Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Mí Eorpach na hÉagsúlachta 2021

Léiríonn Ardán an Aontais Eorpaigh do Chairteacha um an Éagsúlacht tiomantas fadtéarmach an Choimisiúin Eorpaigh do láithreacha oibre éagsúla agus do shochaithe cuimsitheacha.

Official Dalli Portrait

"Let’s all take a bolder stand for diversity and act about it. Let’s show our commitment to equality and this May 2021 celebrate the European Diversity Month together. With more diverse workplaces, we will create a fairer and more equal Europe for all."

Helena Dalli, EU Commissioner for Equality
Official Dalli Portrait

“Glacaimis go léir seasamh níos daingne ar son na héagsúlachta agus déanaimis beart ina leith. Léirímis go bhfuilimid tiomanta don éagsúlacht, agus i mí na Bealtaine 2021 déanaimis ceiliúradh ar Mhí Éagsúlachta na hEorpa le chéile. Agus níos mó éagsúlachta againn sna láithreacha oibre, cruthóimid Eoraip atá níos córa agus níos cothroime do chách.”

Helena Dalli, Coimisinéir an Aontais um Chomhionannas

Le Mí Eorpach na hÉagsúlachta, méadaítear an fheasacht ar thábhacht na héagsúlachta agus an chuimsithe inár láithreacha oibre agus sa tsochaí ar fud an Aontais uile.

Lena linn, déantar ceiliúradh ar na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag eagraíochtaí an éagsúlacht agus foirne ilchineálacha a chur chun cinn sna láithreacha oibre agus timpeallachtaí oibre cuimsitheacha a chruthú.

Iarraimid ar gach eagraíocht san Eoraip, bíodh Cairt Éagsúlachta sínithe acu nó ná bíodh, seasamh a ghlacadh ar son na héagsúlachta agus beart a dhéanamh ina leith. 

Cad chuige Mí Eorpach na hÉagsúlachta?

Tá an Coimisiún Eorpach tiomanta le fada an lá do chur chun cinn na héagsúlachta agus an chuimsithe, agus don idirdhealú a chomhrac trí bhíthin na reachtaíochta. Chuidigh an méid sin linn an comhionannas a bhaint amach agus chuir sé ar chumas na milliún daoine a lánacmhainneacht a bhaint amach freisin. Mar sin féin, ní mór dúinn go léir – institiúidí poiblí, cuideachtaí príobháideacha, eagraíochtaí neamhbhrabúis, cathracha srl. – a bheith ag obair le chéile chun timpeallachtaí cothroma agus cuimsitheacha a fhorbairt. Anois le linn phaindéim COVID-19, tá sé sin níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh, agus an éagsúlacht agus an cuimsiú i mbaol.

An raibh a fhios agat go gcreideann níos mó ná duine amháin as gach beirt Eorpach (59%) go bhfuil an t-idirdhealú mar gheall ar bhunús eitneach an duine forleathan sa phobal? Deir duine amháin as gach triúr de bhunús na hAfraice go bhfuil ciapadh ciníoch déanta orthu le cúig bliana anuas. Cé go bhfuil níos mó ná 70 bliain imithe thart ó tharla an tUileloscadh, tá an frithsheimíteachas forleathan ag cur isteach ar dhaoine Giúdacha i ngach réimse den saol san Aontas Eorpach. 

Ar an gcúis sin, leagfar béim bhreise le linn Mhí Eorpach na hÉagsúlachta 2021 ar an éagsúlacht eitneach lehócáid seolta ardleibhéil leis an gCoimisinéir Dalli an 4 Bealtaine 2021. Iarraimid freisin ar eagraíochtaí an t-ábhar seo a chur ar a gclár oibre éagsúlachta.

Conas páirt a ghlacadh

Féadfaidh tú ceardlanna fíorúla nó hibrideacha ardaithe feasachta a eagrú d’fhostaithe, cruinnithe comhchéime le saineolaithe a eagrú, leabhar cócaireachta éagsúlachta a fhoilsiú, feachtas a reáchtáil ar na meáin shóisialta, dul i gcomhar le heagraíocht neamhbhrabúis nó le saorálaí – bain leas as do chuid cruthaitheachta agus aird á tarraingt agat ar an éagsúlacht i d’eagraíocht in ainneoin na paindéime domhanda.

An bhfuil inspioráid á lorg agat? Féach ár dtreoir dea-chleachtais ina bhfuil raon leathan smaointe nó téigh i dteagmháil le do Chairt Éagsúlachta náisiúnta.

Is mian linn cloisteáil uait freisin, mar sin déan cinnte de d’imeacht nó do ghníomhaíocht a chur in iúl dúinn trína chlárú anseo.

Cairteacha Éagsúlachta

Tá 26 Chairt Éagsúlachta curtha ar bun san Eoraip ó bhí 2004 ann. Cuireann siad tacaíocht ar fáil agus cuireann siad dea-chleachtais chun cinn i dtaca le bainistiú na héagsúlachta sna mílte cuideachtaí ilnáisiúnta, FBManna, eagraíochtaí poiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis is mó le rá. Clúdaíonn an tArdán Eorpach do Chairteacha Éagsúlachta anois 26 Chairt Éagsúlachta náisiúnta, a dhéanann ionadaíocht ar níos mó ná 12,000 eagraíocht sínithe agus níos mó ná 16 mhilliún fostaí.

Acmhainní

Documents

[node:161662:view-mode:teaser]

4 BEALTAINE 2021
European Diversity Month 2021 Factsheet