Bainfidh oiliúnaithe ar fud an Aontais tairbhe as tréimhsí oiliúna ar chaighdeán níos fearr a bhuí le tograí nua ón gCoimisiún. Cuirfidh siad feabhas ar dhálaí oibre na n-oiliúnaithe agus cuirfidh siad na dálaí sin i bhfeidhm, agus cinnteoidh siad gur féidir le gach duine tréimhse oiliúna a dhéanamh, beag beann ar a gcúlra socheacnamaíoch nó ar a míchumas, tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- feabhas a chur ar ábhar foghlama
- pá cothrom a chinntiú
- cuidiú le hoiliúnaithe a gcearta saothair a éileamh
- rochtain ar chosaint shóisialta leordhóthanach a mholadh
- dul i ngleic le poist rialta atá á gceilt mar thréimhsí oiliúna
- bealaí a chruthú chun míchleachtas agus drochdhálaí oibre a thuairisciú
- rochtain chomhionann ar dheiseanna oiliúna a chur chun cinn
- obair hibrideach agus cianobair a cheadú
- gairmthreoir agus meantóireacht a thairiscint
- gach cineál tréimhse oiliúna a chumhdach
Leagtar amach i gcreat an Aontais atá ann faoi láthair maidir le tréimhsí oiliúna 21 phrionsabal cáilíochta chun foghlaim agus dálaí oibre ardcháilíochta a chinntiú. Áirítear orthu sin fógraí folúntais soiléire, comhaontuithe tréimhsí oiliúna i scríbhinn, cuspóirí foghlama atá sainithe go soiléir, agus eolas trédhearcach maidir le luach saothair agus cosaint shóisialta. Leis na rialacha nua, treiseofar an creat sin atá ann cheana a luaithe a ghlacfar é, mar a d’iarr an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus Parlaimint na hEorpa.
Is bealach tábhachtach iad tréimhsí oiliúna chun taithí phraiticiúil a fháil, chun scileanna nua a fhoghlaim nó chun post a fháil. I gcás fostóirí, meallann tréimhsí oiliúna daoine, cuirtear oiliúint orthu a bhuí leo, agus coinnítear iad le haghaidh post ansin. Léiríodh i suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh le déanaí go ndearna 78% d’Eorpaigh óga tréimhse oiliúna amháin ar a laghad, agus go bhfuair 68% díobh post ina dhiaidh sin. Íocadh níos mó ná leath de na hintéirneachtaí sin agus bhí rochtain iomlán nó páirteach ag 61% de na freagróirí ar chosaint shóisialta.
Tuilleadh eolais
Tréimhsí oiliúna san Aontas Eorpach
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 20 Márta 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide