![Participation of Ursula von der Leyen, President of the European Commission, in the Brussels European Council](/sites/default/files/styles/oe_theme_medium_no_crop/avportal/P-059751/00-22.jpg?itok=3_ihhEaH)
Cuidíonn iriseoireacht neamhspleách, agus í bunaithe ar fhíricí, lenár ndaonlathas a chosaint trí sholas a chaitheamh ar éagóracha, ceannairí a thabhairt chun cuntais agus ligean do shaoránaigh cinntí feasacha a dhéanamh. Iriseoirí a bhíonn ag obair i mbaol mór pearsanta uaireanta, ba cheart go mbeadh siad in ann oibriú gan bhac agus go sábháilte. Tá an méid sin i gcroílár luachanna agus dhaonlathais an Aontais. An tseachtain seo, tiocfaidh dhá phíosa reachtaíochta de chuid an Aontais i bhfeidhm lena gcinnteofar cosaint níos fearr d’iriseoirí agus lena dtacófar a thuilleadh le saoirse na meán:
- Ón 6 Bealtaine 2024 i leith, beidh feidhm ag rialacha nua i gcoinne Cásanna Dlí Straitéiseacha i gCoinne Rannpháirtíocht an Phobail (SLAPPanna), lena gcuirfear uirlisí ar fáil d’iriseoirí agus do chosantóirí chearta an duine chun dul i ngleic le himeachtaí cúirte atá mí-úsáideach.
- An 7 Bealtaine 2024, tiocfaidh an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán i bhfeidhm. Tacaíonn sé le neamhspleáchas eagarthóireachta agus iolrachas na meán, feabhsaíonn sé trédhearcacht agus cothroime, agus cuireann sé comhar níos fearr chun cinn idir údaráis na meán trí Bhord Eorpach nua um Sheirbhísí Meán.
Tá na tionscnaimh sin mar chuid de straitéis Eorpach do na meáin, iad ag tógáil ar an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach agus ar an bPlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc. Léirítear i staidéar a rinneadh le déanaí freisin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag tíortha an Aontais i dtaca leis an Moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí a chur chun feidhme. Cuideoidh na rialacha nua lena chinntiú gur féidir le hiriseoirí a gcuid oibre a dhéanamh i dtimpeallacht shláintiúil meán.
Tuilleadh eolais
An Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán
Na meáin agus an cultúr digiteach
An Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach
An Plean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc
Staidéar ar bhearta chun sábháilteacht iriseoirí a fheabhsú
Físéan maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna)
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 7 Bealtaine 2024
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide