Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Saoránaigh na hEorpa a chosaint ar sceimhlitheoireacht agus ar choireacht eagraithe

Visual banner security

Tá bagairt mhór fós ag baint leis an sceimhlitheoireacht san Aontas Eorpach. Tá méadú ag teacht ar an gcoireacht eagraithe agus bíonn sí ag feidhmiú thar theorainneacha níos mó agus níos mó anois. Cabhraíonn an tAontas agus a chuid Gníomhaireachtaí leis na Ballstáit dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe trí uirlisí nua a chur ar fáil dóibh ar mhaithe le forfheidhmiú éifeachtach an dlí.

Is féidir leis an radacú deighilt a chruthú idir daoine agus an bonn a bhaint den chomhtháthú sóisialta. Ní mór don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit leanúint de chosc a chur leis na modhanna gníomhaíochta atá ag sceimhlitheoirí, trí srian a chur leis an rochtain atá acu ar na nithe seo a leanas

  • airm thine
  • pléascáin
  • ábhar ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach
  • maoiniú

Tá gá le bearta chun tacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne an radacaithe, mar shampla an Clár Oibre Frithsceimhlitheoireachta nua le haghaidh an Aontais Eorpaigh a cuireadh i bhfeidhm agus na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Líonra um Fheasacht ar an Radacú.

Meastar go gcailleann an geilleagar idir €218 mbilliún agus €282 bhilliún in aghaidh na bliana de bharr na coireachta eagraithe agus an éillithe. Níos mó agus níos mó anois, bíonn an choireacht eagraithe á feidhmiú thar theorainneacha, i ngarchomharsanacht an Aontais féin san áireamh.

Bearta a ghlactar ar leibhéal an Aontais chun tacú leis na Ballstáit sa chomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, is gá leanúint leo agus iad a fheabhsú. I measc na mbeart sin tá an obair a dhéanann Europol agus Eurojust i ndlúthchomhar leis na Ballstáit.

Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhrac in aghaidh na nithe seo a leanas

  • drugaí
  • gáinneáil ar airm thine mhídhleathacha
  • gáinneáil ar dhaoine
  • coireacht chomhshaoil
  • gáinneáil ar earraí cultúrtha
  • coireanna eacnamaíocha agus airgeadais

An radacú a chomhrac agus a chosc