Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta12 Nollaig 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Cuirfear leis an trédhearcacht le bearta nua chun an daonlathas Eorpach a chosaint

A young participant in the EU-LAC Forum raising her hand before speaking

 

I sochaithe daonlathacha oscailte, is féidir le gach duine é féin a chur in iúl, páirt iomlán a ghlacadh, agus leas a bhaint as na cearta agus na saoirsí atá aige. Ach tá naimhde ag an daonlathas san Eoraip chomh maith. Tá roinnt daoine tar éis iarracht a dhéanamh teacht i dtír ar an deighilt shochaíoch agus mí-eolas a scaipeadh d’fhonn guth daonlathach na saoránach a lagú nó chun cor a chur i bhfeachtais toghcháin.

Chuige sin, tá an Coimisiún tar éis bearta nua a chur chun cinn chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cinnte a dhéanamh de thrédhearcacht na hionadaíochta leasa eachtraigh a fhéachann le tionchar a imirt ar an bpróiseas cinnteoireachta san Aontas, trí chaighdeáin chomhchoiteanna chuntasachta agus clár Trédhearcachta a bhunú le haghaidh eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí ionadaíochta leasa thar ceann tríú tíortha
  • próisis thoghchánacha san Aontas a neartú, tacú le rátaí arda vótálaithe, agus cosaint a thabhairt do bhonneagar agus cibearshlándáil a bhaineann leis an toghchánaíocht
  • cinnte a dhéanamh de go bhféadfaidh saoránaigh agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirt a ghlacadh sa cheapadh beartais trí thíortha an Aontais a spreagadh le cur chuige níos seasmhaí agus níos eagraithe a fhorbairt maidir leis an rannpháirtíocht shibhialta

Tá méadú ag teacht ar an imní atá ann san Aontas gur féidir le rialtais eachtracha teacht i dtír ar oscailteacht ár sochaithe. I suirbhé a rinneadh le déanaí san Aontas, d’aontaigh 81% de na freagróirí gur fadhb thromchúiseach í cur isteach eachtrach ar ár gcórais dhaonlathacha. Ag an am céanna, ní mór dúinn leanúint de bhealaí a aimsiú chun ár gcórais dhaonlathacha a dhéanamh níos athléimní trí rannpháirtíocht ghníomhach a spreagadh iontu.

Cuireann an pacáiste nua seo leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach a glacadh in 2020. Gníomhaíocht bhreise thábhachtach is ea é chun córais dhaonlathacha ar fud an Aontais a neartú roimh thoghcháin Eorpacha 2024.

Tuilleadh eolais

An daonlathas a chosaint

Bileog eolais faoi na tograí maidir le Cosaint an Daonlathais

Preaseisiúint: Cosaint an Daonlathais – Molann an Coimisiún go dtabharfaí tionchar eachtrach ceilte chun solais

Ceisteanna agus freagraí: Cosaint an Daonlathais

Suirbhé Eorabharaiméadair maidir leis an daonlathas

Sonraí

Dáta foilsithe
12 Nollaig 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide