Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An tSeirbhís Prótacail

Fáilte go dtí Seirbhís Prótacail an Choimisiúin Eorpaigh

Fáilte go dtí an Prótacal

Is é ról na Seirbhíse Prótacail teagmhálacha taidhleoireachta ardleibhéil a éascú idir an Coimisiún agus na Ballstáit nó tríú stáit. Agus le hinstitiúidí eile agus eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Oibríonn an tSeirbhís Prótacail le ranna eile chun feabhas a chur ar an íomhá dhearfach atá údaráis na mBallstát agus údaráis tríú stáit den Choimisiún Eorpach, sin agus an íomhá dhearfach atá ag institiúidí, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus an pobal trí chéile den Choimisiún, d’fhonn cuidiú chun cuspóirí foriomlána an Choimisiúin a bhaint amach.

Is uirlis é an Prótacal chun comhthéacs fabhrach a mhúnlú le haghaidh na cinnteoireachta polaitiúla. Aoi a mhothaíonn gur cuireadh fáilte roimhe, is mó seans go mbeidh ról táirgiúil ag an duine sin san idirbheartaíocht ian bhfuil sé páirteach.

Is é príomhchúram an Phrótacail teacht ar réitigh réasúnacha loighciúla ar chásanna a thiocfaidh chun cinn gan amhras, bíodh siad tuartha nó ná bíodh. Mar sin féin, d’fhonn a bheith solúbtha nuair is gá, ní mór a bheith ar an eolas faoi na rialacha a mbeadh feidhm acu de ghnáth.

Nua-aimseartha, inoiriúnaithe agus feidhmiúil, sin iad tréithe Spiorad an Phrótacail sa Choimisiún Eorpach. Is gá an iomad cultúr agus traidisiún náisiúnta a chur san áireamh nuair atáthar ag plé le prótacal “Eorpach”, rud a chiallaíonn go gceaptar prótacal níos neamhfhoirmeálta agus níos srianta ná mar a bheifí ag súil leis de ghnáth.

Sa Choimisiún Eorpach, tá an tSeirbhís Prótacail suite san Ard-Rúnaíocht agus is í Pernilla Sjölin atá ina Ceann Gníomhach ar an bPrótacal.

Teagmháil a dhéanamh le foireann na Seirbhíse Prótacail

 

Cad é an Prótacal?

Déantar cur síos coitianta ar an bPrótacal mar shraith rialacha cúirtéise a nglactar leo agus a aithnítear
go hidirnáisiúnta. Is rialacha, próisis, nósmhaireachtaí agus searmanais iad atá seanbhunaithe agus á gcleachtadh le fada
agus a cuireadh ar bun le go mbeidh sé níos éasca do náisiúin agus do dhaoine maireachtáil agus oibriú le chéile.
Is féidir an Prótacal a mheas freisin mar an cód nós imeachta nó iompraíochta a bhfuil glacadh leis nó atá i réim
in aon ghrúpa, eagraíocht nó cás.
Is ón bhfocal Gréigise ‘protokollan’ (an chéad ghliú) a thagann an téarma prótacal. Baineann sé sin
leis an am a ghliúáiltí leathanach do thosach doiciméid chun é a chaomhnú nuair a séalaíodh é, rud
a thug barántúlacht bhreise dó. I dtosach ama, bhain an téarma prótacal le foirmeacha
éagsúla teagmhála a bhí á gcleachtadh sa chomhfhreagras oifigiúil idir stáit, foirmeacha a bhí
ilchasta go maith go minic. Le himeacht aimsire, áfach, tháinig raon i bhfad níos leithne caidrimh idirnáisiúnta i gceist
leis an téarma.
Sa Choimisiún Eorpach, tá an tSeirbhís Prótacail suite san Ard-Rúnaíocht agus
is í Pernilla Sjölin atá ina Ceann Gníomhach ar an bPrótacal i láthair na huaire. Is é ról na Seirbhíse teagmhálacha taidhleoireachta ardleibhéil a éascú
idir an Coimisiún agus na Ballstáit nó tríú stáit.
Tá caidrimh thaidhleoireachta ag an Aontas Eorpach leis an 192 Bhallstát de na Náisiúin Aontaithe,
lena n-áirítear na 27 mBallstát den Aontas Eorpach agus an Suí Naofa. Ina theannta sin tá Cinn Toscaireachta chreidiúnaithe aige
ar Oileáin Cook agus Niue, mar aon le hionadaíochtaí sa Bhruach Thiar agus Gaza, sa Nua-Chaladóin
sa Téaváin, in Hong Cong agus sa Chosaiv.
Oibríonn an tSeirbhís Prótacail le ranna eile chun feabhas a chur ar an íomhá dhearfach
atá údaráis na mBallstát, ag údaráis tríú stáit agus ag an bpobal trí chéile den Choimisiún Eorpach,
agus ar an dóigh sin cuidiú chun cuspóirí foriomlána an Choimisiúin a bhaint amach. A bheith
nua-aimseartha, inoiriúnaithe agus feidhmiúil, sin iad tréithe Spiorad an Phrótacail sa Choimisiún Eorpach.
Is gá an iomad cultúr agus traidisiún náisiúnta a chur san áireamh nuair atáthar ag plé le
prótacal “Eorpach”, rud a chiallaíonn go gceaptar prótacal níos neamhfhoirmeálta agus níos srianta ná mar a bheifí ag súil leis de ghnáth.

Doiciméid

 

20 EANÁIR 2022
The Vienna Convention