Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Alt nuachta19 Meitheamh 2024Ard-Stiúrthóireacht na CumarsáideAm léitheoireachta: 2 nóiméad

Buiséad an Aontais: tosaíochtaí 2025 na hEorpa a mhaoiniú

Euro with miniature figurines

 

Mhol an Coimisiún buiséad bliantúil de bheagnach €200 billiún don Aontas le haghaidh 2025, méid a bheidh treisithe le €72 bhilliún a thiomsófar faoin bplean téarnaimh iar-COVID, NextGenerationEU. Tá sé ceaptha tosaíochtaí an Aontais a mhaoiniú agus cuidiú chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh an togra ón gCoimisiún a phlé agus a ghlacadh. 

An méid atá i gceist le buiséad an Aontais

Cuireann buiséad an Aontais ar chumas na mBallstát níos mó a bhaint amach i dteannta a chéile ná mar a d’fhéadfaidís astu féin, mar shampla trí thionscadail bhonneagair a mhaoiniú nó trí fhreagairt ar ghéarchéimeanna. Trí acmhainní a chomhthiomsú, seasamh le chéile agus cabhrú le tíortha uile an Aontais, lena saoránaigh agus níos faide i gcéin, neartaíonn buiséad an Aontais geilleagar agus seasamh geopholaitiúil na hEorpa.

Leagtar amach i mbuiséad fadtéarmach an Aontais na tosaíochtaí agus na teorainneacha caiteachais le haghaidh roinnt blianta. Gach bliain, déantar buiséad bliantúil a chaibidliú agus a ghlacadh laistigh de na teorainneacha sin. 

Maoinítear buiséad an Aontais go príomha ó chion d’ollioncam náisiúnta gach Ballstáit, ó dhleachtanna custaim ar iompórtálacha ó lasmuigh den Aontas, ó chuid bheag de CBL a bhailíonn gach tír den Aontas, agus ó ranníocaíocht atá bunaithe ar an méid dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte i ngach tír den Aontas.

An áit a dtéann an t-airgead 

Caithfear cistí ó bhuiséad 2025 áit ar féidir leo an difear is mó a dhéanamh, bunaithe ar riachtanais thíortha an Aontais agus chomhpháirtithe an Aontais ar fud an domhain. Cothóidh an t-airgead an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, cruthóidh sé poist, maoineoidh sé tacaíocht an Aontais don Úcráin, agus cuideoidh sé chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin imirce agus ar an ngéarchéim sa Mheánoirthear. Cuirfidh sé borradh freisin faoinár gcumas freagairt ar thubaistí nádúrtha agus maoineoidh sé tacaíocht le haghaidh príomhtheicneolaíochtaí criticiúla. Ina theannta sin, maoineofar leis an mbuiséad gach tionscadal agus beartas de chuid an Aontais atá ar siúl faoi láthair i réimsí na talmhaíochta, na forbartha réigiúnaí, an taighde agus na nuálaíochta, an ghníomhaithe ar son na haeráide, na cosanta, na sláinte, na slándála, an bhonneagair satailíte agus go leor eile.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint maidir le dréachtbhuiséad bliantúil 2025

Buiséad bliantúil an Aontais do 2025

Na buntáistí le buiséad an Aontais

An chaoi a nglactar buiséad an Aontais a ghlacadh, a chaitheamh agus a mhaoiniú

Cistí téarnaimh i do thír nó réigiún

NextGenerationEU

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Meitheamh 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide