I mí an Mheithimh na bliana seo iarradh ar mhuintir na hEorpa a vóta a úsáid agus a n-ionadaithe a thoghadh i bParlaimint na hEorpa. Ba é sin an daonlathas i mbun gnímh, ach ní hé sin an t-aon bhealach amháin ar féidir leis na saoránaigh den Aontas a dtuairimí a chur in iúl agus tionchar a bheith acu ar chruthú dhlíthe an Aontais. Tá uirlisí eile ann freisin, agus úsáidtear iad sin chun deis a thabhairt don phobal i gcoitinne beartais an Aontais a chomhchruthú gach lá, ní hamháin gach cúig bliana.
Is féidir leat cabhrú chun tograí nua a thosú. Más mian leat go ndéanfadh an tAontas beart i leith saincheist áirithe, is féidir leat tionscnamh ó na saoránaigh a sheoladh chun iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht nua de chuid an Aontais a mholadh maidir leis an tsaincheist sin. Dhá cheann de na tionscnaimh is déanaí a chláraigh an Coimisiún, is le dúnadh feirmeacha ainmhithe agus lipéadú bia a bhaineann siad. Is féidir leat achainí a chur isteach freisin chun iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa ceist a fhiosrú a dhéanann difear duit, nó gearán a dhéanamh faoin gcaoi a bhfuil dlí de chuid an Aontais á chur i bhfeidhm.
Tá na Painéil Saoránach Eorpach ann chomh maith. Tagann saoránaigh a roghnaíodh go randamach as gach ceann de na 27 mBallstát le chéile ar na painéil chun plé a dhéanamh ar an leibhéal Eorpach maidir leis na príomhthograí a bheidh ann amach anseo agus a dhéanfaidh difear dúinn go léir. Bunaithe ar an bplé, déanann na saoránaigh moltaí don Choimisiún Eorpach lena meas, agus beartais agus tionscnaimh á sainiú aige.
Os a choinne sin, is spás tiomnaithe é Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach chun páirt a ghlacadh sa díospóireacht maidir le beartais an Aontais a dhéanann difear dúinn go léir. Is féidir le daoine páirt a ghlacadh trí aighneachtaí a phostáil nó trí bharúil a thabhairt faoi aighneachtaí ó dhaoine eile, sin nó iad a fhormhuiniú.
Is féidir leat clárú freisin ar an tairseach ‘Cloisimis Uait’ agus do thuairimí a chomhroinnt maidir le tionscnaimh de chuid an Choimisiúin. Ar an gcaoi sin is féidir leat cabhrú leis an obair ullmhúcháin ar reachtaíocht an Aontais a mhionchoigeartú ag céimeanna éagsúla den phróiseas. Is iondúil go mbíonn tréimhse 4 seachtaine ann inar féidir aiseolas a thabhairt ar threochláir, ar dhréachtghníomhartha, ar thograí agus ar ghníomhartha atá glactha.
Tuilleadh eolais
An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 25 Iúil 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide