Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Faighteoirí agus torthaí chabhair an Aontais Eorpaigh

Faighteoirí, próisis agus torthaí chabhair idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh.

Forbhreathnú

Tá an tAontas Eorpach, ina iomláine, ar an deontóir is mó cabhrach idirnáisiúnta ar domhan. Soláthraíonn sé breis is €50 billiún in aghaidh na bliana chun cuidiú le díothú na bochtaineachta agus chun an fhorbairt dhomhanda a chur chun cinn. Tá sé tiomanta na comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le éifeachtacht cabhrach a chur chun feidhme agus bheith cuntasach os comhair na ndaoine sin nach mbeadh aon tionscnamh dlúthpháirtíochta indéanta dá n-uireasa, is é sin saoránaigh an Aontais.

EU Aid Explorer

Uirlis ghréasáin uathúil is ea EU Aid Explorer a chuireann sonraí soiléire iomlána cruinne ar fáil faoin gcabhair forbartha agus dhaonnúil a thugann an tAontas Eorpach ar fud an domhain. Baintear úsáid as léarscáileanna agus as graif chun a léiriú cá bhfuil na deontóirí ag gníomhú, cé mhéad cúnaimh a fhaigheann earnálacha agus tíortha áirithe agus cén t-athrú a thagann ar an gcistiú le himeacht ama. 

EDRIS

Bunachar sonraí is ea EDRIS (an Córas Eorpach don Fhreagairt ar Éigeandálaí agus ar Thubaistí) ina bhfuil mioneolas faoi mhaoiniú cabhrach. Is é an Coimisiún Eorpach a bhainistíonn é, agus nuashonraíonn Ballstáit an Aontais go díreach é.

An córas trédhearcachta airgeadais

Is éard atá sa Chóras Trédhearcachta Airgeadais bunachar sonraí ina bhfuil ainmneacha na dtairbhithe a fuair maoiniú ón gCoimisiún, de réir bliana. Ní fhoilsítear ann ach ainmneacha iad siúd a fuair maoiniú ó chistí de chuid an Aontais atá faoi bhainistiú an Choimisiún, agus ón gCiste Eorpach Forbraíochta.