![Two paddle boarders are visible on a lake behind some trees](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/public/2024-05/Lake-CR.jpg?itok=3sZoUo4H)
Agus tú ag ullmhú do laethanta teo an tsamhraidh amach romhainn, beidh áthas ort a fháil amach gur chomhlíon formhór mór na láithreacha uisce snámha san Eoraip - 85.4% - na caighdeáin cáilíochta snámha ‘sármhaith’ is déine an Aontais in 2023. Sin de réir na tuarascála bliantúla maidir le hUisce Snámha a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil inniu in éineacht leis an gCoimisiún.
Trí mhonatóireacht a dhéanamh ar bhaictéir a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le breoiteacht thromchúiseach i ndaoine, díríonn an tuarascáil ar shábháilteacht le haghaidh snámha seachas ar cháilíocht uisce i gcoitinne. Cé gur chomhlíon formhór mór na n-uiscí snámha na caighdeáin cáilíochta snámha is airde, chomhlíon beagnach gach ceann acu a sainaithníodh go hoifigiúil - 96 % - na híoschaighdeáin cháilíochta ar a laghad. Ní raibh ach 1.5% díobh ‘dona’ - 321 as an 22,081 láthair snámha - rud a chiallaíonn go bhfuarthas amach go raibh rioscaí sláinte ag baint leo do shnámhaithe.
Mar sin féin, cé go bhfuil dea-bhail ar fhormhór uiscí snámha na hEorpa ó thaobh na baictéareolaíochta de, tá truailliú uisce dromchla agus screamhuisce suntasach i gcónaí agus, i ngeall ar an athrú aeráide, d’fhéadfaidís dul in olcas. Beidh sé ríthábhachtach feabhas a chur ar athléimneacht uisce do dhaoine agus don chomhshaol sna blianta amach romhainn.
Chuidigh an Treoir maidir le hUisce Snámha le feabhas a chur ar cháilíocht uisce ó tugadh isteach í in 2006, agus tá sí ar cheann de roinnt píosaí de dhlí an Aontais lena gcosnaítear uisce. Is é is aidhm do reachtaíocht uisce an Aontais a chinntiú go mbeidh rochtain ag gach Eorpach ar uisce leordhóthanach ar ardchaighdeán, agus dea-stádas na ndobharlach uile ar fud na hEorpa a ráthú. Is í an Treoir Réime maidir le hUisce an chuid lárnach den togra agus, ó 2000 i leith, is í an príomhdhlí maidir le cosaint uisce san Aontas í.
Tuilleadh eolais
Rialacha an Aontais maidir le cáilíocht an uisce snámha
Rialacha an Aontais maidir le huisce
Preaseisiúint: Uiscí snámha na hEorpa sábháilte i gcónaí
An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil: Cáilíocht an uisce snámha
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 28 Bealtaine 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide