“Bhí an cine daonra ag gluaiseacht riamh anall. Ach tá an smuglaeireacht níos brabúsaí agus níos marfaí sa lá atá inniu ann ná mar a bhí sí riamh roimhe Soghluaisteacht an duine, is cuid den saol í. Ach níor cheart go mbeadh smuigleáil na n-imirceach ina cuid den saol sin. Is féidir an ceann is fearr a fháil uirthi. Teastaíonn toil pholaitiúil chuige. Ní neart go cur le chéile.”
Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen
Gach bliain, cailltear na mílte duine mar gheall ar smuigleáil na n-imirceach. Chun dul i ngleic leis an ngníomhaíocht mharfach choiriúil seo, sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Dhomhanda chun cur i gcoinne Smuigleáil na nImirceach. Díreoidh an Chomhghuaillíocht sin ar an imirce neamhrialta a chosc, ar fhreagairt uirthi agus ar roghanna malartacha uirthi, lena n-áirítear aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus bealaí dleathacha a éascú.
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin rialacha an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun smuigleáil na n-imirceach a chosc agus a chomhrac ar na bealaí seo a leanas:
- na rialacha i dtíortha an Aontais a chomhchuibhiú tuilleadh, coir a dhéanamh as éascú teacht isteach neamhúdaraithe, idirthuras neamhúdaraithe agus fanacht neamhúdaraithe náisiúnach nach náisiúnaigh den Aontas iad, agus na pionóis a ghearrtar ar smuigléirí a mhéadú
- ról Europol, gníomhaireacht forfheidhmithe dlí an Aontais, a threisiú sa chomhrac i gcoinne smuigleáil na n-imirceach trí na hacmhainní airgeadais agus daonna atá ar fáil dó a mhéadú
Mar gheall ar ghéarchéimeanna ar fud an domhain, tá smuigleáil choiriúil na n-imearcach isteach san Aontas, a mheallann daoine éadóchasacha agus gan ach bréaga á n-insint acu, ag dul i méid. Na heagraíochtaí coiriúla a úsáideann bealaí talún, mara agus aeir, is iondúil go gcuireann siad na céadta duine ar bháid bheaga, agus iad ag taisteal ar muir. Mar thoradh air sin, tá 28,000 duine ann ar bádh nó atá ar iarraidh sa Mheánmhuir ó 2014 i leith. Ní mór deireadh a chur le bás daoine.
Tuilleadh eolais
An Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann
Bileog eolais maidir le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne smuigleáil na n-imirceach
Sonraí
- Dáta foilsithe
- 28 Samhain 2023
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide