Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Dul i ngleic le bagairtí a bhíonn ag síorathrú

Visual banner security

Tá an chibearchoireacht ag dul i méid agus de réir a chéile tá níos mó leasa á bhaint ag coirpigh as forbairtí teicneolaíochta ar mhaithe lena gcuspóirí féin. Cabhraíonn an tAontas Eorpach leis na Ballstáit na huirlisí cearta a thabhairt dá n-údaráis forfheidhmithe dlí ionas go mbeidh siad in ann coirpigh a bhrath agus an dlí a chur orthu.

Tá an tírdhreach slándála san Eoraip an-luaineach faoi láthair, rud a léirítear go soiléir leis na bagairtí a bhíonn ag síorathrú. Is a bhuí leis an domhandú, an tsaorghluaiseacht agus an claochlú digiteach atá rathúnas agus saol níos éasca againn, agus is iad atá ag spreagadh na nuálaíochta agus an fháis. Tagann rioscaí bunúsacha in éineacht leis na tairbhí sin áfach, cuir i gcás

  • méadú ar bhogearraí mailíseacha agus ar ghoid sonraí
  • insíothlú na gcógas leighis góchumtha agus falsaithe isteach i slabhra soláthair dlisteanach na cógaisíochta
  • ardú méadaitheach ar líon an ábhair ar líne a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí

Tiocfaidh idir rioscaí nua agus tairbhí nua den mhéadú atá ag teacht ar idirlíon na rudaí nithiúla agus ar úsáid na hintleachta saorga.

Tá gá le beart praiticiúil chun dul i ngleic le bagairtí ar shaoránaigh, ar nós na sceimhlitheoireachta, an antoisceachais nó na mí-úsáide gnéasaí leanaí, faoi chreat lena gcinntítear go n-urramófar ár gcearta bunúsacha. Ina thaobh sin, is príomhthosaíocht é cosc a chur le leathadh ábhair mhídhleathaigh ar líne.

Bagairtí hibrideacha a chomhrac, is é sin ceann de na dúshláin is casta atá roimh an Aontas agus a Bhallstáit. Tá réimse leathan beart curtha ar bun ag an Aontas chun feasacht staide a fheabhsú, chun athléimneacht a threisiú i ngach earnáil chriticiúil agus chun foráil a dhéanamh maidir le freagairt agus téarnamh leordhóthanach i gcás géarchéime agus chun dul i gcomhar le tíortha agus le heagraíochtaí atá ar aon intinn leo. Cuirtear san áireamh sna tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn an dul chun cinn atá déanta maidir le bagairtí hibrideacha a chomhrac.

An chibearchoireacht

Forfheidhmiú dlí an lae inniu