Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Tá an Coimisiún tiomanta dlí an Aontais Eorpaigh a shimpliú agus costais neamhriachtanacha a laghdú mar chuid dá chlár um oiriúnacht agus feidhmíocht rialála (REFIT). Tá sé tábhachtach a chinntiú go leanfaidh reachtaíocht an Aontais, agus na cuspóirí a bhaineann léi, de bheith ábhartha, i bhfianaise na dtreochtaí agus na ndúshlán nua, ar nós an digitithe. Ba cheart saoránaigh agus gnólachtaí, fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, a bheith in ann an leas is mó is féidir a bhaint as dlíthe an Aontais. Chun tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin ina leith sin, cuireadh grúpa ardleibhéil saineolaithe ar bun, is é sin an tArdán “Réidh don Todhchaí (F4F)”, a bhainfidh úsáid as an taithí a fuarthas le hArdán REFIT.

Is é Leas-Uachtarán an Choimisiúin um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht, Maroš Šefčovič, atá ina chathaoirleach ar an Ardán. Díreoidh obair an Ardáin ar na hábhair a bhfuil béim leagtha orthu sa chlár oibre bliantúil. I gcás gach ábhair, baileoidh an tArdán sonraí, fianaise agus ionchur maidir leis an bhféidearthacht i dtaca le simpliú agus laghdú a dhéanamh ar na costais neamhriachtanacha a bhaineann le dlíthe sonracha an Aontais, gan an bonn a bhaint de ghnóthú a gcuspóirí. Ina dhiaidh sin eiseoidh an tArdán tuairimí ina gcuirfear san áireamh deiseanna digitithe agus an dlús reachtach.

Ar bhaill an Ardáin nua beidh ionadaithe ó údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát, ó Choiste na Réigiún, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus páirtithe leasmhara a dhéanann ionadaíocht do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tabharfaidh an Líonra Toscairí FBManna ionchur agus beidh ionadaíocht aige ag cruinnithe iomlánacha an Ardáin.