Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta24 Samhain 2023Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Éileamh déanta ag an Aontas go gcuirfear deireadh le foréigean in aghaidh na mban

Woman stands with back to camera against a background of pictures of women

 

Gach bliain san Eoraip maraíonn páirtí nó ball teaghlaigh breis agus 3,000 bean, agus déantar dochar don iliomad ban eile, sin nó déantar ciapadh orthu. Is bagairt é an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní do leath an chine dhaonna, ar líne agus as líne araon. Bíonn tionchar aige ar gach bean agus is iomaí cineál a bhíonn ann, foréigean fisiciúil, gnéasach nó síceolaíoch, chomh maith le mí-úsáid agus teacht i dtír eacnamaíoch ina measc.  

  • Bean amháin as gach triúr san Aontas agus ar fud an domhain araon, tá foréigean fisiciúil nó gnéasach fulaingthe acu uair amháin ar a laghad le linn a saoil.
  • Beirt bhan ar a laghad in aghaidh na seachtaine san Aontas, maraíonn páirtí dlúthchaidrimh nó ball teaghlaigh iad.
  • 32% de dhéantóirí an ghnéaschiaptha san Aontas, is de chúlra dífhostaithe iad. 

Ní mór deireadh a chur leis sin láithreach. An 25 Samhain gach bliain, déanann an tAontas comóradh ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan chun a thiomantas a athnuachan i leith deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní san Aontas agus níos faide i gcéin. Gairm ar ghníomhaíocht is ea é chun seasamh i ndlúthpháirtíocht le híospartaigh agus le marthanóirí.

Tríd an reachtaíocht, bearta praiticiúla agus tacaíocht airgeadais, tugann an tAontas cosaint do mhná agus do leanaí ar fhoréigean inscnebhunaithe agus ar fhoréigean teaghlaigh. In 2022 ghlac an Coimisiún togra maidir leis an gcéad dlí uile-Aontais chun an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chomhrac. Is é is aidhm don togra a chinntiú go ndéanfar coir as na cineálacha is tromchúisí foréigin in aghaidh na mban ar fud an Aontais, cuir i gcás éigniú, ciorrú ball giniúna ban agus cibearfhoréigean inscnebhunaithe, cibearstalcaireacht agus comhroinnt neamhthoiliúil íomhánna dlúthphearsanta ina measc. Aontachas an Aontais le Coinbhinsiún Iostanbúl in 2023, is cloch mhíle thábhachtach eile é sin chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban. Léiríonn sé go soiléir go bhfuilimid tiomanta dlús a chur le gníomhaíochtaí i gcoinne foréigean inscnebhunaithe ar fud na 27 mBallstát.

Ní féidir glacadh leis an bhforéigean in aghaidh na mban. Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta i gcónaí sochaí a thógáil ina ndéanfar foréigean in aghaidh na mban a chosc, a cháineadh agus a ionchúiseamh nuair a tharlaíonn sé.

Tuilleadh eolais 

Deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe 

Straitéis an Aontais maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025

Togra le haghaidh Treoir maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac 

Coinbhinsiún Iostanbúl: Línte cabhrach san Eoraip  

Ráiteas ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí/Leas-Uachtarán roimh an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan (an 25 Samhain 2023)  

Maoiniú do thionscadail agus d’eagraíochtaí chun dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe 

Acmhainní na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne maidir le foréigean inscnebhunaithe 

Eurostat: Sonraí maidir le foréigean inscnebhunaithe 

Sonraí

Dáta foilsithe
24 Samhain 2023
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide