Eolas faoin Aontas Slándála Eorpach
Is é is aidhm don Aontas Slándála Eorpach an méid seo a leanas a dhéanamh:
- deimhin a dhéanamh de go léiríonn beartas slándála an Aontais na bagairtí atá ag teacht chun cinn agus ag síorathrú
- athléimneacht fhadtéarmach inbhuanaithe a chothú
- dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí an Aontais, rialtais, an earnáil phríobháideach agus daoine aonair mar chuid de chur chuige cuimsitheach ón tsochaí ina hiomláine
- na réimsí beartais uile a bhfuil tionchar díreach acu ar an tslándáil a thabhairt le chéile.
Tá tionchar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine le brath ar shlándáil inmheánach an Aontais. Tá cur chuige an chúigiú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn an Aontais Slándála éagsúil leis an gcur chuige a bhí ann roimhe seo agus is é is aidhm di forléargas ‘lár téarma’ a thabhairt ar chur chun feidhme na Straitéise, béim a leagan ar a bhfuil bainte amach agus ar a bhfuil le déanamh fós faoi dheireadh an tsainordaithe.
Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála
Tá Straitéis nua an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach chun gach duine san Aontas a chosaint agus chun ár ndóigh bheatha Eorpach a chur chun cinn. Clúdaítear leis an straitéis an tréimhse ó 2020 go dtí 2025 agus díríonn sí ar na réimsí tosaíochta inar féidir leis an Aontas tacú leis na Ballstáit slándáil a chothú ar mhaithe le gach duine ar a bhfuil cónaí san Eoraip, agus ár luachanna agus ár bprionsabail Eorpacha a urramú ag an am céanna.
Cuireann an Coimisiún Eorpach tuarascálacha ar dhul chun cinn i láthair go rialta maidir le cur chun feidhme Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála:
- Cuireadh an cúigiú tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair an 13 Nollaig 2022
- Cuireadh an ceathrú tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair an 25 Bealtaine 2022
- Cuireadh an tríú tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair an 8 Nollaig 2021
- Cuireadh an dara tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair an 23 Meitheamh 2021
- Cuireadh an chéad tuarascáil ar dhul chun cinn i láthair an 9 Nollaig 2020
4 cholún na straitéise
Leagtar amach sa straitéis na huirlisí agus na bearta atá le forbairt sna cúig bliana amach romhainn chun an tslándáil a chinntiú inár dtimpeallachtaí fisiciúla agus digiteacha. Tá ceithre thosaíocht straitéiseacha ann le haghaidh gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus is mór an leas a bhainfidh an straitéis as obair ghníomhaireachtaí an Aontais.
Progress reports
The security threat landscape has dramatically changed in a new context marked by uncertainties and rapidly evolving developments linked to the Russian war of aggression against Ukraine.
The European Commission regularly presents progress reports on the implementation of the EU Security Union Strategy. Reports include an overview of actions taken on all Security Union strands and demonstrate that the EU is able to adapt, even in the face of exceptional and unexpected threats.
- The fifth progress report was presented on 13 December 2022
- The fourth progress report was presented on 25 May 2022
- The third progress report was presented on 8 December 2021
- The second progress report was presented on 23 June 2021
- The first progress report was presented on 9 December 2020
Cúlra
Cuireadh coincheap an Aontais Slándála chun tosaigh den chéad uair sa Teachtaireacht ‘An Bealach a réiteach ionsar Aontas Slándála éifeachtach fíor’ ón gCoimisiún Eorpach in 2016.
Is ar Chlár Oibre Eorpach 2015 maidir leis an tSlándáil a bunaíodh an coincheap sin. Moladh ann cur chuige nua bunaithe ar fhreagracht chomhroinnte idir an tAontas Eorpach agus Ballstáit an Aontais. Chun an próiseas a stiúradh, cuireadh tús le sainchúram tiomnaithe, is é sin Coimisinéir an Aontais Slándála, i mí Mheán Fómhair 2016 agus, chun cabhrú leis, bunaíodh tascfhórsa a bhainfeadh leas as saineolas an Choimisiúin Eorpaigh ar fad.
In 2019 cuireadh an sainchúram sin ar an Leas-Uachtarán um ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn.