálacha lena chinntiú go mbeidh cothrom iomaíochta idir oibreoirí an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe, ionas nach mbainfear an bonn de chearta paisinéirí, cearta oibrithe ná de shábháilteacht iompair.
  • Maidir le fuinneamh, déantar foráil sa chomhaontú maidir le múnla nua trádála agus idirnascachta, agus beidh ráthaíochtaí ann maidir le hiomaíocht oscailte agus chothrom – caighdeáin sábháilteachta le haghaidh i dtaca le cúrsaí eischósta, agus táirgeadh fuinneamh in-athnuaite san áireamh.
  • Maidir le comhordú na slándála sóisialta, is é is aidhm don chomhaontú roinnt ceart de chuid shaoránaigh an Aontais Eorpaigh agus náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe a chinntiú. Baineann sé seo le saoránaigh an Aontais atá ag obair sa Ríocht Aontaithe nó atá ag taisteal chuici nó ag aistriú chuici agus le náisiúnaigh de chuid na Ríochta Aontaithe atá ag obair san Aontas nó ag taisteal chuige nó ag aistriú chuige tar éis an 1 Eanáir 2021.
  • Ar deireadh, leis an gcomhaontú ceadófar rannpháirtíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe i roinnt clár suaitheanta de chuid an Aontais don tréimhse 2021-2027 (faoi réir ranníocaíocht airgeadais ón Ríocht Aontaithe le buiséad an Aontais), amhail Fís Eorpach.

Tuilleadh eolais:

Comhpháirtíocht nua ar son shlándáil ár saoránach

Leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, bunaítear creat nua le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus an chomhair breithiúnaigh in ábhar a bhaineann leis an dlí coiriúil agus leis an dlí sibhialta. Aithnítear ann an gá atá le comhar láidir idir na húdaráis náisiúnta phóilíneachta agus bhreithiúnacha, go háirithe chun coireacht trasteorann agus sceimhlitheoireacht a chomhrac agus a ionchúiseamh.

Cruthaítear leis cumas oibríochtúil nua, ag cur san áireamh nach mbeidh na háiseanna céanna ag an Ríocht Aontaithe, mar thír nach ball de chuid an Aontais í atá lasmuigh de limistéar Schengen, agus a bhí ann roimhe seo. Is féidir an comhar slándála a chur ar fionraí i gcás ina sáróidh an Ríocht Aontaithe an tiomantas a thug sí go gcloífeadh sí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus lena fhorfheidhmiú náisiúnta.

Comhaontú cothrománach maidir le Rialachas

Creat a sheasann don tástáil ama

Chun an oiread agus is féidir den deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus do shaoránaigh, tugtar soiléireacht i gcaibidil ar leith maidir le rialachas ar an gcaoi a ndéanfar an Comhaontú Trádála agus Comhair a oibriú agus a rialú. Bunaítear leis freisin Comhairle Comhpháirtíochta a chinnteoidh go ndéanfar an Comhaontú a chur i bhfeidhm agus a léirmhíniú mar is ceart, agus ina ndéanfar na saincheisteanna uile a thagann chun cinn a phlé.

Cinnteofar le sásraí ceangailteacha forfheidhmiúcháin agus réitigh díospóidí go n-urramófar cearta gnólachtaí, tomhaltóirí agus daoine aonair. Ciallaíonn sé sin go mbeidh cothrom iomaíochta idir gnólachtaí san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe, agus seachnóidh sé go mbeadh ceachtar páirtí ag úsáid a neamhspleáchais rialála chun fóirdheontais éagóracha a dheonú nó an iomaíocht a shaobhadh. Foráiltear leis an gcomhaontú go bhféadfar bearta athchothromaithe, feabhais, comhionannaithe agus cosanta a ghlacadh.

Is féidir leis an dá pháirtí tabhairt faoi fhrithbheartaíocht thras-earnálach i gcás sáruithe ar an gComhaontú Trádála agus Comhair. Baineann an fhrithbheartaíocht tras-earnála seo le gach réimse den chomhpháirtíocht eacnamaíoch. Tá feidhm ag forálacha sonracha maidir le fionraí i gcás comhar i dtaca le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach sa chás go sáraíonn aon Pháirtí na dualgais atá orthu.

Glao ar iarratais: gníomhaíochtaí um réiteach díospóide faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe

22 EANÁIR 2021
Slides on Governance and Enforcement in the EU-UK Trade and Cooperation Agreement

Grúpa Comhairleach Baile an Aontais Eorpaigh faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (EESC)

Gearáin

Tá sé ríthábhachtach monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair leis an Ríocht Aontaithe chun a chinntiú gur féidir le saoránaigh agus gnólachtaí den Aontas lántairbhe a bhaint as. An bhfuil gearán agat maidir leis an gcaoi a bhfuil an Ríocht Aontaithe ag cur an Comhaontú chun feidhme? Má fhreagraíonn tú cúpla ceist shimplí, beimid in ann do ghearán a chur faoi bhráid na seirbhíse iomchuí den Choimisiún.

Gearán a dhéanamh

Má tá gearán agat maidir leis an gcaoi a bhfuil Ballstát den Aontas ag cur chun feidhme an Chomhaontaithe, bain úsáid as an bhfoirm ghearáin i dtaca le sárú ar dhlí an Aontais.

Ábhar do na meáin

29 NOLLAIG 2020
AN CAIDREAMH AE-RA: Athruithe móra i gcomparáid leis na buntáistí a bhaineann le ballraíocht san Aontas - SEICLIOSTA
24 NOLLAIG 2020
An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe Caidreamh nua, agus athruithe móra ann